Vóta 42 - Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta (Athbhreithnithe)
Rinne an coiste grinnscrúdú ar Mheastacháin Athbhreithnithe 2026 do Vóta 42, le fócas ar chlár na Gaeltachta, agus ceadaíodh an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Cléireach na Dála. Leag an tAire béim ar mhéadú suntasach maoinithe, go háirithe don Ghaeltacht, do phleanáil teanga, d’Údarás na Gaeltachta, do na coláistí samhraidh agus do thionscadail chaipitil ar nós Ché Inis Oírr, Shráid Fhearchair agus Choláiste Lurgan. D’ardaigh baill imní faoi thithíocht, infreastruchtúr agus ceisteanna fostaíochta, agus gheall an tAire tuilleadh plé ar roinnt díobh sin.
Tá leithscéalta faighte againn ó na Teachtaí Ward, Ó Muirí agus Moynihan. Tionóladh an cruinniú seo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar na Meastacháin Athbhreithnithe i gcomhair sheirbhísí poiblí 2026, go sonrach clár C de Vóta 42 – an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, lena n-airítear na figiúirí faoi scáth fo-cheannteidil C1 go C11, go huile. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 7.30 p.m., más gá. Cuirfear ar fionraí é ag an am sin ach ní dóigh liom go mbeidh muid ag fanacht go dtí an t-am sin. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.
Cuirim fáilte roimh an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, an Teachta Calleary, chomh maith le hoifigigh na Roinne. De réir Bhuan-Ordaithe 118(3), is comhalta ex officio de chuid an roghchoiste é an tAire. Mar gheall air sin, cuirfear san áireamh é mar chuid den chóram agus an liosta vótála. Gabhaim buíochas leo ar fad as ucht a bheith anseo. Bheinn buíoch dá múchfaí na gutháin shoghluaiste.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil an tAire agus a oifigigh ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 2 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Déanfaidh muid ár mbreithniú anois ar fho-cheannteidil C1 go C11, go huile. Feicim go bhfuil trácht ar fho-cheannteideal C12 mar chuid den ráiteas tosaigh a sheol an Roinn isteach ar son an Aire, ach níl an cúram ag an roghchoiste seo maidir le fo-cheannteideal C12 mar baineann sé leis na hoileáin. Níl cead againn é a phlé. Baineann sé le roghchoiste eile. Mar sin, iarraim ar an Aire gan an cuid sin dá ráiteas tosaigh a bhaineann leis na hoileáin a léamh. É sin ráite, iarraim ar an Aire a ráiteas tosaigh a thabhairt.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus le comhaltaí, cléireach agus foireann an roghchoiste seo as cuireadh a thabhairt dom agus d’oifigigh na Roinne teacht anseo inniu chun plé a dhéanamh ar na Meastacháin Athbhreithnithe 2026 don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta agus cead a lorg ina dtaobh. Mar is eol don roghchoiste, tá coiste ar leith ann do réimse na forbartha tuaithe agus pobail. Maidin amárach, déanfaidh an coiste sin breithniú mion ar na cláir a bhaineann le forbairt tuaithe agus pobail. Déanfaidh mé cur síos gairid, áfach, ar bhuiséad foriomlán mo Roinne don roghchoiste ar mhaithe le críochnúlacht.
Tá áthas orm a bheith anseo le labhairt leis an roghchoiste agus chun na Meastacháin Athbhreithnithe i gcomhair 2026 a chur chun cinn. Leis an maoiniú, leanfar leis an dul chun cinn in 2026 atá déanta ag mo Roinn le blianta beaga anuas. Tá caiteachas comhlán €613 milliún i mbuiséad mo Roinne in 2026, lena n-airítear €340 milliún i gcaiteachas reatha agus €273 milliún i gcaiteachas caipitil. Roinntear é seo idir na trí príomhréimse clár ar an mbealach seo a leanas: leithdháiltear €193 milliún don fhorbairt tuaithe; €260 milliún don fhorbairt pobail; agus €160 do chlár na Gaeltachta, lena n-airítear €28 milliún dár n-oileáin.
Ar an iomlán, is méadú 7% é seo ar an maoiniú i gcomparáid le leithdháileadh 2025, rud a léiríonn tiomantas leanúnach an Rialtais seo d’inbhuanaitheacht agus forbairt ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe ar fud na tíre. Tá maoiniú caipitil, ar luach €21.8 milliún é, á iompar ag an Roinn ó 2025 isteach sa bhliain seo freisin. Bhainfear úsáid as ar fud na dtrí clár.
Maidir le maoiniú faoi chlár na Gaeltachta, tháinig méadú 30% air, ó €123 milliún in 2025 go €160 milliún in 2026.
