Vóta 42 - Forbairt Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta (Forlíontach)
Cheadaigh an coiste Meastachán Forlíontach teicniúil Vóta 42, a bhogann €700,000 ó scéimeanna tacaíochta Gaeilge chuig an bpróiseas pleanála teanga Gaeilge chun freastal ar éileamh níos airde ná mar a bhí beartaithe. Dúirt an tAire go mbeidh maoiniú breise ann do 2026 agus gur tháinig coigilteas chun cinn ó mhoilleanna earcaíochta.
Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Barry Ward. Níl aon leithscéalta eile faighte againn. Tionóladh an cruinniú seo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar na Meastacháin Fhorlíontacha 2025 le haghaidh seirbhísí poiblí 2025, clár D, an Ghaeltacht, de Vóta 42 - an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, go háirithe an t-aistriú de €700,000 ó D4, scéimeanna tacaíochta don Ghaeilge, do D10, próiseas pleanála teanga Gaeilge. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 7.30 p.m., más gá, ach déanfaidh mé iarracht é a chríochnú roimhe seo. Cuirfear an coiste ar fionraí ag an am sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.
Fearaim fáilte roimh an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Teachta Dála Dara Calleary, chomh maith le hoifigigh na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta: Ken Jordan, rúnaí cúnta atá freagrach as gnóthaí corparáideacha agus forbairt straitéiseach; Dr. Aodhán Mac Cormaic, rúnaí cúnta atá freagrach as cúrsaí Gaeltachta; agus Aisling Penrose, príomhoifigeach.
De réir Bhuan-Ordaithe 118(3), is comhalta ex officio de chuid an roghchoiste an tAire. Mar gheall air sin, cuirfear san áireamh é mar chuid den chóram agus don liosta vótála. Gabhaim buíochas le gach duine as a bheith i láthair. Bheinn buíoch díobh as a ngutháin shoghluaiste a mhúchadh. Cuirim ar an taifead go bhfuil an tAire agus a oifigigh ag freastal ar an gcruinniú seo o sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Anois, déanfaimid ár mbreithniú ar na Meastacháin Fhorlíontacha 2025 le haghaidh seirbhísí poiblí 2025, go háirithe clár D de Vóta na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Iarraim ar an Aire a ráiteas tosaigh a thabhairt.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach, leis na baill den choiste, leis an gcléireach agus le foireann an choiste as an gcruinniú seo a chur le chéile inniu. Is mór agam an deis chun an t-iarratas seo ar Mheastachán Fhorlíontach teicniúil don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a chur ina láthair.
Níl i gceist leis an Meastachán Forlíontach teicniúil atá beartaithe ach gluaiseacht amháin cistí, is é sin, bogadh €700,000 i maoiniú reatha ó fho-cheannteideal D4, scéimeanna tacaíochta Gaeilge, go fo-cheannteideal D10, próiseas pleanála teanga Gaeilge. Cuireadh €6.7 milliún ar fáil d’fho-cheannteideal an phróisis pleanála teanga Gaeilge faoi Mheastachán Fhorlíontach 2025 ach, mar sin féin, ba mhó éileamh a bhí ann don scéim in 2025 ná mar a bhíomar ag súil leis. Tá sé beartaithe go n-úsáidfear coigilteas ó chodanna eile de na feidhmeanna Gaeltachta chun freastal ar an éileamh seo agus borradh a chur faoin dul chun cinn atá á dhéanamh faoin tionscnamh seo.
Aithníodh coigilteas de suas le €700,000 i bhfo-cheannteideal D4, scéimeanna tacaíochta Gaeilge, gur féidir é a úsáid chun an t-éileamh seo a shásamh. D’eascair an coigilteas ó mhoill san earcaíocht agus i ngníomhartha gaolmhara faoin ngréasán náisiúnta do na healaíona teangabhunaithe agus Gaeilge365. Bainfear feidhm as an maoiniú anois chun tacaíochtaí a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta ar fud réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí, chun freastal ar éileamh méadaithe a bhaineann le seirbhísí ealaíon agus cultúir, agus laistigh den earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht.
