Irish sporting congratulations
Senator Brennan congratulates Aogán Ó Fearghail on becoming the first Cavan president of the GAA and praises Irish sporting successes.
Déanaim comhghairdeas le hAogán Ó Fearghail a toghadh mar uachtarán an chumainn luthchleas gael an Domhnach seo caite. Is an chéad uachtarán as Contae an Cabháin é. Is onóir iontach é d'fhear a d'oibrigh go dian dá cheantar agus don chumann luthchleas gael. Is onóir iontach ar fad é dá chlann uilig. Ba chúis bhróid é don tír an méid a rinne ár lúthchleasaithe an deireadh seachtaine seo caite. Bhuaidh an fhoireann rugbaí cluiche iontach san Aviva. Is imreoirí iad ó cheithre cúigí na hÉireann. D'éirigh go maith leis an bhfoireann cruicéid san Astráil agus bhuaidh an dornálaí Carl Frampton craobh an domhain an Satharn seo caite i mBéal Feirste. Déanaim comhghairdeas le John Giles ar a bronnadh saoirse chathair Bhaile Átha Cliath. Peileadóir iontach le fada ab ea é freisin. Is maith an fear é. Is ambasadóirí spóirt iad go léir. Déanaim mo comhghairdeas leo go léir.