Resignation and Appoinment of Ministers
Roinn an Taoisigh
Department of the Taoiseach
Baile Átha Cliath 2
Dublin 2
Uimhir Thagartha
Ref. No. S.21098B
16 Nollaig, 1980.
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ag gníomhú dó ar chomhairle an Taoisigh, tar éis glacadh inniu, de bhun Airteagail 28.9.3º den Bhunreacht, le
Mícheál Ó Cinnéide
(Michael O'Kennedy)
d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas le héifeacht ó 3.30 p.m. ar an 16 Nollaig, 1980.
Dermot Nally
Rúnaí an Rialtais.
Roinn an Taoisigh
Department of the Taoiseach
Baile Átha Cliath 2
Dublin 2
Uimhir Thagartha
Ref. No. S.21098B
16 Nollaig, 1980.
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit
(1) go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis
Tomás Ó Nualláin
(Tom Nolan),
comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhalta den Rialtas; agus
(2) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis
(a) sannadh na Roinne Saothair do
Eoghan Mac Gearailt
(Gene Fitzgerald)
a fhorcheannadh agus an Roinn Airgeadais a shannadh dó agus
(b) an Roinn Saothair a shannadh do
Thomás Ó Nualláin
(Tom Nolan),
comhalta den Rialtas.
Dermot Nally
Rúnaí an Rialtais.