Cuirfidh an leithdháileadh seo réimse leathan tacaíochtaí ar fáil chun pobail na Gaeilge a fhorbairt laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Tiocfaidh méadú ar mhaoiniú do thionscnaimh phleanála teanga ó €6.7 milliún go €9.7 milliún. Cuirfear clár nua seirbhísí óige i bhfeidhm laistigh den Ghaeltacht leis seo, atá dírithe ar aoisghrúpa 12-18 mbliana d’aois agus déanfar pleanáil teanga a leabú i measc phobal gnó na Gaeltachta. Méadófar an maoiniú reatha do scéimeanna tacaíochta Gaeilge ó €10.7 milliún go €12.7 milliún. Ceadóidh sé seo bunú struchtúr ina ndírítear ar earnáil na luathbhlianta trí mheán na Gaeilge a fhorbairt lasmuigh den Ghaeltacht agus tacaíocht leanúnach do thionscnaimh a thagann le straitéisí an Rialtais do na healaíona agus don teicneolaíocht dhigiteach atá bunaithe ar an nGaeilge.
Méadófar maoiniú do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ó €10.5 mhilliún go €12 mhilliún. Leis seo, tabharfar tuilleadh tacaíochta do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do leanaí ag freastal ar choláistí samhraidh na hÉireann agus déanfar leathnú ar scéim scoláireachtaí na Gaeltachta do mhic léinn ó scoileanna DEIS. Beidh €2 mhilliún breise de mhaoiniú reatha ar fáil do chomhoibriú Thuaidh-Theas, lena n-áirítear obair Fhoras na Gaeilge, Ghníomhaireacht na hUltaise, clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. Méadóidh maoiniú d’Údarás na Gaeltachta faoi €2.5 mhilliún, rud a chuirfidh ar chumas na heagraíochta tacú tuilleadh le forbairt fiontar agus fostaíocht sa Ghaeltacht, chomh maith le tacú le gníomhaíochtaí cultúrtha agus pobail laistigh de cheantair Ghaeltachta. Cuirfear maoiniú reatha €11.5 milliún ar fáil freisin chun tacú le forbairt phobail na n-oileán agus le soláthar seirbhísí iompair ríthábhachtacha do na hoileáin. Méadófar maoiniú caipitil don Ghaeltacht agus do na hoileáin ó €30 milliún in 2025 go beagnach €55 mhilliún do 2026. Is toradh é seo ar an athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an bplean forbartha náisiúnta.
Cuirfidh an infheistíocht chaipitil mhéadaithe seo ar chumas tionscadail bhonneagair shuntasacha a sheachadadh sna blianta amach romhainn. Tacóidh sé le seachadadh trí phríomhthionscadal bonneagair a gealladh sa phlean forbartha náisiúnta: Cé Inis Oírr i gContae na Gaillimhe; mol teanga agus cultúir na Gaeilge ag Uimh. 6 Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath chun freastal ar riachtanais líon na gcainteoirí Gaeilge atá ag méadú san ardchathair; agus athfhorbairt shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán mar mhol oideachais agus óige do Ghaeltacht Chonamara. Feicimid go léir an leibhéal díograise don Ghaeilge atá ann faoi láthair, agus cuirfidh an infheistíocht mhéadaithe seo leis an dúthracht sin chun tacú le pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud an oileáin.
Mar fhocal scoir, tá an méadú bliain ar bhliain is mó don earnáil seo le blianta fada sa Mheastachán Athbhreithnithe seo do 2026 agus léiríonn sé tiomantas láidir leanúnach an Rialtais do phobail ar fud na tíre, lena n-áirítear iad siúd ar ár n-oileáin agus sa Ghaeltacht. Táim buíoch den choiste as an am a thógáil chun éisteacht liom inniu agus táim sásta aon cheist atá ag na baill a fhreagairt.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Aire. Is léir go bhfuil méadú suntasach ann. Fáiltím roimhe sin. Anois osclóidh mé an cruinniú chun na comhaltaí ionas gur féidir leo ceisteanna a chur ar an Aire. Rachaidh an Teachta Ó Snodaigh ar dtús.
Comment on this
Tá ceist agam don Leas-Chathaoirleach ar dtús báire. An bhfuil an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ag teacht os ár gcomhair maidir leis na sonraí ó thaobh TG4 de? Tá an fhreagracht sin againn mar choiste.
Comment on this
Is féidir linn an cuireadh sin a thabhairt go dtí an tAire. Is féidir linn é sin a dhéanamh. Cuirfidh mé ceist ar an gcléireach má tá an cuireadh curtha chuig an Aire. Deir an cléireach nach bhfuair sé aon instruction ón gcoiste sin a dhéanamh.
