We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad

Appointment of Taoiseach, Members of Government, Ministers of State.

I have to inform the House that letters dated 10, 12 and 31 March 1987 have been received from the Secretary to the Government regarding:—

(a) the appointment of Charles J. Haughey as Taoiseach;

(b) the appointment of members of the Government;

(c) the nomination as Tánaiste;

(d) the allocation of Government Departments; and

(e) the appointment of Ministers of State.

The letters will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the debates.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Cathal Ó hEochaidh a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) an tUachtarán, ar ainmniú Dháil Éireann, tar éis Cathal Ó hEochaidh a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.1º den Bhunreacht, mar Thaoiseach;

(2) an tUachtarán, ag gníomhú dó ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhaltaí den Rialtas agus bheith, i dteannta an Taoisigh, mar Rialtas:—

Brian Ó Luineacháin,

Reamon Mac Searraigh,

Gearóid Ó Coileáin,

Seán P. Mac Uilliam,

Micheál Ó Cinnéide,

Micheál Ó h-Uadhaigh,

Ailbhe Mac Raghnaill,

Rádhulf De Búrca,

Breandán Ó Dálaigh,

Pádraic Ó Floinn,

Paralan Ó Eachthairn,

Ruairí Ó hAnnluain,

Micheál S. Ó Núnáin,

agus

Máire Uí Ruairc;

(3) an Taoiseach tar éis Brian Ó Luineacháin a ainmniú de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(4) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Ranna:—

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna Leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh inniu mar Airí Stáit mar a leanas:—

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas, ag cruinniú a bhí acu inniu, Orduithe dar teidil thíos agus le héifeacht, i ngach cás, ón 31 Márta 1987:

(1) An tOrdú Cumarsáide (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Communications (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(2) An tOrdú Cumarsáide (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) (Uimh. 2), 1987,

(Communications (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) (No. 2) Order, 1987);

(3) An tOrdú um Arramara Teoranta (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Arramara Teoranta (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(4) An tOrdú um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustaim na Sionna Teoranta (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Shannon Free Airport Development Co. Ltd. (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(5) An tOrdú Turasóireachta (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Tourism (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

(6) An tOrdú Foraoiseachta agus Fiadhúlra (Riaracháin Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1987,

(Forestry and Wildlife (Transfer of Departmental Administration and Ministerial Functions) Order, 1987);

agus

(7) An tOrdú Talmhaíochta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1987,

(Agriculture (Alteration of Name of Department and Title of Minister) Order, 1987),

i dtéarmaí na dréachtaí a ghaibh leis an meabhrán a thairg an Taoiseach an 25 Márta 1987 (Uimh. Thag. S. 25131).

Is é Cathal Ó hEochaidh, Taoiseach, a fhíordheimhnigh, lena shíniú, séala oifigiúil an Rialtais a greamaíodh de na hOrduithe.

Tá socrú á dhéanamh ag an Roinn seo;

(a) chun na hOrduithe a leagadh inniu faoi bhráid gach Tí den Oireachtas; agus

(b) chun fógra oiriúnach a fhoilsiú san Iris Oifigiúil de bhun alt 3(1)(b) den Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, arna leasú le halt 1 den Acht Ionstraimí Reachtúla (Leasú), 1955.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit:—

(1) go bhfuil an Taoiseach inniu tar éis glacadh le tairiscintí;

Micheál Mac Gabhann, T.D.,

(Michael Smith, T.D.),

agus

Donncha Ó Liatháin, T.D.,

(Denis Lyons, T.D.),

d'éirí as oifig mar Airí Stáit ag Roinn na Mara; agus

(2) go bhfuil an Rialtas inniu, ar animniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis

Micheál Mac Gabhann, T.D.,

(Michael Smith, T.D.),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Fuinnimh (agus freagracht speisialta air maidir le Foraoiseachta),

agus

Donncha Ó Liatháin, T.D.,

(Denis lyons, T.D.,),

a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta agus Iompair (agus freagracht speisialta air maidir le Turasóireachta).

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Taoiseach inniu, i bhfeidhmiú na gcumhachta a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis

(1) sannadh na Roinne Turasóireachta agus Iompair do

Reamon Mac Searraigh,

(Ray MacSharry),

a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Seán P. Mac Uilliam,

(John Patrick Wilson),

comhalta den Rialtas, agus

(2) sannadh na Roinne Cumarsáide do

Seán P. Mac Uilliam,

(John Patrick Wilson),

a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Rádhulf de Búrca,

(Ray Burke),

comhalta den Rialtas.

DERMOT NALLY,

Rúnaí an Rialtais.

Comment on this