Irish language development
Senator O’Reilly requests a debate on Irish-language strategy, including greater use of Gaeltacht immersion for students from outside Gaeltacht areas.
Iarraim ar an gCeannaire díospóireacht a eagrú ar stádas na Gaeilge sa tír seo le grinnstaidéar a dhéanamh ar na stratéisí atá in úsáid againn chun an teanga labhartha a fhorbairt agus a mhéadú. Sílim nach bhfuilimid ag baint go leor trialach as an nGaeltacht. Ba chóir cabhair a thabhairt do níos mó daltaí ar fud na tíre - ón nGalltacht, mar a déarfá - tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá sé iontach cabhrach do na mic léinn óga, do fhorbairt na teanga agus don phearsantacht iomlán. Is rud iontach é má chothaíonn na mic léinn agus na daoine óga tuiscint ar ár n-oidhreacht, ár stair agus ar shaol nádúrtha na Gaeltachta. Tá mé lán-chinnte faoi seo: ba chóir dúinn níos mó mic léinn óga a stiúradh agus a mhealladh chuig an Ghealtacht. Os rud é go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta anois, ba chóir dúinn cabhair a thabhairt do na daoine óga dul ann. Sílim go bhfuil sé riachtanach agus ba mhaith liom díospóireacht a bheith againn ar an gceist iomlán sa Teach seo go luath.