We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Summary

The Minister said draft language standards are undergoing final internal review, with consultation expected to begin shortly; dates for Gaeltacht offices to operate through Irish will also be announced soon. Existing language schemes remain in force until bodies are brought under the standards, which cannot reduce previously promised Irish-language services.

39. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil na caighdeáin teanga foilsithe agus dáta roghnaithe faoina mbeidh oifigí stáit sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge mar a bhí geallta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus an nglacann sé leis go bhfuil sárú ar fhorálacha na reachtaíochta sin dá réir. [73001/26]

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Tá córas na gCaighdeán Teanga ar cheann de na forbairtí is mó maidir le polasaí teanga atá beartaithe do na blianta amach romhainn. Tá dréacht den chéad bhabhta de na Caighdeáin ullmhaithe ag mo Roinn agus táthar i mbun próiseas scrúdaithe deiridh inmheánach orthu faoi láthair. Agus an méid sin curtha i gcrích, mar a leagtar síos faoi Alt 19A(6) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 arna leasú, cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin céimnithe le tuairimí faoi na Caighdeáin seo a bhailiú, tríd an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Poiblí mar chéad chéim. Tá súil agam fógra a dhéanamh roimh dheireadh na míosa seo maidir le tús an phróisis comhairliúcháin seo.

Cuirfidh an próiseas comhairliúcháin seo, agus an mionscagadh a dhéanfar ar na Caighdeáin, treoir agus stiúir luachmhar ar fáil do mo Roinn maidir leis an leagan críochnúil de na Caighdeáin a ullmhú le forordú.

Idir an dá linn, tugann an Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026 - 2028 léargas ar na réimsí ard-leibhéal a bheidh le clúdach ag na Caighdeáin. Tá roinnt mhaith den ábhar a bheas clúdaithe sna Caighdeáin Teanga áirithe sa Phlean Gníomhaíochta ar bhonn níos leithne chomh maith agus tá molta do chomhlachtaí gníomhú ar na gníomhartha éagsúla atá leagtha amach ansin idir an dá linn, go háirithe mar a bhaineann le bunú struchtúir a chuideoidh leo le cur i bhfeidhm an mhéid seo amach anseo.

Beidh na Caighdeáin ag tógáil freisin ar ghealltanais a tugadh roimhe seo faoi réir chóras na scéimeanna teanga. Is fiú a nótáil go mbeidh na scéimeanna teanga fós i bhfeidhm go dtí go mbeidh comhlachtaí poiblí forordaithe chun críche na gCaighdeán, rud ar éirigh liom a shoiléiriú trí leasú a rinne mé ar an mbun-Acht trí achtú an Achta um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2026 níos luaithe i mbliana. Ní féidir le Caighdeáin Teanga leibhéal níos lú seirbhíse trí Ghaeilge a fhorordú ná mar a bhí geallta roimhe seo faoi scéim teanga ach an oiread.

Is fiú a aithint go bhfuil na Caighdeáin mar chuid amháin d’éiceachóras foriomlán teanga a bhfuiltear ag iarraidh a fhorbairt faoin Acht. Táim ag súil leis na dátaí faoina mbeidh na hoifigí Gaeltachta le feidhmiú trí Ghaeilge agus seirbhísí Gaeltachta le bheith ar fáil trí Ghaeilge a fhógairt go luath freisin. Cothóidh an beart seo muinín phobal na Gaeltachta in úsáid na n-oifigí agus na seirbhísí poiblí úd sin trí Ghaeilge de réir a chéile, sa chás nach bhfuiltear á n-úsáid cheana féin, dar ndóigh. Déanfar an sprioc seo a chomhlánú i gcomhthéacs na gCaighdeán Teanga chomh maith, le treoir agus soiléireacht le tabhairt sna Caighdeáin a chuideoidh le feidhmiú na sprice seo.

Agus muid anois ag lárphointe an tionscnaimh naoi mbliana seo, is cinnte go bhfuil go leor déanta agus go leor eile le teacht. Cinnteoidh na struchtúir atá bunaithe agus an obair atá déanta go dtí seo go mbeidh rath ar an obair amach romhainn agus go gcruthófar éiceachóras leis an teanga a neadú mar chuid de ghníomhaíochtaí laethúla gnó an Stáit.

Comment on this