Adjournment Matters ›
Gaelscoileanna Issues
Yes, I have no problem with that.
Comment on this
I am indeed. I am looking forward to some spirited contributions.
Comment on this
Tá mé thar a bheith buíoch don Aire Stáit as ucht an t-am a thógáil le teacht isteach chugainn. Baineadh siar as muintir na Gaeltachta Dé Luain seo caite nuair a dúirt daoine a bhí ag labhairt ar Raidió na Gaeltachta thar cheann Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta go bhfuil an eagraíocht sin le scor roimh an Nollaig. Is cosúil go ndearna an bord plé ar staid airgeadais na heagraíochta, vis-à-vis an maoiniú a fhaigheann siad ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag cruinniú éigeandála a bhí acu Dé Sathairn seo caite. Is léir go bhfuil cainteanna ar bun le dhá bhliain anuas idir Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta maidir le cónascadh nó teacht le chéile. Tuigim, agus an t-ábhar seo pléite agam le tamall anuas le daoine ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, go ndeachaigh na comhráití sin píosa fada agus go raibh dul chun cinn an-mhaith déanta. Is léir go raibh an dá ghrúpa toilteanach teacht le chéile chun réiteach a fháil agus sásta comhoibriú chun an ghaelscolaíocht agus an oideachas trí mheán na Gaeilge sna Gaeltachtaí a chur chun cinn.
Dúradh ar an raidió maidin Dé Luain go bhfuil na heagraíochtaí ag maíomh gur fágadh an cheist i lámha an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge - na maoinitheoirí atá ag an dá eagraíocht - agus gur fúthu a bhí sé na céimeanna eile a thógáil maidir le cur chun cinn an chónasctha a bhí beartaithe. Dúradh go raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tarraingt na gcos, go bunúsach, seachas feidhmiú chun an méid a bhí le déanamh a chur chun cinn. Caithfidh mé a rá go gcuireadh sé sin an-imní orm. Nuair a bhí mé mar bhainisteoir ar Cumas Teoranta sula raibh mé i mo Sheanadóir anseo, bhí baint agam le tacaíocht a thabhairt d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus eagar a dhéanamh ar an eagraíocht i gcomhar leis an Roinn - maoiniú a sholáthar, príomhfheidhmeannach a chur ar fáil agus oifig a lonnú i gceantar Mhúscraí agus mar sin de.
Tá an-obair á dhéanamh sa chomhthéacs seo. Tá an scolaíocht Gaeltachta an-éagsúil ón scolaíocht ar fud na tíre. Tá riachtanais faoi leith ag na daltaí, na múinteoirí, na boird bainistíochta, na pobail agus na tuismitheoirí sna scoileanna Gaeltachta. Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag déanamh an-jab go deo ag iarraidh na cásanna sin a chur chun cinn. Rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna cinneadh le déanaí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam a bhaineann leis na scoileanna Gaeltachta, rud nach mbeadh tarlaithe murach iarrachtaí Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Chomh maith leis sin, bhí an eagraíocht ag oibriú go dlúth leis na scoileanna ó thaobh polasaí láidir teanga a chur chun cinn. Mar is eol don Aire Stáit, tá caomhnú na Gaeilge sna Gaeltachtaí lárnach sa straitéis 20 bliain ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge. Tá sé riachtanach go mbeadh tobar maith de chainteoirí líofa ar fáil sna ceantair Ghaeltachta le tacú leo siúd gur mian leo an Ghaeilge a úsáid mar theanga labhartha.
Is é sin an fáth gur chuir sé an-iontas orm fógra na deireadh seachtaine seo caite a chloisteáil. An féidir leis an Aire Stáit ráiteas an-soiléir a dhéanamh anseo anocht go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta? Ba cheart don Roinn dul i mbun comhráití leis an eagraíocht láithreach lena chinntiú nach gcuirfear an eagraíocht ar scor agus lena dheimhniú ní hamháin go leanfar leis an obair mhaith atá ar bun ag an eagraíocht, ach go ndéanfar forbairt ar an obair sin. Beidh an-cháineadh á dhéanamh againn má imíonn Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Buille mór tubaisteach a bheadh ann don oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá súil agam go ndéarfaidh an tAire Stáit linn go bhfuil seo i gceist aige suí síos agus an cheist seo a phlé leis na feidhmeannaigh ina Roinn, le muintir Fhoras na Gaeilge, leis na Gaelscoileanna agus le Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. Ba cheart é sin a dhéanamh leis an gcónascadh a bhí beartaithe agus aontaithe a thabhairt chun cinn ionas go dtiocfaidh bláthú ar an oideachas trí mheán na Gaeilge.
