Adjournment Matters ›
Scoileanna Gaeltachta
I welcome the Minister of State, Deputy Joe McHugh, to the House and wish him well with his new portfolio.
Comment on this
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach agus déanaim comhghairdeas leis as ucht a oifig nua a bhaint amach. Tá súil agam agus táim cinnte go n-éireoidh go maith leis. An cheist atá agam don Aire Stáit ná: An bhfuil aon phlean aige le liúntas a thabhairt do na mná nó fir tí maidir leis na coláistí samhraidh agus na coláistí oiliúna mar gheall ar na táillí uisce agus má tá, cé mhéid atá i gceist mar liúntas?
Maidir le táillí uisce, tá sé ráite ag Uisce Éirinn go gheobhaidh páistí liúntas cóir chun a dhéanamh cinnte go mbeidh an úsáid saor. Ar dtús, moladh 38,000 litear do gach páiste faoi 18. Ansin tháinig cinneadh eíle a mhol 21,000 litear, agus sin mar atá sé anois. Faoi láthair, níl aon liúntas ar fáil do na mná nó fir tí sna coláistí samhraidh do pháistí atá ag fanacht sna tithe sin agus iad ag freastal ar choláistí samhraidh. Tá sé ag eirí níos deacra an t-am ar fad do na coláisti samhraidh go leor tithe a fháil do scoláirí de bharr an méid beag airgid a fhaigheann na mná nó fir tí. Chomh maith le sin, nil aon dabht ach go bhfuil níos mó de dhíth ag na scoláirí de bharr an ardú mór atá tagtha ar an gcaighdeán maireachtála le roinnt blianta anuas.
Nuair a chuaigh mise go dtí an Ghaeltacht ar feadh míosa mar ghasúr, níor ghlac mé cithfholcadh nó folcadh an t-am ar fad a bhí mé ann. Nigh mé mé féin, ach ní raibh cithfholcadh agam ar chor ar bith. Chuaigh mé isteach sa pholl snámha nó san fharraige. Anois, glacann páistí cithfholcadh gach lá nó níos mó, b'fhéidir ar maidin, san iarnóin agus arís roimh dhul amach san oíche. Tá a lán uisce de dhíth ar scoláirí sna coláistí samhraidh sa lá atá inniu ann.
larraim ar an Aire Stáit cothrom na féinne a sholáthar do na mná agus fir tí agus iarraim air a dhéanamh cinnte de go bhfaighidh siad íocaíocht ceart agus nach mbeidh orthu costas usáid uisce na bpáistí a thógáil orthu féin. Iarraim freisin ar an Aire Stáit a bheith eolach go n-úsáideann páistí níos mó uisce i rith an tsamhraidh i gcoitinne, go háirithe de bharr méadú mór ar ghníomhaíocht sóisialta agus fisiciúil a bhíonn ar siúl acu sa Ghaeltacht.
Rinne mé iarracht costasaíocht a oibriú amach maidir le seo agus tá scairbhileog agam le tabhairt don Aire Stáit. Tá an t-eolas leagtha amach sa scairbhileog, ach leagfaidh mé amach an t-eolas go simplí anois. Má thógtar an liúntas bliantúil de 31,000 litear do pháiste, bheadh liúntas laethúil de 57.5 litear i gceist. Bunaithe ar chostas €4.88 ar 1,000 litear, bheadh costas laethúil de €0.28 ag dul don pháiste. Ar an dóigh sin, do chúrsa 21 lá, cosnódh sé €5.90 don chúrsa thar cheann gach páiste. Ach, má táimid ag trácht faoi mhéadú ar an usáid ag páisti, agus tarlaíonn sin i rith an tsamhraidh, idir ólachán uisce, cithfholcthaí agus níochán éadaí, mholfainn an chéad mholadh a cuireadh amach a ghlacadh mar chinneadh, is é sin 38,000 litear a thabhairt do pháistí mar liúntas bliantúil. Thabharfadh seo liúntas laethúil 104 litear d'uisce do gach páiste. Bunaithe ar bhunchostas de €4.88 ar 1,000 litear, bheadh costas laethúil de €0.51 ag dul don phaiste. Sa chás seo, do chúrsa 21 lá, bheadh costas €10.57 thar cheann gach páiste.
De bharr go bhfaigheann fir agus mná tí €9.50 in aghaidh an lae do gach páiste faoi láthair, mholfainn go ndéanfaí ardú ar an suim seo go €10 an scoláire. Bheadh sin réasúnta agus chlúdódh sé costas an uisce do na fir agus mná tí. Ní bhfaigheadh siad brabús ar bith, ach thabharfadh sin cothrom na féinne dóibh maidir le húsáid uisce na bpáistí sa teach le linn a gcúrsa.
