We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Oideachas trí Ghaeilge

Summary

The Minister said phased, cross-departmental Irish-language policy work is underway, including curriculum alignment with the CEFR, but announced no expert group.

730. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Oideachais agus Óige an mbunófar grúpa saineolaithe gan mhoill chun Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, ón luath-oideachas go dtí an tríú leibhéal, a fhorbairt agus a ailíniú go hiomlán leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. [76303/26]

Comment on this
Hildegarde Naughton Minister for Education and Youth Fine Gael

Tá cur chuige céimniúil, seicheamhach á leanúint ag mo roinn maidir le forbairt bheartais don Ghaeilge sa chóras oideachais. Maidir le cúraim mo roinne, tá trí shnáithe leis an obair seo: an Polasaí don Oideachas Gaeltachta; an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Le chéile, is céimeanna tábhachtacha iad na polasaithe agus na tionscnaimh seo i dtreo polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais a sholáthar.

I gcomhthreo leis an obair atá ar bun ag mo roinn, tá obair ar an nGaeilge idir láimhe ag an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais agus an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Tá ár ranna ag obair go dlúth le chéile chun a chinntiú go bhfuil an beartas ag teacht le chéile.

Tá gealltanas sa Chlár Rialtais oibriú i dtreo ailíniú a dhéanamh ar churaclaim scoile ag leibhéil éagsúla leis an gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR). Ag teacht leis an ngealltanas seo, áirítear sa Phlean Gnímh nua don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla gníomh chun curaclaim na Gaeilge, mar aon le tacaíochtaí teagaisc agus socruithe measúnaithe a bhaineann leo, a ailíniú leis an CEFR, d’fhonn feabhas a chur ar an nGaeilge labhartha sna scoileanna.

Tá tús curtha ag an CNCM le próiseas chun an Ghaeilge san Ardteistiméireacht a ailíniú leis an CEFR. Tá an obair seo ar siúl mar chuid den chlár atá ar bun faoi láthair chun an tSraith Shinsearach a athfhorbairt.

Comment on this