We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Written answer

Oideachas trí Ghaeilge

Summary

The Department will review Professor Pádraig Ó Duibhir’s recent report on Irish-language exemptions, whose rising numbers it says must be viewed alongside enrolment growth and increased special educational needs. It maintains exemptions under current criteria while pursuing measures to strengthen Irish teaching and inclusion across schools.

729. D'fhiafraigh Deputy Shane Moynihan den Aire Oideachais agus Óige an bhfuil machnamh déanta ar mholtaí an Ollaimh Emeritus Pádraig Uí Dhuibhir sa cháipéis Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú: Tuarascáil Taighde ar Dhíolúintí ó Staidéar na Gaeilge i gcomhthéacs an mhéadaithe shuntasaigh atá tagtha ar líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge san iar-bhunoideachas, ó 33,476 in 2017 go 60,946 in 2024, agus an réamh-mheastacháin go sroichfidh an líon sin 22.5% de dhaltaí faoi 2030. [76304/26]

Comment on this
Hildegarde Naughton Minister for Education and Youth Fine Gael

Cuireadh an tuarascáil a rinne an Teachta Dála tagairt di isteach chuig an Roinn le déanaí agus déanfar athbhreithniú uirthi.

Tá an Roinn Oideachais agus Óige tiomanta ar son an Gaeilge a bhunú mar ghné lárnach den churaclam scoile. Is cuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta agus dár n-oidhreacht oideachais í an Ghaeilge, agus fanann a cur chun cinn mar phríomhthosaíocht dúinn.

Tá prionsabail na hionchuimsitheachta agus na foghlama difreáilte mar bhonn le sonraíochtaí curaclaim bunscoile agus iar-bhunscoile. Baineann siad le rannpháirtíocht daltaí agus scoláirí i ngach ábhar, an Ghaeilge ina measc. Dá réir sin, moltar do scoileanna deiseanna a sholáthar do gach dalta agus scoláire páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí teanga agus cultúrtha Gaeilge. Ba cheart é seo a dhéanamh a mhéid is féidir agus ar bhealach atá tairbheach, ba cheart é a dhéanamh ar leibhéal atá oiriúnach dá riachtanais foghlama agus chun leibhéal inniúlachta pearsanta a bhaint amach atá oiriúnach dá gcumas. I gcúinsí áirithe, féadfar díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú do dhalta bunscoile nó do scoláire iar-bhunscoile. Tá an t-údarás ag bainistíocht na scoile díolúine a dheonú de réir na gcritéar atá leagtha amach i gCiorcláin 0054/2022 (Bunscoil) agus 0055/2022 (Iar-bhunscoil).

Tugadh faoi phróiseas fairsing comhairliúcháin phoiblí in 2018 a bhí mar bhonn eolais ag na ciorcláin reatha. Léirigh aiseolas na bpáirtithe leasmhara a bailíodh i gcomhthéacs an athbhreithnithe seo ar chiorcláin na 1990idí go soiléir gur chóir leanúint ar aghaidh le díolúine ó staidéar ar bheartas na hÉireann. Tuarascáil Taighde: Athbhreithniú ar Bheartas agus Cleachtas Maidir le Díolúintí Ó Staidéar na Gaeilge

(20260112.pdfhttps://assets.gov.ie/static/documents/78d6493d/0002_Bonus_marks_for_Irish_EN_20260112.pdf)

Cé go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndíolúintí a dheonaigh na hiar-bhunscoileanna, ní mór na huimhreacha a fheiceáil sa chomhthéacs níos leithne:

• Méadú ar líon na ndaltaí ó thar lear inár scoileanna le blianta beaga anuas, lena n-áirítear níos mó ná 18,000 dalta ón Úcráin amháin (11,267 sa bhunscoil agus 6,846 san iar-bhunscoil).