Comment on this
Ní cóir go mbeadh instruction. Ba chóir go mbeadh sé uathoibríoch ó thaobh athbhreithniú ar Mheastacháin. Tá dhá Aire ann, an ceann os ár gcomhair inniu, agus an tAire ealaíon toisc an chuid sin a bhaineann le TG4. Déanann siad dearmad air agus déanann siad neamhaird ar an gcoiste muna ndéanann muid cinnte de go dtiocfaidh siad os ár gcomhair maidir le TG4.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Aire as teacht os ár gcomhair. Fáiltím, mar a dhéanaim gach bliain, roimh aon ardú ó thaobh chaiteachas ar an nGaeilge. Níl sé mór go leor. Níl sé fairsing go leor. Ní gá go n-aontaím go hiomlán leis an gcur chuige, ach ar a laghad tá caiteachas ag tarlú ó thaobh earnáil na Gaeilge agus cosaint a thabhairt. Tá cúpla ceist agam. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais arís. Baineann an chéad cheann leis an gCoimisinéir Teanga. Tá ardú i gceist ansin. Is léir nach raibh an tAire ag súil go mbeadh na caighdeáin i bhfeidhm agus nach mbeadh an ról iomlán ó thaobh na gcaighdeán ag an gcoimisinéir i mbliana, nó bheadh i bhfad níos mó airgid curtha ar fáil. Glacaim, sa bhuiséad i mbliana, go mbeadh ardú suntasach ann chun foireann bhreise a thabhairt don choimisinéir chun déileáil leis na caighdeáin atáimid ag súil leo. Bhí an coiste seo thall sa Bhreatain Bheag an tseachtain seo caite. Ba léir dúinn go raibh an sórt cur chuige céanna acu i mbealach difriúil agus gur gá bainistíocht cheart ann ionas go mbeadh tairbhe cheart maidir leis na caighdeáin nó coinníollacha sin.
Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, tá ardú de €1 milliún ó thaobh caipitil de ann, ach ní leor sin chun a chinntiú go mbeidh fás ann don údarás amach anseo ó thaobh talamh a cheannach; foirgnimh, monarchana agus tionsclaíocht a fhorbairt sa todhchaí; nó a chinntiú go bhfuil na foirgnimh atá aige ó thaobh tionsclaíochta de ar ardchaighdeán. Tá obair den scoth déanta ag an údarás. Chonaic muid, thar na blianta, na haonaid Gteic agus is léir gur cuidiú atá i gceist ansin. Tá plean ag an údarás cur leo. Measaim nach leor €1 milliún. Má chuireann an tAire ceist ar aon duine, imeoidh sé sin an-tapa sa lá atá inniu ann ó thaobh tógála agus athnuachan ar fhoirgnimh. An leor sin? An bhfuil an tAire ag súil go mbeadh an t-údarás ag teacht ar ais ag cuartú tuilleadh maoinithe chun a chinntiú go bhfuil an jab aige?
Luaigh an tAire na coláistí samhraidh. Tá sé go hiontach go bhfuil fás ag teacht orthu, ach níl sé tapa go leor ó thaobh an éilimh de. Chonaic muid an ceannteideal gur díoladh amach na spásanna ar fad sna coláistí samhraidh in dhá nóiméad. Tá fadhb bhunúsach ann do a lán daoine a bhí ag tnúth le háiteanna ar na coláistí samhraidh. Is gá dúinn infheistiú níos mó a dhéanamh chun a chinntiú, má tá éileamh ar spásanna, go bhfuil siad ann dóibh agus go dtapaíonn muid an deis. Measaim gur cóir, más féidir in aon chor, infheistíocht cheart a dhéanamh ann don bhliain seo chugainn agus na blianta amach romhainn.
Comment on this
Ar an gcéad dul síos, ar phointe ginearálta, táimid ag iarraidh go mbeidh cúram ag an gcoiste seo faoi na hoileáin. Níl a fhios agam. Ba cheart go mbeidh sé anseo mar tá sé sa rannóg chéanna sa Roinn. Beimid in ann é sin a phlé arís. As seo amach, bheadh sé níos fearr, i mo thuairim féin agus i dtuairim na Roinne. Nílimid ag iarraidh fadhbanna a chur os comhair an choiste, ach is fit ceart é.
Comment on this
Ní fheicim go mbeadh fadhb ó thaobh na mball de. Bhíodh sé sa Roinn Gaeltachta agus na hoileáin roimhe seo. Tá sé ag teacht ar ais mar tá an tAire i gceannas orthu anois. Is féidir linn an plé sin a bheith againn amach anseo.
Comment on this
Is féidir linn dul isteach i seisiún príobháideach i gcomhair cúig nóiméad chun é a mhíniú, má tá sé sin all right.
Comment on this
Níl mé ag iarraidh aon fhadhbanna a thabhairt don choiste.
Comment on this
Is féidir linn dul isteach go seisiún príobháideach anois i gcomhair cúig nóiméad chun é sin a mhíniú.
