We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad
‹ Order of Business

Support for Irish language debate

Summary

Senator Ó Clochartaigh seconds the proposed Irish-language debate, arguing that the Commissioner resigned because the State disregards language law and has allowed language schemes and recruitment policy to fail.

Ba mhaith liom tacú leis an leasú ar Riar na hOibre atá molta ag an Seanadóir Ó Domhnaill. Cuireann sé alltacht orm an easpa tuisceana agus an easpa suime agus an easpa measa atá á léiriú ag Seanadóirí an Rialtais ar an gceist seo inniu.

Comment on this
Paddy Burke An Cathaoirleach Fine Gael

Is the Senator seconding the proposal?

Comment on this

I am. Ba mhaith liom a mheabhrú dóibh gur fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inné go bhfuil sé ag éirí as. Ní CEO ar eagraíocht Stáit atá i gceist anseo. Is ról ombudsman atá i gceist. Go bhfios dom, is é seo an chéad uair i stair an Stáit go raibh ar ombudsman, nó duine sa ról sin, éirí as a gcuid dualgais ar bhunphrionsabail mar nach raibh an tacaíocht chuí á fáil aige nó aici ón Stát. Tá sé ag éirí as mar gheall go bhfuil na heagrais Stáit, na hAirí Stáit agus na hAirí Rialtais ag déanamh neamhshuime don dlí agus d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is mór an náire don Rialtas é. Ní hé an t-ombudsman ab chóir dó bheith ag fógairt go bhfuil sé ag éirí as - ba chóir go mbeadh an tAire Stáit na Gaeltachta, an Teachta McGinley, ag rá go bhfuil sé ag éirí as. Tá sé seo náireach.

Comment on this
Paddy Burke An Cathaoirleach Fine Gael

Is the Senator looking for a debate?

Comment on this

Tá mé ag tacú leis an moladh atá déanta go dtiocfadh an tAire Stáit isteach.

Comment on this
Paddy Burke An Cathaoirleach Fine Gael

You can make those points during the debate.

Comment on this

Tá mé ag iarraidh a rá cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach go dtarlódh an díospóireacht inniu. Dúirt an Coimisinéir Teanga inné go bhfuil "trí cheathrú de na scéimeanna teanga ... ligthe in éag", go bhfuil an chuid is mó acu lochtach, go bhfuil ag teip ar pholasaí earcaíochta an Stáit seo agus go mbeidh teip iomlán ar an bpolasaí nua atá á chur i bhfeidhm ag an Aire, an Teachta Howlin, faoi láthair. Bhí ardmhuinín ag pobal agus saol na Gaeilge sa Choimisnéir Teanga. Bhí ardmheas acu ar an obair atá á dhéanamh aige. Is léir dom sa mhéid atá fógartha aige gur beag muinín atá ag aon duine atá ag plé le pobal agus saol na Gaeilge sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, i gcur i bhfeidhm an Rialtais nó, dá bhrí sin, san Aire Stáit é féin ach go háirithe. Ba chóir go dtiocfadh sé isteach - tá súil agam go dtarlóidh sé sin - agus go ndéarfaidh sé go bhfuil sé i gceist aige féin éirí as, ós rud é go bhfuil teip iomlán á dhéanamh aige sna dualgais atá aige.

Comment on this