We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Curaclam Scoile

Summary

The Irish Leaving Certificate specification is being redeveloped in stages, with the work beginning alignment to the CEFR; the development group includes the State Examinations Commission and CEFR expertise, and a draft is expected for consultation in early 2027. Rather than add a separate subject for fluent students, the Minister pointed to expanded bonus marks for Irish across State examination components and coursework.

726. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Oideachais agus Óige an dtabharfar treoir maidir le forbairt na sonraíochtaí nua Ardteistiméireachta Gaeilge i bhfianaise fógra ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) á rá go mbeidh na sonraíochtaí nua ailínithe ina n-iomláine leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE), agus ós rud é nach bhfuil amlíne shonrach foilsithe maidir leis an dáta a mbainfear amach an t-ailíniú iomlán. [76299/26]

Comment on this

731. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Oideachais agus Óige an gcinnteofar go n-oibreoidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit as lámha a chéile agus na sonraíochtaí nua Ardteistiméireachta Gaeilge á bhforbairt, go bhfoilseofar amlíne don ailíniú iomlán leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha agus go gceapfar saineolaithe seachtracha a bhfuil saineolas acu ar an CCTE a mbeidh róil feidhmiúcháin acu sa phróiseas forbartha. [76301/26]

Comment on this

732. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Oideachais agus Óige an gcinnteofar go bhforbrófar ábhar breise Ardteistiméireachta Gaeilge go comhthreomhar leis na sonraíochtaí nua atá á bhforbairt faoi láthair, mar ábhar roghnach breise do dhaltaí a fhreastalódh ar chainteoirí dúchais agus ar dhaltaí a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu, i gcomhréir leis an rún a ritheadh ag Dáil na nÓg i nDáil Éireann an 5 Bealtaine 2026. [76302/26]

Comment on this

733. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Oideachais agus Óige an dtabharfar treoir don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) síneadh a chur leis an bpróiseas forbartha do na sonraíochtaí nua Ardteistiméireachta Gaeilge chun a chinntiú go mbeidh siad ag teacht go hiomlán leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach (CCTE). [76300/26]

Comment on this
Hildegarde Naughton Minister for Education and Youth Fine Gael

I propose to take Questions Nos. 726, 731, 732 and 733 together.

Molaim na ceisteanna réamhcheaptha 76299/26, 76302/26, 76301/26 agus 73602/26 a thógáil le chéile.

Mar is eol don Teachta Dála, tá athfhorbairt á déanamh ar an nGaeilge don Ardteistiméireacht faoi láthair, mar chuid den chlár um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Ag baint úsáid as an múnla reatha de sholáthar curaclaim na Gaeilge don Ardteistiméireacht, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag athfhorbairt na sonraíochta mar chuid d’athbhreithnithe ábhair Thráinse 4.

Chun bonn láidir, ionadach agus freagrach a sholáthar dá chuid oibre forbartha curaclaim agus measúnaithe, bhunaigh CNCM Grúpaí Forbartha chun tabhairt faoi thascanna áirithe sna réimsí curaclaim nó sna hábhair churaclaim. Cuimsítear i gcomhaltas na ngrúpaí forbartha ábhair de ghnáth múinteoirí ranga atá ar seirbhís, acadóirí ábhair agus saineolaithe ábhair eile, ionadaithe na gcumann ábhartha gairmiúil nó ábhair, ceannairí scoile, fostóirí, ionadaithe breisoideachais agus ardoideachais, agus páirtithe leasmhara eile nuair is iomchuí. Tionóladh grúpa forbartha na Gaeilge don Ardteistiméireachta i Meán Fómhair 2025 ? ba cheart don Teachta Dála a thabhairt faoi deara go n-áirítear le comhaltas an ghrúpa sin Coimisiún na Scrúdaithe Stáit, agus comhalta comhthofa ag a bhfuil saineolas faoi CCTE. D’fhoilsigh CNCM comhaltas iomlán an ghrúpa ar líne. Fuair an grúpa ionchuir dírithe ar CCTE ón gcomhalta comhthofa sin agus bhí seisiún forbartha gairmiúla breise acu le saineolaí seachtrach breise chomh maith.