Comment on this
Tá méadú €300,000 tagtha ar mhaoiniú Oifig an Choimisinéara Teanga ó 2025. Tá €1.97 milliún ar fáil le haghaidh 2026. Tá méadú suntasach tagtha ar mhaoiniú Oifig an Choimisinéara Teanga le blianta beaga anuas. Baineann an méadú ar allúntas na bliana seo leis na harduithe atá tagtha ar chostas na hoifige ar an iomlán agus leis na freagrachtaí nua agus na méaduithe i gcúraim na hoifige atá tagtha ar an oifig faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Chomh maith leis sin, osclóidh Oifig an Choimisinéara Teanga comhdháil de chuid Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisineirí Teanga in 2026. Tá 19 ball foirne ceadaithe don oifig le haghaidh 2026. Is méadú é seo ó 17 duine in 2025. Tugann an Roinn an maoiniú d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus tá sí freagrach freisin as cuntais airgeadais agus tuarascáil bhliaintúil na hoifige a chur faoi bhráid an Rialtais. Tá an Roinn nua, is í sin, an Roinn forbartha tuaithe, tar éis an-cuidiú a thabhairt don choimisinéir le haghaidh na bliana seo chun líon na mball foirne a láidriú.
Maidir le cúrsaí an údaráis, tá mé sásta go bhfuil an t-airgead sin láidir. Tá deiseanna eile ag an údarás chun teacht ar airgead, cosúil leis an rural regeneration and development fund, RRDF, nó is féidir leis dul i gcomhpháirt le comhairleoirí ón Roinn forbartha tuaithe agus daoine eile. Tá mé buíoch d’fhoireann an údaráis as an mbliain láidir a bhí aige in 2025, ní hamháin i gcomhthéacs chúrsaí fostaíochta ach mar gheall ar an stratéis atá aige ó thaobh cúrsaí digiteacha freisin. Tá pleananna leagtha amach aige. Mar a dúirt an Teachta, tá Gteic ann freisin. Le haghaidh chúrsaí caipitil, tá dhá oiread an méid ann is a bhí in 2019. Tá muid ag dul sa treo ceart. Má tá tuilleadh airgid á lorg aige don chéad bhliain eile, beidh muid in ann é sin a phlé.
Maidir le cúrsaí samhraidh, tá muid tar éis infheistíocht mhór a chur isteach sna coláistí samhraidh le haghaidh na bliana ina bhfuil mé mar Aire. Tá airgead breise do mhná tí agus infheistíocht curtha ar fáil dóibh don chéad uair le blianta fada.
Tuigim go bhfuil brú mór ar spásanna sna choláistí. Caithfimid é sin a phlé. Tá sé deacair anois chun teaghlaigh a mhealladh chun é a dhéanamh agus, sa chaoi sin, an taithí a bhí ag go leor daoine sa seomra seo a chur ar fáil. Sin an fáth ar ardaigh muid an táille go dtí na mná agus fir tí agus an fáth a ndearnamar an infheistíocht a luaigh mé. Táimid ag súil go mbeidh 29,000 foghlaimeoir páirteach i gcúrsaí i 50 coláiste Gaeilge samhraidh sa bhliain seo. Bhí an figiúr 27,000 in 2024.
Comment on this
Ní léir ó na figiúirí go bhfuil airgead suntasach curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim infreastruchtúir agus tithíochta. Tá sé pléite againn go mion minic gurb é seo an ghéarchéim is deacra agus is práinní a bhaineann le todhchaí na Gaeltachta. Mar a dúirt mo chomhghleacaí taobh liom, tá fáilte roimh aon mhaoiniú nó tacaíocht sa bhreis, ach is airgead suntasach atá ag teastáil chun dul i ngleic leis seo. Tuigim go bhfuil ról le himirt ag an Roinn tithíochta chomh maith, ag na húdaráis áitiúla, ach ar ndóigh is eisean an tAire agus tá a Roinn freagrach as an nGaeltacht agus a todhchaí. Mar sin, seans gur féidir leis an Aire a thaispeáint dom an méid atá á dhéanamh agus freagra a thabhairt ar na bearnaí atá ann.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Teachta McGuinness. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Snodaigh, táim sásta ag an bpointe seo faoin airgead atá i gcúram an údaráis. Mar a dúirt mé, tá dhá oiread an méid ann sa bhuiséad caipitil anois mar a bhí ann in 2019. Tá sé tar éis infheistíocht a chur, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, i gcúrsaí cosúil leis an Gteic. Mar a dúirt mé, tá deiseanna eile ag an údarás chun airgead caipitil a fháil. Mar shampla, bhíomar in ann obair leis an údarás faoin áras pobail i Maigh Cuilinn. Bhí siad in ann €1 milliún breise a fháil ó mo Roinn faoin CCIF. Tá an údarás agus an rannóg cúrsaí chaipitil i mo Roinn ag obair faoin ionad nua oideachais i gColáiste Lurgan. Tá an t-ionad nua sin faoi chúram an údaráis, ach tá an t-airgead ag teacht ón Roinn taobh amuigh den airgead atá ag dul go dtí an t-údarás.
