Appointment of Ministers of State.
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu
(1) ar mholadh an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, tar éis
Tomás Ó hEodhusa, T.D.
(Thomas Hussey, T.D.),
a chur as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta; agus
(2) ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis
Tomás Ó hEodhusa, T.D.
(Thomas Hussey, T.D.),
a cheapadh chun oifigí Aire Stáit ag an Roinn Sláinte agus ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus
Micheál Mac Gabhann, T.D.
(Michael Smith, T.D.),
a cheapadh chun oifig Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta.
Dermot Nally
Rúnaí an Rialtais
The Seanad adjourned at 8.30 p.m. until 10.30 a.m. on Friday, 19 December 1980.