Mar eolas don choiste, ó aithníodh an tsuim seo de €700,000, tá roinnt coigilteas beag eile tagtha chun cinn i ndáil leis an bhfomhír um sheirbhísí poiblí agus leis an bhfomhír um chomhoibriú tras-Teorainn. Tá sé i gceist agam aon airgead atá ar fáil sna fomhíreanna sin a víreáil isteach sa bhfomhír phleanála teanga chomh maith. Cinnteoidh sé seo go mbainfear an leas is fearr as na cistí reatha a chuirtear ar fáil don chlár Gaeltachta.
Is iomaí éacht a bhain an Roinn amach arís in 2025. Is coigeartú an-bheag é an ghluaiseacht cistí seo i gcomhthéacs an leithdháilte fhoriomláin de €575 milliún. Leis an ngluaiseacht seo, beidh mo Roinn in ann an úsáid is fearr a bhaint as a hacmhainní chun tacú le ceantair thuaithe agus pobail ar fud na tíre. Gabhaim buíochas arís leis an gcoiste as an am a ghlacadh chun an Meastachán Forlíontach teicniúil seo a phlé. Táim lánsásta freagra a thabhairt ar cheisteanna ar bith a d’fhéadfadh teacht aníos.
Comment on this
Osclóidh mé an cruinniú do na comhaltaí anois ionas gur féidir leo aon cheist atá acu a chur ar an Aire.
Comment on this
Tá cúpla mioncheist agam. Mar a dúirt an tAire, ní airgead mór é i gcomhthéacs an bhuiséid iomláin. Cén fáth go bhfuil an Roinn Ghaeltachta ag caitheamh airgid ar na healaíona teangabhunaithe seachas an Roinn chultúir? Cén mhoill ar earcú a bhí i gceist? An bhfuil an mhoill sin fós ann? An mbeidh sé ann an bhliain seo chugainn? Baineann an phríomhcheist atá agam le rud a dúirt an tAire, is é sin, "ba mhó éileamh a bhí ann don scéim in 2025" maidir leis an bpróiseas pleanála teanga. Dá mbeadh bata draíochta ag an Aire, cén figiúr atá ag teastáil chun an t-éileamh sin ar fad a shásamh? Tá €700,000 breise á thabhairt. Glacaim leis nach leigheasfaidh sé sin an t-éileamh, cé gur slám mór airgid é. Nuair a chuirtear airgead breise ar fáil ag an am seo den bhliain, uaireanta bíonn gá é a chaitheamh roimh dheireadh na bliana. An gá an t-airgead seo a bheith caite laistigh de thréimhse ar leith nó an mbeidh sé anuas ar an méid a chuirfear ar fáil do 2026?
Comment on this
An bhfuil an Leas-Chathaoirleach ag iarraidh go mbeidh na ceisteanna curtha le chéile?
Comment on this
Is féidir na ceisteanna go léir a chur ar an Aire ag an am céanna. Déanann sé sin ciall.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Aire as teacht isteach. Tá ceist agam ar an €700,000 sin. An féidir leis an Aire briseadh síos a dhéanamh ar cárbh as ar tháinig sé idir an gréasán náisiúnta do na healaíona teangabhunaithe agus an clár Gaeilge365? Mar is eol dó, ba cheann de na rudaí a bhí an-tábhachtach domsa agus an clár Rialtais á chur le chéile ná Gaeilge365. Táim ag iarraidh léamh a fháil ar an mbearna a bhí ann ó thaobh Gaeilge365. An bhfuil baol ann go mbeidh an bhearna cheannann chéanna ann an bhliain seo chugainn?
Comment on this
Tá ceist agam maidir le cúrsaí pleanála teanga go ginearálta. De réir an eolais atá agamsa, táimid ag deireadh an chéad tréimhse de na hoifigigh phleanála teanga sna limistéir phleanála teanga. Cén todhchaí a bheidh ann dóibh? Tá neamhchinnteacht ann. Beidh síneadh dhá-bhliain acu ar fad ach an bhfuil an tAire ag breathnú ar an gcás tar éis sin?