Comment on this
Tá ceist agam ar an méid sin. An bhfuil aon chuid den airgead caipitil i gcomhair tionscadal atá ring-fenced i dtaobh forbairt tithíochta nó pleanáil i dtaobh chúrsaí tithíochta de?
Comment on this
Táimid tar éis airgead a thabhairt go dtí an t-údarás chun oifigigh nua a bhunú. Tá an t-airgead ag teacht ón údarás go dtí oifigigh le haghaidh tithe folmha sa Ghaeltacht i gcontaetha Gaeltachta. Tá sé leagtha amach go bhfuil a lán tithe folamh. Táimid tar éis an t-airgead a thabhairt tríd an údarás chun daoine a fhostú. Tá oifigeach fostaithe i gContae Mhaigh Eo - níl sé sin tábhachtach - agus tá sé ag cur na bhfigiúirí le chéile faoi na tithe folmha atá ann. Tá sé suimiúil, maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, gur ceadaíodh níos mó ná 300 iarratas maidir leis an deontas athchóirithe sna ceantair Ghaeltachta: 15 i nGaeltacht Chorcaí, 152 i nGaeltacht Dhún na nGall, 70 i nGaeltacht na Gaillimhe, 32 i nGaeltacht Chiarraí, cúig i nGaeltacht Phort Láirge, 27 i nGaeltacht Maigh Eo agus iarratas amháin i nGaeltacht na Mí. As na hiarratais sin, tá €13 milliún idir na seacht gcontae ag dul le cúrsaí cheadúnas pleanála freisin.
Comment on this
Seans go bhfuil na figiúirí os comhair an Aire agus é á léamh. An bhfuil aon fhigiúr ag an Aire i dtaobh an méid a ceadaíodh do na hiarratais sin agus a diúltaíodh? Is leor céatadán fiú, má tá sé aige.
Comment on this
Tá €13 milliún idir na seacht gcontae Gaeltachta. Níl na figiúirí faoinar diúltaíodh agam ag an bpointe seo, ach gheobhaidh mé iad don Teachta. Léiríonn sé sin go bhfuil a lán oibre ar siúl sa Ghaeltacht. Freisin, tá an líon ceadúnas pleanála sa Ghaeltacht suimiúil. I gCiarraí, i ráithe 3 den bhliain 2024 bhí 48 ceadúnas pleanála sna ceantair Gaeltachta. I ráithe 3 den bhliain seo caite, bhí 66. Tá ardú ag teacht ar líon na gceadúnas pleanála freisin. Táimid ag obair leis an údarás. Níl na figiúirí againn fós faoin talamh atá aige nach mbeidh sé ag úsáid le haghaidh chúrsaí tionscail. Táimid ag obair leis an údarás agus le hUisce Éireann chun plean a chur le chéile chun na seirbhísí a chur go dtí an phleanáil sin ionas go mbeidh an t-údarás in ann dul go dtí AHB nó comhlacht cosúil leis sin chun iad a fhorbairt. Ar an gcéad dul síos, táimid ag iarraidh obair go mbeidh cúrsaí salachair agus uisce ar an talamh sin agus go mbeidh siad in ann í a úsáid le haghaidh chúrsaí tithíochta. Táimid ag obair, mar a dúirt mé. Bhí cruinniú eile tar éis sin le príomhfheidhmeannaigh na húdaráis áitiúla. Bhí cruinniú agam leis na príomhfheidhmeannaigh sin an Déardaoin seo caite faoi bhrú a chur ar na húdaráis áitiúla agus na comhlachtaí pleanála obair leis an údarás agus leis na comhlachtaí áitiúla.
Comment on this
Is dócha go ndéarfadh siad go bhfuil siad ag feitheamh ar na treoirlínte pleanála teanga. Tá ceist-----
Comment on this
Níl aon ghá leis sin. Níl aon ghá fanacht mar tá siad in ann dul ar aghaidh. Tá deiseanna dul ar aghaidh agus tá sé sin soiléir ón ardú mór i líon na gceadúnas. Táimid ag cur brú ar an Roinn tithíochta faoi na treoirlínte, ach tá deiseanna eile chun dul ar aghaidh. Tá deiseanna ag baint le tithe folmha. Táimid in ann dul ar aghaidh.