Comment on this
Tá lúcháir orm deis a bheith agam cúpla pointe a dhéanamh i gcomhar le mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, i dtaca leis an ábhar seo, a chuireann isteach ar chúrsaí oideachais, agus ar an saol go ginearálta, sa Ghaeltacht. Tá díomá mór ar bhaill de bhord stiúrtha Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta de bhrí go bhfuil éiginnteacht i gceist i dtaca leis an mhaoiniú a bheidh ar fáil don eagraíocht ó dheireadh na bliana seo ar aghaidh. Tuigim ón eagraíocht go bhfuil an Roinn ag moladh nach mbeidh aon mhaoiniú ar fáil don eagraíocht ó mhí Eanáir 2014 ar aghaidh. An bhfuil sé sin fíor? An féidir leis an Aire Stáit gealltanas a thabhairt dom anocht go bhfuil todhchaí an eagraíocht cinnte, slán agus sábháilte?
Mar a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, tá obair iontach ar siúl ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag plé le heagrais náisiúnta agus leis an Roinn. Mar is eol don Aire Stáit, níl sé furasta é sin a dhéanamh nuair atá cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí Gaeloideachais i gceist. Baineann an remit náisiúnta atá ag an eagraíocht seo ní hamháin leis an oideachas sa Ghaeltacht ach freisin leis an nGaeloideachas go náisiúnta. Tá sé tábhachtach go mbeidh an eagraíocht seo slán sábháilte. Caithfidh mé a rá go gcuirfeadh sé iontas mór orm dá mairfeadh an éiginnteacht seo níos faide. Is mór an trua é go gcaithfidh muid an t-ábhar seo a ardú anocht. Tá sé tábhachtach é a ardú chun na freagraí a phlé. Má tá dáiríreacht ag baint leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, shílfeá go mbeadh ról ag an eagraíocht a bhaineann le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht sa phróiseas seo. Tá súil agam go mbeidh soiléireacht ar fáil anocht, go háirithe os rud é go bhfuil éiginnteacht agus ísle brí ag baint leis an eagraíocht agus le baill an bhoird.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht deis a thabhairt dúinn an t-ábhar seo a phlé anocht. Bunaíodh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta sa bhliain 1987 mar scáth-eagras chun cabhair, treoir agus tacaíocht a thabhairt do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus chun abhcóideacht a dhéanamh thar a gceann maidir le hábhair chomónta a bhaineann leo. Ba é an aidhm a bhí le bunú na heagraíochta ná dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhí ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí na Gaeltachta leis an gcóras oideachais agus go háirithe le téacsleabhair Ghaeilge oiriúnacha a fháil dá bpáistí. Bhí obair na heagraíochta roinnte idir trí choiste ar dtús: coiste na Mumhan, coiste Uladh - nó Gaeil Uladh - agus coiste an iarthair agus na Mí. Cuireadh in iúl don eagraíocht sa bhliain 2005 nach mbeadh aon deontas nua á cheadú ag an Roinn go dtí go mbeadh athbhreithniú déanta ar an struchtúr seo agus coiste nua curtha le chéile ar a mbeadh ionadaíocht ag tuismitheoirí, múinteoirí agus boird bhainistíochta. Thosaigh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag obair leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chun tabhairt faoi athstruchtúrú iomlán. Chuir mo Roinn cúnamh ar fáil dóibh le go mbeadh siad in ann tabhairt faoin athstruchtúrú. Aontaíodh bunreacht nua, roghnaíodh coiste stiúrtha ar a raibh ionadaíocht ó na páirtithe éagsúla agus cláraíodh an eagraíocht mar chomhlacht. Roghnaíodh Baile Bhúirne mar cheanncheathrú don eagraíocht agus fostaíodh foireann ann. Ón mbliain 2007, tá os cionn €780,000 ceadaithe ag mo Roinn chun cur ar a gcumas foireann a fhostú agus oifig a riar.
