Written answer
Budget 2027
TG4’s 2027 public funding will remain at €65.4 million, its highest allocation to date, though unchanged from this year; the Minister cited recent funding increases and the Government’s commitment to adequate funding. A proposed system would assess funding needs every three years under the Media Freedom Act, while TG4 and RTÉ are still considering a cost-effective plan to give TG4 greater editorial control of news.
155. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt an bhfuil sé i gceist aige maoiniú a bheidh leordhóthanach, inmharthana agus intuartha a chinntiú do TG4 de réir an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán, an féidir amchlár a leagan amach faoina mbeidh an méid sin curtha i bhfeidhm agus faoina mbeidh ceannaireacht eagarthóireachta ag TG4 ar a sheirbhís nuachta féin, agus an nglacann sé leis go bhfuil ciorrú de réir boilscithe i gceist do TG4 i mBuiséad 2027. [74477/26]
Comment on this
I mí na Bealtaine i mbliana cheadaigh an Rialtas foilsiú an Bhille Craolacháin (Leasú), 2026. Ceann de ghnéithe an Bhille is ea foráil maidir le sásra feabhsaithe chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht RTÉ agus TG4 agus ar an maoiniú is cuí dóibh.
Tá an ghné seo den Bhille ceaptha chun éifeacht a thabhairt d'Airteagal 5 den Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA) ina leagtar amach creat uileghabhálach a rialaíonn na nósanna imeachta um maoiniú nach mór a bheith i bhfeidhm maidir leis na meáin seirbhíse poiblí.
Faoin gcreat molta, déanfaidh Coimisiún na Meán measúnú agus breithmheas ar riachtanais mhaoinithe RTÉ agus TG4 gach trí bliana, agus socróidh sé spriocanna feidhmíochta mionsonraithe dóibh. Tá an chéad cheann de na breithmheasanna seo le cur faoi bhráid an Aire lena chur ar aghaidh chuig an Rialtas faoin 30 Meitheamh 2027, agus clúdóidh sé an tréimhse 2028 go 2030. Ní mór don Aire freisin freagra an Rialtais i leith an bhreithmheasa a fhoilsiú.
Mar aon leis an mbreithmheas maoinithe, déanfaidh Coimisiún na Meán tuilleadh athbhreithnithe bliantúla chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar bhain RTÉ agus TG4 a spriocanna feidhmíochta amach agus a bhfuair siad maoiniú dóthanach sa bhliain roimhe sin i gcomhréir le EMFA; agus, ar leithligh, chun comhlíonadh na gceanglas Státchabhrach a mheas.
Tá an córas athchóirithe seo ceaptha lena chinntiú go gcuirtear leibhéil chuí maoinithe poiblí ar fáil do RTÉ agus TG4 chun gur féidir leo a sainchúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil san fhadtéarma.
Maidir le smacht eagarthóireachta TG4 ar a aschur nuachta, d'fhéadfadh sé seo dul chun sochair do TG4 agus do RTÉ, mar aon leis an lucht féachana. Mar sin féin, caithfear na himpleachtaí airgeadais agus praiticiúla a mheas go cúramach ar dtús.
Chun na críche sin, tá Coimisiún na Meán ag obair leis an dá chraoltóir chun na himpleachtaí, agus na roghanna féideartha a phlé chun smacht eagarthóireachta níos mó a thabhairt do TG4 ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus a fhreastalóidh ar an lucht féachana. Bhí sé i gcónaí beartaithe go gcaithfí é seo a bhaint amach diaidh ar ndiaidh.
Cé nach bhfuil comhaontú déanta fós maidir leis an mbealach chun cinn, tá an Coimisiún fós ag dul i dteagmháil leis na craoltóirí chun go gcuirfidís plean comhaontaithe le chéile atá éifeachtúil ó thaobh costais de, inbhuanaithe, agus a fhreastalaíonn ar riachtanais an lucht féachana. Tá TG4, tríd an maoiniú poiblí a cuireadh ar fáil dó i mbliana, ag forbairt seirbhís nuachta dhigiteach nua agus chomh fada agus is eol dom seolfar roimh dheireadh na bliana í.
Maidir le maoiniú do TG4, tá sé tábhachtach a lua go bhfuil an Rialtas tiomanta go fóill dá chinntiú go bhfuil an craoltóir á mhaoiniú go cuí. Cé go bhfanfaidh an leithdháileadh don bhliain seo chugainn ag an leibhéal céanna le leibhéal na bliana seo, €65.4m, i.e. an leibhéal is airde riamh, caithfear féachaint air i gcomhthéacs na méaduithe an-suntasach atá faighte aige le cúpla bliain anuas – 60.5% ó 2021 agus beagnach 75% ó 2020.