We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Summary

The Minister said work is under way to ensure public bodies’ systems can correctly record Irish names and the síneadh fada, with bodies expected to be prescribed under section 9A soon and given support and time to comply. He saw scope to achieve some aims of the 2026 Bill once that framework is in place, but did not commit to supporting it.

40. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta cén fáth nach bhfuil comhlachtaí poiblí forordaithe go fóill ionas go mbeidh siad in ann glacadh le síneadh fada in ainm an duine, de réir a gcuid cumhachta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, agus an bhfuil sé sásta tacú leis an mBille um Ainm agus Seoladh Gaeilge an Duine (Síneadh Fada), 2026. [73003/26]

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Faoin bPlean um Sheirbhísí Poiblí Digiteacha 2030, tá sé i gceist go mbeidh 100% de na príomhsheirbhísí poiblí ar líne faoi 2030 agus go mbeidh 90% de na seirbhísí sin á n-úsáid ar líne. Sa chomhthéacs sin, tá mo Roinn ag obair go dlúth le heagraíochtaí eile leis an nGaeilge a neadú isteach sna forbairtí teicneolaíochta seo agus tá aidhmeanna maidir le seirbhísí digiteacha Gaeilge a bheith ar fáil don phobal lárnach in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus sa Phlean Náisiúnta agus Plean Gníomhaíochta a eascraíonn uaidh. Tá cur i bhfeidhm Alt 9A den Acht, a chuirfidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, lena n-áirítear úsáid an tsínte fhada, lárnach sna haidhmeanna seo. Áirítear leis an bhforáil seo freisin a chinntiú go bhfuil córais TFC a úsáideann comhlachtaí poiblí in ann glacadh leis an méid sin.

Tá réimse gníomhaíochtaí agus forbairtí ar bun agus beartaithe a dhéanfaidh difríocht mhór do chaighdeán na seirbhísí digiteacha atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge agus do mhuinín an phobail sna seirbhísí sin. Mar chuid den obair seo, tá Grúpa Oibre Teicniúil, le hionadaíocht leathan ó eagraíochtaí poiblí éagsúla, bunaithe ón mbliain seo caite le haghaidh a thabhairt go háirithe ar chroí-sheirbhísí poiblí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge, agus ar Alt 9A agus Alt 9B den Acht a chur i bhfeidhm.

Tá bunshraith láidir leagtha síos anois don obair eile atá le teacht faoin Acht agus tá mé ag súil le roinnt fógraí a dhéanamh ina leith go luath – forordú comhlachtaí poiblí chuig Alt 9A den Acht san áireamh.

Agus comhlachtaí poiblí forordaithe chun críche Alt 9A, beidh an Grúpa Oibre Teicniúil mar cheannródaithe ó thaobh neadú na riachtanais teicniúla Ghaeilge isteach i bhforbairtí teicneolaíochta éagsúla laistigh dá n-eagraíochtaí féin chomh maith le dea-chleachtas a roinnt i measc ionadaithe eile an ghrúpa oibre agus go deimhin leis an tseirbhís phoiblí níos leithne. Sa chás go bhfuil gá córas a chur in oiriúint, tabharfar tréimhse do na comhlachtaí poiblí comhlíontacht leis an bhforáil a bhaint amach tar éis dóibh a bheith forordaithe, agus tabharfar tacaíocht dóibh ina leith seo.

Maidir leis an mBille um Ainm agus Seoladh Gaeilge an Duine (Síneadh Fada), 2026, mar a mhínigh mé don Teachta cheana, feictear dom go bhfuil féidearthachtaí ann roinnt de na nithe atá luaite ann a bhaint amach ach an bunstruchtúr a bheith tógtha ar dtús le forordú na gcomhlachtaí poiblí faoi Alt 9A d'Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Comment on this