Comment on this
Tá ceist amháin agam ó thaobh an choigiltis i leith na scéimeanna tacaíochta Gaeilge. Tá sé suimiúil. Cad atá ag tarlú ansin go bhfuil an coigilteas sin ar fáil? Is ceist ghearr é sin.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na baill den choiste. Tabharfaidh mé freagra don Teachta Ó Snodaigh ar dtús. Is clár nua é Gaeilge365. Aontaím go mór leis an Teachta Moynihan gur clár iontach é, go háirithe agus muid ag dul i dtreo seirbhísí poiblí i nGaeilge. Beimid ag caitheamh airgead breise air sin an bhliain seo chugainn faoi fho-cheannteideal D4, scéimeanna tacaíochta Gaeilge.
I mbuiséad 2026, beidh i bhfad níos mó airgid bhreise ann. Beidh leithdháileadh €20 milliún ann, idir €12 milliún reatha agus €8 milliún caipitil, le haghaidh scéimeanna tacaíochta Gaeltachta.
Le haghaidh cúrsaí pleanála teanga, cosúil le gach comhalta, gabhaim buíochas leis na hoifigigh phleanála teanga i ngach cuid den tír. Tá siad ag déanamh sároibre. Tá sé sin soiléir agus táimid ag iarraidh airgid bhreise a thabhairt mar gheall ar an obair sin ar an talamh. I gcomhthéacs an pointe a rinne an Teachta Connolly faoin chéad bhliain eile, tá mé an-dáiríre faoin phróiseas seo agus cúrsaí teangeolaíochta. Tá an dáiríreacht sin le feiceáil sa cháinaisnéis. Tá maoiniú €6.7 milliún ar fáil in 2025 le tacú leis an bpróiseas pleanála. Fuarthas méadú €3 milliún i mbuiséad 2026, rud a fhágann go mbeidh €9.7 milliún le haghaidh cúrsaí pleanála teanga in 2026. Is ardú mór é sin agus léiríonn an t-ardú sin cé chomh dáiríre is atá an Roinn faoin phróiseas. Go háirithe, léiríonn sé an obair agus fuinnimh atá ar siúl ar an talamh ag na hoifigigh teanga i ngach cuid den tír.
Comment on this
An sásóidh an t-airgead breise, an €700,000 sin, an méid a bhí á lorg? Dúirt an tAire go raibh éileamh mór ann don scéim, ach cad é an bhearna idir an méid a bhí ann agus an méid a bhí daoine ag lorg?
Comment on this
Ar dtús, le teacht ar ais go dtí an Teachta Moynihan, tá sábháil €500,410 i D4 ag an bpointe seo de bharr go raibh moill ann ag fostú daoine le haghaidh an ghréasáin náisiúnta do na healaíona. Fostófar na daoine sin in 2026 agus beimid ag caitheamh an airgid sin. Freisin, bhí sábháil €110,000 mar gheall ar mhoill ag fostú daoine do Ghaeilge365. Réiteofar é sin don chéad bhliain eile chomh maith.
Le freagra a thabhairt ar an gceist a bhí ag an Teachta Ó Snodaigh, ó thaobh an airgid de a chaithfear roimh dheireadh na bliana, tá thart ar €1 milliún le haghaidh freastal ar an bpróiseas pleanála teanga agus táimid, mar a dúirt mé, ag cur €3 milliún bhreise isteach sa bhuiséad le haghaidh 2026.
Comment on this
An bhfuil aon cheist eile ag aon chomhalta? Níl. Cuireann sé sin críoch lenár mbreithniú inniu. De réir Bhuan-Ordaithe 223(2), is féidir leis an roghchoiste tuarascáil a ullmhú maidir leis an mbreithniú atá déanta aige inniu agus é a leagan faoi bhráid Dháil Éireann, más maith leis an roghchoiste é sin a dhéanamh, nó is féidir leis an roghchoiste glacadh leis an teachtaireacht chuig Cléireach na Dála mar thuarascáil an choiste. Cé acu is mian le comhaltaí?