Mar fhocal scoir, mholfainn go bhfaigheadh na fir agus mná tí an t-ardú céanna seo, €0.50 in aghaidh an lae, do na scoláirí a thagann ó na coláistí oiliúna chomh maith. Freisin, ba chóir go bhfaighidís an liúntas seo do scoláirí os cionn 18 a thagann ar chúrsa samhraidh, ar nós scoláirí atá ag athdéanamh na hardteiste don dara huair. Iarraim ar an Aire Stáit airgead a chur ar fáil do na mná tí ar son chostas uisce na scoláirí.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as na focail chineálta.
Tá mé buíoch don Seanadóir as an ábhar fíor-thábhachtach seo a ardú anocht. Mar atá a fhios ag an Seanadóir, íocann mo Roinn deontas laethúil de €9.50 an fhoghlaimeora faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge le gach teaghlach nó bean tí a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas fad agus a bhíonn siad ag freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá ábhar oidí san áireamh sa deontas seo. Tugann sé seo deis do na foghlaimeoirí dul i dtaithí ar bhlas agus ar líofacht nádúrtha na teanga sa Ghaeltacht.
Tá áthas orm a rá go bhfuil sé i gceist go leanfar ag íoc cúnaimh faoin scéim amach anseo. Agus cúinsí airgid mar atá, tá áthas orm fosta go raibh ar chumas mo Roinn an deontas a íoctar a choinneáil ag an ráta céanna le cúpla bliain anuas. Ní miste a nótáil go bhfuil aon airgead a shaothraíonn na teaghlaigh saor ó cháin. Ní chuirtear san áireamh ach an oiread é agus iarratais ar éileamh íocaíochta leasa shóisialaigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí á meas.
Tá ról fíor-thábhachtach tugtha do na coláistí samhraidh, atá faoi chúram mo Roinne ó 2010 ar aghaidh, i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tá mo Roinn ag tabhairt gach cúnamh agus is féidir dóibh chun an ról sin a chur i gcrích. Go deimhin, bhí cruinnithe ag oifigigh mo Roinne an tseachtain seo caite le CONCOS, an scáth eagraíocht do na coláistí Gaeilge, agus iad ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin éagsúla agus leis na hionaid oideachais faoin tréimhse foghlama sa Ghaeltacht do na hábhair oidí.
Cuireadh tús le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar atá sí faoi láthair breis is daichead bliain ó shin, ach téann an coincheap siar i bhfad níos faide ná sin. Bunaíodh scéim choiste na bpáistí i 1935 chun scoláireachtaí a sholáthar do pháistí ó cheantair taobh amuigh den Ghaeltacht a chuirfeadh ar a gcumas cur fúthu sa Ghaeltacht le linn saoire an tsamhraidh, áit a mbeadh deis acu dul i dtaithí ar bhlas agus ar líofacht nádúrtha na Gaeilge trí chaidreamh le muintir na Gaeltachta. Sa lá atá inniu ann, bíonn na cúrsaí Gaeilge ar siúl ar feadh trí seachtainí go hiondúil agus is i mí an Mheithimh, lúil agus Lúnasa a eagraíonn na coláistí na cúrsaí. Íocann mo Roinn deontas laethúil faoin scéim seo chomh maith i leith foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ag freastal ar roinnt coláistí cónaithe. Chomh maith leis sin, cuidíonn mo Roinn le coistí atá i mbun coláistí Gaeilge agus le pobal na Gaeltachta chun trealamh agus áiseanna eile atá riachtanach a chur ar fáil do na coláistí Gaeilge.
Is iad na coláistí féin a dhéanann na socruithe leis na foghlaimeoirí maidir le cúrsaí lóistín agus iad ag freastal ar na cúrsaí. Is léir go bhfuil leibhéal spéise forleathan i bhfoghlaim na Gaeilge i measc daoine óga i gcónaí. Anuraidh, d'fhreastail os cionn 22,700 scoláire ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht agus íocadh deontais os cionn €3.7 milliún le timpeall 700 teaghlach atá cláraithe faoi scéim mo Roinne chun scoláirí a choinneáil.
