Written answer
An Ghaeltacht
The Minister said the Gaeltacht Act 2012 establishes 26 language-planning areas and gives him no authority to expand Gaeltacht boundaries.
52. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an bhfuil sé ar an eolas faoin moladh atá déanta ag comhairleoirí contae i gCiarraí maidir le teorainneacha na Gaeltachta a leathnú sa gcontae sin, agus an bhfuil sé i gceist aige breathnú ar an gceist. [73000/26]
Comment on this
Tugtar feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga in Acht na Gaeltachta 2012, áit a leagtar síos an próiseas faoina bhféadfaidh pobail i gceantair Ghaeltachta aitheantas a bhaint amach mar Limistéir Pleanála Teanga.
Faoin Acht seo, agus faoin bpróiseas pleanála teanga, tá an Ghaeltacht roinnte i 26 Limistéar Pleanála Teanga. Is féidir liom a dheimhniú nach bhfuil cead ag an Aire, faoin Acht, teorainneacha na Gaeltachta a leathnú.