Comment on this
Is cinnte go bhfuil, agus níor cheart go mbeadh aon leithscéal ag aon rannóg den Stát faoin gceist áirithe sin. Tá ceist agam faoin athbhreithniú ar na pleananna teanga. Is léir ón rud iomlán, agus ní gá dúinn isteach i ngach réimse de, nach bhfuil dóthain á dhéanamh ag an Rialtas chun tacú leis an bpróiseas ina iomláine. Tá dea-obair ar bun, agus níl aon duine ag iarraidh tógáil ón méid sin, ach níl dóthain á dhéanamh. Tá an-chuid fadhbanna i gceist. Tá ceachtanna le foghlaim, go háirithe i dtaobh tithíochta de. Nílim chun é sin a phlé go mion. Tá airgead ag teastáil chun tacú le tionscadal, i dtaobh tuarastal agus pinsin, chun daoine a choimeád sna poist agus chun daoine a earcú. Tuigimid go léir. Mar iaroifigeach pleanála teanga, tá a fhios agam go bhfuil sé deacair daoine a choimeád sna poist sin, go háirithe leis an margadh fostaíochta sa tslí ina bhfuil sé faoi láthair.
Comment on this
Ar an gcéad dul síos, táimid chun €3 milliún breise a chaitheamh sa phróiseas pleanála teanga in 2026 ná mar a chaitheamar anuraidh. Tuigim go bhfuil daoine faoi bhrú agus go bhfuil deiseanna eile ag daoine mar gheall ar an taithí ag oifigigh pleanála teanga. Sin an fáth go raibh an t-athbhreithniú againn agus gur fhoilsíomar an t-athbhreithniú. Sin an fáth, ónar d'fhoilsíomar an t-athbhreithniú, go raibh a lán cruinnithe idir fhoireann na Roinne agus na hoifigigh pleanála teanga. Beidh cruinniú agam leo an tseachtain seo chugainn chun an t-athbhreithniú sin a phlé agus chun dul i dtreo ina bhfuilimid ar an mbóthar céanna. Beidh difríochtaí ann gan dabht faoi sin, ach tá i bhfad níos mó airgid breise ar fáil. Beidh mé ag obair leis an bhfoireann seo atá tar éis an t-uafás oibre a chur isteach, ní hamháin le haghaidh na mblianta, ach go háirithe ónar d'fhoilsíomar an t-athbhreithniú, chun an t-athbhreithniú a phlé agus na fadhbanna eile leis an bpróiseas seo a phlé. Tá sé soiléir go bhfuil deiseanna ann. Tá sé soiléir ón airgead breise - €3 milliún - atáimid tar éis cur isteach.
Is é an t-ardú is mó sa Roinn agus is léir ó seo go bhfuilimid dáiríre faoi seo. Tá mé chun cuidiú leo an tseachtain seo chugainn agus plé go díreach leis na hoifigigh phleanála. Tá mé dírithe ar phróiseas ar a bhfuilimid go léir aontaithe. Tá siad ag déanamh jab iontach, agus jab an-tábhachtach freisin, agus tá sé tábhachtach go bhfuilimid ar an mbóthar céanna. Beidh difríocht ann. Níl mé ag iarraidh go mbeimis ar an leathanach céanna. Beidh difríocht ann ach tá sé tábhachtach go bhfuilimid ag dul sa treo céanna agus tá sé i gceist agam an t-uafás oibre a chur isteach.
Comment on this
Tá cúpla ceist simplí agam maidir le cúrsaí caiteachais. Tugaim faoi deara go bhfuil an Roinn, anuraidh agus i mbliana, ag caitheamh níos mó ar scéimeanna tacaíochta Gaeilge ná scéimeanna tacaíochta Gaeltachta. An raibh sé i gcónaí mar sin nó an bhfuil athrú ar rudaí le bliain nó dhó anuas?
Comment on this
Sin ar scéim amháin. Má bhreathnaítear ar bhuiséad na Roinne, nó an chuid seo den Roinn, táimid ag cur i bhfad níos mó airgid go dtí cúrsaí Gaeilge ná na Gaeltachta. I mbliana, áfach, bhí cúpla projects taobh amuigh den Ghaeltacht cosúil le Gaeilge 365 anseo i mBaile Átha Cliath agus tugann sé sin ar ais muid go dtí an comhrá a bhí againn leis an Teachta McGuinness. Is é sin an model a mbeimid ag úsáid sna húdaráis áitiúla i ngach chuid den tír. As Gaeilge 365, beidh beagnach 300,000 deiseanna breise ag daoine chun Gaeilge a úsáid sna comhairlí áitiúla i mBaile Átha Cliath, ní hamháin sa chathair ach sna comhairlí Fingal, South Dublin agus Dún Laoghaire. Is infheistíocht mhór é sin atá b’fhéidir taobh amuigh den Ghaeltacht agus atá ag cur go mór leis an nGaeilge.