Maidir leis na costais éagsúla a thiteann ar na teaghlaigh, cuirtear iad ar fad san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an leibhéal deontais a íoctar faoin scéim. Bíonn plé ar siúl i mo Roinn ag an tráth seo gach bliain faoin ábhar agus go deimhin, pléadh na táillí uisce ag an gcruinniú a bhí ag oifigigh mo Roinne le CONCOS an tseachtain seo caite. Ar ndóigh, má cheaptar go mbeadh sé cuidiúil ceist na dtáillí uisce a phlé le páirtithe leasmhara eile, breathnóidh mo Roinn ar an gceist a ardú leo amach anseo. Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, go mbeidh aon phlé a dhéanfar faoi na nithe seo le tarlú i gcomhthéacs na n-acmhainní a chuirfear ar fáil do mo Roinn ó phróiseas na Meastachán do 2015.
Mar fhocal scoir, caithfear a chur san áireamh nár laghdaíodh an ráta deontais a íoctar le teaghlaigh le roinnt blianta anuas nuair a bhí gearradh siar déanta ar bhuiséad mo Roinne. Ina theannta sin, caithfear na buntáistí eile atá luaite thuas a fhaigheann teaghlaigh faoin scéim a chur san áireamh freisin. Chomh maith leis sin, caithfear a chur san áireamh gur coláistí príobháideacha iad na coláistí Gaeilge agus go n-íocann siad siúd táille leis na teaghlaigh fosta atá níos airde ná an deontas a íocann mo Roinn leo.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a fhreagra. Is freagra cuimsitheach é agus caithfidh mé é a staidéar go cruinn. Deir sé gur pléadh na táillí uisce ag an gcruinniú le CONCOS agus oifigigh na Roinne an tseachtain seo caite. Cad a tharla ag an gcruinniú sin, muna bhfuil an t-eolas sin príobháideach?
Tuigim go bhfuil an t-am ag sleamhnú thart.
Comment on this
Freisin, gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an gcuireadh a thug sé do ghrúpaí eile dul i dteagmháil leis an Roinn ar an ábhar seo.
Tuigim gach rud a dúirt an t-Aire Stáit ach an bhfuil an Roinn ag smaoineamh ar aon rud a dhéanamh mar gheall ar seo? Is the Minister of State thinking of doing anything about this?
Comment on this
Caithfidh mé a rá, bhí mé ag smaoineamh faoi gach aon rud agus mar a dúirt duine i mo pharóiste féin cúpla seachtain ó shin, d'íosfainn an t-úll dá mbeadh úll agam. Dá mbeadh an t-airgead agam, bheimís san áit cheart. Tá eolas agam faoin obair atá ar siúl i gceantair iargúlta na Gaeltachta. Chuir muintir na Gaeltachta fáilte chroíúil romham i rith na tréimhse a chaith mé ann sa samhradh agus chonaic mé le mo shúile féin an sár-obair a dhéanann na mná tí. Is í an Ghaeilge agus bheith ag obair leis na daoine atá ag obair go dian agus go díograiseach chun í a chur chun cinn an fhreagracht is tábhachtaí atá agam i mo ról mar Aire Stáit. Tugann Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge €50 milliún gach bliain chuig ceantair Ghaeltachta. Is í an éifeacht eacnamaíoch seo an rud is tábhachtaí faoin scéim. Nílim ábalta ceist an tSeanadóra a fhreagairt anocht ach beidh mé ag smaoineamh faoi.
Mar fhocal scoir, cé go bhfuil mo Roinn sásta ceist na dtáillí uisce a phlé le páirtithe leasmhara, ag deireadh an lae tuigfidh an Teach nach dtagann na socraithe a bhaineann leis na táillí uisce ó mo Roinn. Tá Ranna eile ag obair ar an ábhair seo. Is í an obair atá á dhéanamh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí leis na mná tí an rud is tábhachtaí. Ba mhaith liom oibriú le daoine sna ceantair seo i rith m'am mar Aire Stáit, ba mhaith liom oibriú leis na mná tí agus ba mhaith liom cabhair a thabhairt d'aon Seanadóir ar an gceist. Is é sin mo dhualgas. Níl mé freagrach as táillí uisce, ach tá sé tábhachtach bheith ag labhairt sa díospóireacht anocht faoin sár-obair atá déanta agus atá fós á déanamh ag na mná tí i gceantair iargúlta na Gaeltachta. Gabhaim buíochas arís leis an Seanadóir.
Comment on this
Déanaim comhghairdeas ó chroí ar an dul chun cinn iontach mhór atá á dhéanamh ag an Aire ar a chuid Gaeilge. Togha an fhir.