B’fhéidir gur mhaith leis an Teachta Dála a thabhairt faoi deara gur choimisiúnaigh CNCM roinnt píosaí taighde leithleacha chun tacú le hathfhorbairt leanúnach na Gaeilge don Ardteistiméireachta ? agus áiríodh leis sin sraith páipéar ina leagtar amach tuairimí maidir le hailíniú an ábhair le CCTE; atá ar fáil ar shuíomh gréasáin CNCM. Is suntasach an méid oibre atá ag teastáil chun ailíniú an churaclaim le CCTE a bhaint amach, i gcomhréir leis an tiomantas sa Chlár don Rialtas ar a leag an Teachta Dála béim, agus is suntasach chomh maith an méid ama a bhfuil ag teastáil chun an méid sin a chur i gcrích ar bhealach sábháilte agus cuimsitheach, agus ullmhacht an chórais a chinntiú ag an am céanna. Le hathfhorbairt na Gaeilge don Ardteistiméireachta, cuirfear tús leis an bpróiseas obair a dhéanamh i dtreo ailíniú churaclam na Gaeilge don Ardteistiméireachta le CCTE.

Chuir Comhairle CNCM comhairle ar fáil don Aire gur cheart cur chuige a ghlacadh i gcéimeanna maidir le hathfhorbairt na Gaeilge don Ardteistiméireachta. D’fhaomh an tAire an chomhairle sin in Iúil 2025 agus tugtar le fios go bhfuil obair athfhorbartha an churaclaim anois ar bun.

Tá an grúpa forbartha ábhair ag athfhorbairt faoi láthair sholáthar reatha na Gaeilge ag an Ardteistiméireacht trí shonraíocht amháin. Déanfar measúnú ar Bhonnleibhéil, ar Ghnáthleibhéil, agus ar Ardleibhéil chun gnóthachtáil na ndaltaí a ghabháil thar réimse cumas teanga. Beartaítear faoi láthair go mbeidh comhairliúchán maidir le dréachtsonraíocht ar siúl go luath in 2027 agus go dtabharfar an curaclam chun críche ina dhiaidh sin. Bainfear leas as an teimpléad curaclaim nua, a forbraíodh d’ábhair agus do mhodúil na sraithe sinsearaí uile. Tugtar faoi deara go mbeidh colún ‘foghlaimíonn na daltaí faoi’ mar chuid den sonraíocht athfhorbartha mar thoradh air sin, agus leis sin cuirfear sonraí breise ar fáil maidir le cad faoi a bheidh na daltaí ag foghlaim. Áiríodh sa tsonraíocht athfhorbartha chomh maith príomhinniúlachtaí na sraithe sinsearaí a bheidh neadaithe sna torthaí foghlama.

B’fhéidir gur mhaith leis an Teachta Dála a thabhairt faoi deara go mbeidh cainteoirí dúchais agus daltaí ag a bhfuil ardchumas Gaeilge in ann leas a bhaint as síneadh déanaí na bpointí breise mar chuid d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. D’fhoilsigh mo Roinn ciorcláin 0002/2026 (assets.gov.ie/static/documents/78d6493d/0002_Bonus_marks_for_Irish_EN_20260112.pdf) i mbliana, ina mhionsonraítear síneadh phointí breise na Gaeilge chun gach comhpháirt de na scrúdaithe Stáit a chuimsiú, lena n-áirítear comhpháirteanna measúnaithe breise (CMBanna) agus obair chúrsa. Tá sé mar aidhm leis na socruithe seo a chinntiú go leanfaidh cur i bhfeidhm na marcanna bónais de bheith cuí agus éifeachtach de réir mar a fhorbraíonn na socruithe measúnaithe faoi Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Tá beartas seanbhunaithe ag mo Roinn úsáid ghníomhach na Gaeilge a spreagadh i measc daltaí agus pobal scoile, agus cuireann síneadh na bpointí breise don Ghaeilge leis an gcuspóir sin, agus spreagtar úsáid na Gaeilge ag gach foghlaimeoir, i ngach scoil.

Leanfaidh mo Roinn agus a gníomhaíochtaí leo ag obair go dlúth le chéile chun Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a sheachadadh dár ndaltaí. Leanfaidh ionadaithe CSS ag obair le CNCM sna grúpaí forbartha ábhair mar a rinne siad ó thús an phróisis seo. Tugtar tuilleadh tacaíochta don chomhar idir CNCM agus CSS trí chruinnithe rialta idir comhaltaí bhainistíocht CNCM agus comhaltaí bhainistíocht CSS. Comhoibríonn an dá ghníomhaíocht go dlúth, mar shampla, ar fhorbairt na dTreoirlínte do Mheasúnú do shonraíochtaí athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí, agus cuireadh fáilte roimh CNCM chuig cruinnithe le CSS chun tuairimí a sholáthar maidir leis na páipéir scrúdaithe shamplacha.

Comment on this