Comment on this
Tá sé ráite sa ráiteas tosaigh go ceadóidh sé seo "bunú struchtúr ina ndírítear ar earnáil na luathbhlianta trí mheán na Gaeilge a fhorbairt lasmuigh den Ghaeltacht". An bhfuil an tAire muiníneach go bhfeicfimid níos mó spásanna san earnáil luathbhlianta do ghasúir taobh amuigh den Ghaeltacht, chun tús a chur lena saol oideachais trí mheán na Gaeilge?
Comment on this
Táimid dírithe air sin. Ní muidne an Roinn oideachais, áfach. Tá sé sin á phlé againn leis an Roinn sin. Tá plean nua ag an Roinn oideachais agus bíonn mo chuid oifigigh i dteagmháil leis an Roinn sin go minic ag an bpointe seo chun go mbeidh na deiseanna sin ann. Maidir le cúrsaí luathbhlianta taobh amuigh den Ghaeltacht, táimid ag obair leis an Roinn leanaí freisin agus táimid ag scrúdú na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis sin. Tá plean náisiúnta luathbhlianta á ullmhú ag an Roinn leanaí agus táimid ag obair leis an Roinn sin ar sin le go mbeidh deiseanna sna seirbhísí luathbhlianta taobh amuigh den Ghaeltacht ar fáil faoin phlean sin. Beidh sin á phlé agam leis an tAire, an Teachta Foley, freisin.
Comment on this
An uair dheireanach a bhí an príomhfheidhmeannach linn, dúirt sé go raibh athrú ar an stíl caiteachais sa Roinn le cúpla bliain anuas. Uair amháin, bhí an chuid is mó den chaiteachas ar chúrsaí bóithre agus ar chéibheanna, taobh amuigh de na hoileáin. Cén uair is déanaí a chaith an Roinn seo airgead ar nós sin?
Comment on this
Táimid ag obair sa chuid eile den Roinn. Táimid tar éis €180 milliún a chaitheamh ó 2017 ar na bóithre faoin LIS. Tá sé geallta sa chlár Rialtais go mbeidh scéim ag teacht ar ais do na bóithre Gaeltachta. Tá an Teachta Connolly agus na Teachtaí eile sa Rialtas ag cur brú orm faoi sin ach ní bheidh sé sin ag tarlú an bhliain seo. Níl an deis againn. Tuigim an tsuim atá ag an Teachta agus ag an Teachtaí eile sa scéim sin. Tá deiseanna eile ann chun airgead a fháil do bhóithre nach raibh ann sna laethanta nuair a bhí an scéim sin ann.
Comment on this
Tá ceist agam ar an Aire maidir leis an ardú ar an airgead atáimid ag caitheamh ar chúrsaí phleanála teanga. Is maith an rud é sin agus chuireamar ar fad fáilte roimhe sin. Imní amháin atá orm maidir leis an ról mar oifigeach phleanála teanga ná cé go bhfuilimid ag tabhairt an maoiniú d'Fhoras na Gaeilge agus don údarás, tá na hoifigigh phleanála teanga fós fostaithe ag coistí deonacha. Níl aon fhianaise agam ach tá imní orm go bhfuil coinníollacha difriúla ag gach eagraíocht a bhfuil daoine fostaithe acu. An bhfuilimid in ann caighdeán a leagan síos chun go mbeidh siad ar fad fostaithe ar na coinníollacha céanna?
Comment on this
Braitheann sé sin ar an leibhéal ag a bhfostaíodh iad ach tuigim an bhuairt atá ar an Teachta go bhfuil coinníollacha difriúla ag na hoifigigh. Braitheann sé sin ar na comhlachtaí. I gcomhthéacs na gcainteanna atá againn agus an obair a bheimid ag déanamh tar éis foilsiú an athbhreithnithe, beidh sin á scrúdú agam.
Comment on this
Ní fheicim aon airgid curtha ar leataobh do thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Mar sin glacaim leis nach bhfuil siad ag teacht i mbliana nó beidh ar an Aire dul chuig an Aire chun airgead ar leith a fháil.
Comment on this
Táimid dírithe ar an mBille a chríochnú sa Dáil. Táimid beagnach réidh leis na leasuithe deireanacha a thabhairt os comhair na Dála agus beimid in ann é sin a dhéanamh roimh an samhradh. Ina dhiaidh sin, caithfimid na cúrsaí taobh amuigh den Bhille a phlé. Ní faoi na toghcháin amháin an Bille ach caithfimid na sonraí sin a phlé leis na ceannairí Rialtais. Má tharlaíonn na toghcháin, beimid in ann airgead a fháil.