Bhí sé i gceist ón tús go mbeadh an eagraíocht ag feidhmiú mar bhrateagraíocht thar ceann scoileanna uile na Gaeltachta. Bhí sé mar cheann de tháscairí feidhmíochta mo Roinne go mbeadh "ballraíocht fholláin acu chomh maith le seirbhís agus cumarsáid rialta le scoileanna na Gaeltachta". Idir 2007 agus 2009, bhí cumarsáid agus comhfhreagras idir mo Roinn agus an eagraíocht inar léiríodh go raibh cúis imní ann do mo Roinn maidir le plean forbartha na heagraíochta, easpa spriocanna sonracha agus easpa caidrimh eolais idir ESG agus rannpháirtithe eile san earnáil oideachais. Mar a deirim, ba é an tuiscint a bhí ag mo Roinn ná go mbeadh an eagraíocht ag feidhmiú mar bhrateagraíocht thar ceann scoileanna uile na Gaeltachta. Ón teagmháil a bhí ag foireann mo Roinne le scoileanna sa Ghaeltacht agus ón taighde a bhí déanta, bhí an chosúlacht air go raibh an teagmháil agus an caidreamh idir na scoileanna agus an eagraíocht neamhiomlán. Go deimhin, bhí go leor scoileanna sa Ghaeltacht nach raibh ar an eolas faoin eagraíocht ar chor ar bith. I mí Feabhra 2010, ag cruinniú cinn bhliana na heagraíochta, léiríodh míshástacht áirithe le feidhmiú na heagraíochta. I Meán Fómhair 2010, d’aontaigh an eagraíocht phlean straitéiseach nua agus leagadh amach spriocanna agus polasaithe don tréimhse 2010 go 2013. Faoi dheireadh 2011, ba léir go raibh plé ar siúl taobh istigh den eagraíocht féin agus le Gaelscoileanna agus é mar sprioc acu an dá eagraíocht a chónascadh. Ó mhí na Samhna 2011 ar aghaidh, cheadaigh mo Roinn deontais reáchtála chun deis a thabhairt don eagraíocht an cónascadh a bhí á phlé acu le Gaelscoileanna a chur i gcrích: €70,000 don tréimhse ó Shamhain 2011 go Bealtaine 2012, €70,000 don tréimhse ó Mheitheamh 2012 go Nollaig 2012; agus €52,500 don tréimhse ó Bhealtaine 2012 go Nollaig 2013.
Thuig Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta go bhfuair siad airgead le dhá bhliain anuas ó mo Roinn ar an mbunús go rachadh an cónascadh a bhí i gceist acu ar aghaidh. Níor chóir mar sin go mbeadh aon iontas ar an eagraíocht go bhfuil deireadh leis an gcúnamh sin anois os rud é nach bhfuil an cónascadh sin ag dul ar aghaidh agus os rud é gur tógadh cinneadh ag cruinniú urghnách Dé Sathairn seo caite an eagraíocht a scor. Sna cúinsí sin, níl sé de rogha ag mo Roinn leanúint le maoiniú a chur ar fáil don eagraíocht. San aeráid eacnamaíoch reatha, caithfidh mo Roinn an éifeachtúlacht is fearr a bhaint as an soláthar atá ar fáil ón Státchiste. Sa chomhthéacs seo, ní miste na socruithe nua maoinithe d'Fhoras na Gaeilge, atá faofa ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas, a lua agus cinneadh tógtha go mbeidh sé eagraíocht ceannais ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge i réimsí tosaíochta ar leith, lena n-áirítear oideachas trí mheán na Gaeilge. Táthar ag súil go mbeidh an eagraíocht ceannais a thiocfaidh chun tosaigh sa réimse seo ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta araon. Ar ndóigh, beidh deis ag an eagraíocht, ag Gaelscoileanna agus ag aon eagraíocht eile iarratas a dhéanamh faoi phróiseas tairisceana an fhorais, más mian leo sin a dhéanamh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an-díomá go deo orm leis an bhfreagra a thug sé dúinn. De réir na tuisceana atá againn, rinne an dá eagraíocht gach rud a iarradh orthu maidir leis an gcónascadh. D'fhág siad na comhráití ag doras Foras na Gaeilge agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Níor fheidhmigh an Roinn agus an fhoras orthu sin. Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil gearradh siar de €140,000 in aghaidh na bliana á dhéanamh. Nuair a bhainfear an maoiniú sin as Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, beidh deireadh leis an eagraíocht. Níl aon rogha ag an eagraíocht ach scor muna bhfuil aon ghealltanas maoinithe acu. Fiú ag an staid deireanach seo, iarraim ar an Aire Stáit gan fáil réidh le Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta. An bhfuil sé sásta cruinniú a ghairm idir feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge agus na Roinne agus ionadaithe na Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta? Ba cheart staidéar a dhéanamh ar dhá rud ag an gcruinniú sin - an féidir leanúint ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe agus an féidir an €140,000 in aghaidh na bliana ó chiste na Gaeltachta, a bhíodh á chaitheamh ar scolaíocht Gaeltachta agus oideachas Gaeltachta, a fhágáil sa bhuiséad. Ní ghlacfaidh muid le gearradh siar den chineál sin.