• Méadú ar mhinicíocht agus ar chastacht an oideachais speisialta inár scoileanna, agus méadú tagtha ar rátaí minicíochta na ndaltaí a bhfuil riachtanais chasta acu, go háirithe ó thaobh an uathachais de.

• Tá níos mó ná 30,000 dalta cláraithe sna ranganna speisialta agus sna scoileanna speisialta.

• Don bhliain 2026/27, ceadaíodh 587 rang speisialta nua, lena n-áirítear 70 rang speisialta cuimsitheach. Leis sin, is ionann líon iomlán na ranganna speisialta a ceadaíodh go dtí seo agus níos mó ná 4,300.

• As na ranganna speisialta nua, bunófar 379 rang speisialta sna bunscoileanna agus 208 sna hiar-bhunscoileanna. Bunófar ranganna speisialta nua i ngach contae agus deimhníodh 140 ranganna speisialta nua do Bhaile Átha Cliath agus 70 do Chorcaigh.

• Tá méadú ag teacht ar dhaonra na n-iar-bhunscoileanna i gcoitinne chomh maith - ó níos mó ná 350,000 ar éigean in 2017/18 go 429,653 in 2025/26, méadú de níos mó ná 22.8%.

-            Tá an roinn ag tabhairt faoi raon beart chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil maidir le teagaisc agus foghlaim na Gaeilge, lena n-áirítear:

-            foilseachán an Phlean Gníomhaíochta Nua don Ghaeilge sna Scoileanna Béarla ? “Is féidir liom, is féidir linn...”

-            foilseachán an bheartais nua don oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun cur leis an mBeartas atá ann cheana maidir le hOideachas na Gaeltachta

-            chuir an roinn acmhainní breise ar fáil do COGG chun an tacaíocht do theagaisc agus foghlaim na Gaeilge a mhéadú, lena n-áirítear:

• Cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí trí na hionaid oideachais ar fud na tíre

• Feachtais feasachta ar na tacaíochtaí agus na hacmhainní atá ar fáil

• Acmhainní don Chorpoideachas trí Ghaeilge, atá ar fáil anois suas le rang a dó agus tá obair ar siúl chun na hacmhainní a chur ar fáil do rang a trí agus rang a cheathair do thús na chéad bliana scoile eile.

• D’fhógair COGG le déanaí glao ar thaighde chun cur le forbairt leabhráin eolais do thuismitheoirí bunaithe ar fhianaise, leabhrán eolais ina leagtar amach na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge agus na tairbhí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha.

• Curaclaim nuashonraithe ar leibhéal na bunscoile agus na Sraithe Sóisearaí agus obair ar siúl ar shonraíocht na Ardteistiméireachta faoi chlár Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, agus cuimseofar ailíniú le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha

• Cistiú d’Fhoras na Gaeilge le haghaidh réimse tionscadal, lena n-áirítear ranníocaíocht na roinne seo chuig an gclár Gaelbhratach a mhéadú faoi dhó, a bhfuil sé mar aidhm leis an gclár sin líon na scoileanna Béarla atá rannpháirteach sa chlár agus Gaeilge á húsáid acu lasmuigh den seomra ranga a mhéadú

• Méadú ar líon na scoileanna a dhéanann teagmháil le clár FCÁT “Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga” na roinne, agus leis an gclár seo cuirtear tacaíocht leanúnach ar fáil trí Oide agus i gcomhar le COGG chun ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge sna scoileanna Béarla.

• Bunaíodh GaelAonaid laistigh de OIDE chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do fhorbairt ghairmiúil na múinteoirí

• Cistiú an chláir uasoiliúna do na múinteoirí Gaeilge i gColáiste na Tríonóide

• Cistiú de €300,000 don tionscnamh Píolótach Obair Óige Oileáin Árann, a chuirfear seirbhísí oibre óige tiomnaithe, lonnaithe ar na hoileáin, ar fáil trí Ghaeilge d’Inis Mór, d’Inis Meáin agus d’Inis Oírr den chéad uair.

Comment on this