Comment on this
Airgead do na toghcháin, airgead don údarás chun cur leis an bhfoireann toisc an mBille agus-----
Comment on this
Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil an t-údarás in ann an rud atá sé ag déanamh a dhéanamh go maith. Rinne sé an-jab in 2025 agus an éiginnteacht a bhí ann faoi chúrsaí fostaíochta. Tá sé tar éis postanna breiseanna a chruthú i gcúrsaí digiteacha san Gteiceanna agus ó thaobh cúrsaí phleanála teanga. Tá sé ag déanamh an-jab san ach tá cúpla rud le déanamh againn sa Bhille sin agus tiocfaimid ar ais chuig an gcoiste le haghaidh an Bhille sin roimh-----
Comment on this
Samhradh na bliana seo gan dabht.
Comment on this
Feicim athrá arís ar Choláiste Lurgan, Conradh na Gaeilge - don áras atá aige - agus Cé Inis Oírr. Gach uile bhliain bíonn siad luaite. Bíonn an t-airgead ann. Níl a fhios agam an gcaitear é gach uile bhliain. Bíonn méid áirithe ag teastáil nuair a thosaíonn project. Tá a fhios againn go bhfuil an togra ar Shráid Fhearchair tosnaithe agus, go bhfios dom, an ceann i gColáiste Lurgan chomh maith. Glacaim leis go bhfuil dáta críochnaithe ag an Aire dóibh siúd. Níl a fhios agam faoi Ché Inis Oírr. Níl aon eolas agam faoi. Ar thosaigh sé go fóill?
Comment on this
Tá Cé Inis Oírr tosaithe. Bhí cruinniú poiblí ar an oileán an Déardaoin seo caite faoin obair atá le déanamh agus bhí slua mór ann. Thug na tógálaithe Ward and Bourke na sonraí do na daoine. Tá an t-uafás ullmhúchán le déanamh agus beidh an obair mhór ag tosnú sa samhradh. Braitheann sé ar an aimsir. Táimid ar an mbóthar ceart áfach. Maidir le Coláiste Lurgan, táimid imithe go tender. Tá an ceadúnas imithe go tender agus táimid ag fanacht chun iad sin a fháil ar ais. San am seo, níl a fhios againn cad a thiocfaidh ar ais. Bhí moill ar thogra Shráid Fhearchair mar bhí buairt ann faoi fadhbanna ar an site ach táimid ag dul ar aghaidh leis an obair dian anois leis an OPW. Tá an t-uafás oibre ar siúl ar Shráid Fhearchair agus ar Ché Inis Oírr agus táimid ag dul go tender le haghaidh Coláiste Lurgan.
Comment on this
An bhfuil aon airgead ar leith de dhíth chun ócáidí a eagrú nó chun cuidiú le hUachtarántacht an Aontais Eorpaigh i mbliana? An dtiocfaidh sé sin as-----
Comment on this
Níl an píosa seo dírithe air sin. Sa Roinn, áfach, táimid chun cúpla ardchruinniú a chur le chéile faoi chúrsaí teanga. Nuair a d’fhreastail mé ar Pharlaimint na hEorpa i Strasbourg roimh an Nollaig, bhí cruinniú agam le coiste na dteangacha. Tá coiste ansin a bhaineann le teangacha, cosúil le coiste na Gaeilge anseo. Úsáidtear an frása, "minority languages", ach is fuath liom an frása sin. Táimid chun díriú air seo i gcomhpháirt leis na tíortha eile agus beidh ardchruinniú againn sa Roinn iomlán, idir an Roinn seo agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, faoin obair atá ar siúl sa dá Roinn agus i ngach roinn san Eoraip. Sa chomhthéacs sin, beidh mé ag cur béim ar chúrsaí Gaeilge.
Is é an tAire Stáit, an Teachta Byrne, atá i gceannas ar an Uachtaránacht agus tá sé ag cur an-bhéim ar úsáid na Gaeilge i ngach deis atá againn san Uachtaránacht, idir gach Roinn, cruinniú agus summit.
Comment on this
Ba bhreá linn dá mbeadh an coiste seo mar chuid den chomhrá faoi aon rud a tharlóidh mar chuid den Uachtaránacht. Bheinn fíorbhuíoch as sin. Cuireann sé sin críoch lenár mbreithniú inniu. De réir Bhuan-Ordaithe 223(2), is féidir leis an roghchoiste tuarascáil a ullmhú maidir leis an mbreithniú atá déanta againn inniu agus é a leagan faoi bhráid Dháil Éireann, más maith leis an roghchoiste é sin a dhéanamh, nó is féidir leis an roghchoiste glacadh leis an teachtaireacht chuig Cléireach na Dála mar thuarascáil an choiste. Cé acu is mian le comhaltaí?
Comment on this
An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Agus é sin comhaontaithe againn, molaim go gcuirfimid é sin in iúl do Chléireach na Dála mar chuid den teachtaireacht thuasluaite. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe do sheirbhísí 2026, Vóta 42 – An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Gabhaimid ár mbuíochas leis an Aire agus le gach duine ón Roinn as ucht teacht anseo inniu. Cuireann sé sin críoch lenár gnó inniu.