Comment on this
Tá mórchuid ráite ag an Seanadóir Ó Clochartaigh agus agam féin. Tá díomá orm faoin fhreagra. Is léir go bhfuil sé seo mar chuid den mhéid atá socruithe sa chomhthéacs maoinithe nua le Foras na Gaeilge. Níor thug muidne tacaíocht don pholasaí sin nuair a bhí sé á phlé againn. D'ardaigh muid ceisteanna faoi nuair a bhí an polasaí úr sin á thabhairt chun tosaigh ag an Rialtas. Tá obair iontach déanta ag an eagraíocht seo. Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte locht a chaitheamh orthu má tá ceist faoin ról atá acu. Molaim don Aire Stáit, má tá sé sásta é a dhéanamh fiú ag an bpointe seo, suí síos leis an eagraíocht agus an t-ábhar seo a phlé leo. B'fhéidir gur féidir teacht ar dóigh chun maoiniú a chur ar fáil. Ní airgead mór atá i gceist anseo i gcomhthéacs todhchaí na teanga agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Molaim don Aire Stáit buaileadh leo, más féidir. Tá súil agam go bhfuil sé sásta suí síos leo agus an t-ábhar seo a phlé.
Comment on this
Bhí níos mó ná cruinniú amháin agam leis an eagraíocht seo le cúpla bliain anuas. Bhí ar a laghad dhá nó trí chruinniú agam leo. Mar a dúirt mé, fuair siad an t-airgead le dhá bhliain anuas ar an tuiscint go raibh cónascadh le déanamh idir iad fhéin agus na Gaelscoileanna. Ní raibh sé mar fhreagracht ar an Roinn, ar an bhforas, ar an údarás nó ar dream ar bith eile an cónascadh agus an comhtháthú seo a eagrú - bhí sé le réiteach idir an dá eagraíocht. Tar éis dhá bhliain agus allúntas coinníollach a fháil acu, más féidir liom é a chur mar sin, ní raibh aon dul chun cinn déanta. Ní fhéadfaimís dul ar aghaidh mar seo bliain in aghaidh bliana.
Maidir le oideachas Gaeilge agus oideachas Gaeltachta, tá baint dhíreach ag eagraíochtaí áirithe le gach scoil Gaeltachta sa tír seo. Ní gá dom cur in iúl don Seanadóir Ó Clochartaigh nó don Seanadóir Ó Domhnaill go bhfuil eagraíochtaí cosúil le Muintearas i dteagmháil go rialta - gach lá sa tseachtain - le scoileanna ar fud na Gaeltachta. Nuair a bhí mé i gCorca Dhuibhne ag an deireadh seachtaine, d'fhoglaim mé go mbíonn Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne i dteagmháil le scoileanna Gaeltachta i gCúige Mumhan. Tá na heagraíochtaí sin ann. Nuair a déanfar tuilleadh plé ar an gceist seo amach anseo, b'fhéidir go mbeidh ról ag eagraíochtaí mar sin, atá istigh sna scoileanna lá i ndiaidh lae.
Dúradh nach bhfuil i gceist anseo ach cúpla euro nó mar sin, ach tá gach €140,000 thar a bheith tábhachtach i láthair na huaire nuair atáimid ag iarraidh oiread agus is féidir linn a dhéanamh laistigh de na hacmhainní teoranta atá againn. Má tá eagraíochtaí istigh sna scoileanna ag plé leo cheana féin, agus aithne fairsing ar gach rud atá ag tarlú sna scoileanna, caithfimid amharc ar na féidearthachtaí - b'fhéidir go bhfuil siad in ann ionadaíocht a dhéanamh maidir le oideachas sa Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, tá socrú déanta agam leis an Aire ó Thuaidh, Carál Ní Chuilín, i dtaobh na heagrais bhunmhaoinithe. Beidh ceann de na heagraíochtaí nua ag plé le oideachas trí Ghaeilge. Ní fheicim an fáth nach mbeidís in ann plé a dhéanamh leis an oideachas ó Thuaidh agus ó Dheas - ar an oileán ar fad.
Ba mhaith liom a rá mar fhocal scoir go bhfuil seimineár á réachtáil faoi scáth na Roinne i mBaile Átha Cliath amárach. Tá cuireadh faighte ag na heagraíochtaí Gaeilge go léir teacht chuig an seimineár sin. Is dócha go mbeidh an cheist seo á phlé ansin. Tá an dearcadh atá agam i láthair na huaire leagtha amach agam. Bhí an cónascadh agus an comhtháthú le déanamh, ach tar éis dhá bhliain ní raibh sé tarlaithe go fóill. Tháinig baill na heagraíochta le chéile ag cruinniú an-tábhachtach ag an deireadh seachtaine agus tá siad tar éis an eagraíocht a scor ag an bpointe seo.