Irish language policy
Senator Ó Clochartaigh supports changing rates while also calling for a debate on Irish-language and Gaeltacht policy, including the Official Languages Act.
It is great to see the new politics of Fine Gael coming around to Sinn Féin policy, particularly on the issue of rates, because for the past five years Sinn Féin has been calling for a change to rates in order that they would be calculated on the basis of profits and the size of businesses. I agree with Senators Maria Byrne and Ray Butler that a debate is needed on the issue and it is good that they are finally coming around to our way of thinking.
Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh díospóireacht againn maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí caint ar Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas deiridh a bhí ag dul ag cúlú ó thaobh na gcumhachtaí a bheadh ag an gCoimisinéir Teanga. Bhí feachtas pobail ann ag cur an choinne sin. Tá an straitéis 20 bliain titithe i dtraipisí. Níl dóthain acmhainní á cur ar fáil agus níl dóthain tacaíocht á thabhairt don teanga. Tá Údarás na Gaeltachta ag fulaingt de bharr easpa maoinithe. Níl me soiléir cén treo atá sé ag dul ó thaobh spriocanna fostaíochta, cúrsaí forbartha pobail agus mar sin de. Ba mhaith liom go ndéanfar plé arís ar thoghchán Údarás na Gaeltachta mar ní dóigh liom go bhfuil an daonlathas ag bord Údarás na Gaeltachta agus a bhí.
Bhí go leor oibre ar pholasaí oideachais Gaeilge agus Gaeltachta déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ach ní fhaca muid fós an Bille nua atá chun oideachais Gaeilge agus Gaeltachta a thabhairt chun cinn. Cá bhfuil sé sin? Tá comhchoiste nua le bunú ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Caithfidh muide sa Seanad cinntiú go mbeidh ballraíocht ón Seanad ansin. Sílim go gcaithfidh muid coiste dár gcuid féin a bhunú le sin a chinntiú. Ó thaobh mhaoiniú na n-earnálacha trí chéile, tá buiséad na Gaeltachta gearrtha siar arís agus arís eile. Dá bhrí sin, bheadh sé fíor-thábhachtach an tAire Stáit, an Teachta Kyne, a thabhairt isteach leis na ceisteanna seo a phlé agus go mbeadh muid chun tosaigh ar an bproiséas buiséid le gur féidir linne, mar Sheanadóirí, brú a chur le go gcuirfear airgead dóthanach ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa bhuiséad a bheas le teacht.