FLAC rights report
Senator Ó Clochartaigh offers condolences on Paul Drury’s death and raises FLAC’s “Our Voice Our Rights” report; the Leader and Chair then close the Order of Business.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do mhuintir agus clann Phóil Mhic an Draoi, Paul Drury, a bhásaigh le cúpla lá anuas. B'fhéidir nach raibh an pholaitíocht chéanna ná an tuairimíocht chéanna agam féin agus ag Pól, ach aon uair a casadh orm é ba léir gur duine uasal ab ea é. Bhí an-spraoi ag baint leis. Bhí sé an-tiomanta ó thaobh na Gaeilge de. Bhíodh sé ag úsáid na Gaeilge ina chuid oibre go rialta. Ar dheis Dé go raibh a anam.
Bhí cur i láthair an-mhaith sa seomra AV inné maidir leis an tuairisc "Our Voice Our Rights", atá curtha le chéile ag FLAC. Baineann sé seo leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. Tá an tuairisc curtha i dtoll a chéile ag FLAC ar son os cionn scór eagraíocht dheonach agus pobail ar fud na hÉireann. Tarraingíonn sé aird ar na háiteanna ina bhfuil cearta daoine á sárú, dar leo, maidir leis an gcúnant idirnáisiúnta seo. Chuala muid píosaí inné maidir le daoine le míchumas, cúrsaí tithíochta, an Lucht Siúil, agus daoine eile nach iad. Bhí sé thar a bheith suimiúil go raibh píosa ann chomh maith céanna maidir leis an nGaeilge. Dúradh go gcaithfear acmhainní cuí a chur ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus gur cheart do Ghaeilgeoirí deis a bheith acu a gcearta bunreachtúla agus reachtúla agus seirbhísí trí mheán na Gaeilge a fháil. Sílim gur tuairisc iontach maith é agus gurb fhiú dúinn díospóireacht a bheith againn sa Teach seo ar an méid atá molta agus ráite ann. Is cás linn ar fad iad cearta daoine, go háirithe anseo in Éirinn. Sílim go bhfuil cuid mhaith ceisteanna tráthúla agus tábhachtacha anseo maidir leis an seasamh idirnáisiúnta atá againn agus an dualgas atá orainn go hidirnáisiúnta seasamh suas ar son cearta ár saoránach.
Comment on this
I think that is probably one of the shortest Orders of Business we have had.