We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad
‹ Order of Business

Budget amendment and Irish language cuts

Summary

Senator Ó Clochartaigh supported extending budget time and then attacked the budget for failing ordinary households, delaying welfare increases, and cutting the Gaeilge and Gaeltacht budget by 9%. He demanded the Minister of State attend the House and explain the reduced funding and missing expenditure breakdowns.

Ba mhaith liom cuidiú leis an moladh atá déanta ag mo chomhghleacaí go ndéanfaí leasú ar Riar na hOibre ionas go dtabharfaí níos mó ama don díospóireacht ar an mbuiséad inniu.

The budget will not offer much solace to those who have been struggling with mortgages or paying almost double in car insurance compared with what they paid previously, etc. It is ironic that a pay increase for the Taoiseach, Ministers, Deputies and Senators will be announced and that----

Comment on this

That is not included in the budget. The Senator should deal in facts, not spread rumours. There is nothing in the budget about that matter.

Comment on this
David P.B. Norris Senator David Norris Independent

What are we getting? How much?

Comment on this

I thought the Senator was bored with the budget.

Comment on this
Denis O'Donovan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Please allow Senator Trevor Ó Clochartaigh to continue, without interruption. I am sure the Leader will deal with the matter in his response.

Comment on this

Bíonn an fhírinne searbh. Old age pensioners, people in receipt of disability benefit and others will have to wait a number of months for the paltry increases they will get in their social protection payments.

Baineann an cheist mhór atá agam inniu le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bíonn caint mhór ar "beart de réir briathair", ach tá briathar déanta de réir an beart ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta inniu agus laghdú scannalach de 9% déanta ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá mé tar éis iarrachtaí a dhéanamh ionas go mbeadh díospóireacht againn maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Cén fáth a bhfuil an Rialtas seo ag díriú ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta nuair atá gearradh siar á dhéanamh?

Comment on this

Tá laghdú de 9% le feiceáil go soiléir sna figiúirí. D'admhaigh an tAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, ar Raidió na Gaeltachta ar ball beag go bhfuil gearradh siar de 9% á dhéanamh ar bhuiséad na Roinne. Tá sé scannalach. Tá sé ag cur as dom freisin nach bhfuil na bunsonraí maidir le caiteachas na Roinne sin le fáil againn. De ghnáth, bíonn briseadh síos sa bhuiséad ar céard atá le caitheamh faoi na rannóga éagsúla, ach níl aon eolas breise tugtha dúinn inniu faoin Foras Teanga, srl. Tá duine éigin ó na meáin tar éis a rá liom go ndúirt oifigeach PR de chuid na Roinne nach mbeidh na sonraí sin ar fáil go dtí an Nollaig. Ba chóir go mbeidís ar fáil inniu againn agus ba mhaith liom dá n-iarrfaí iad sin ar an bpointe boise.

Bhí sé ráite freisin ag an Aire Oideachais agus Scileanna le daoine a bhíonn ag plé le réimse an oideachais sa Ghaeltacht go mbeadh €7 milliún breise le fáil le haghaidh an pholasaí nua oideachas Gaeltachta. Ní fheicim aon rud luaite faoi sin i ráiteas an lae inniu. B'fhéidir go dtabharfadh an Rialtas soiléiriú faoi sin dúinn. Léirigh Sinn Féin sa bhuiséad malartach a chuir muid ar fáil go gcuireadh muid €1.5 milliún breise ar fáil do phleanáil teanga, €5 milliún breise ar fáil mar airgead caipitil d'Údarás na Gaeltachta, €4.5 milliún ar fáil mar chreidmheas cánach agus €7.58 milliún ar fáil d'Fhoras na Gaeilge. Tá teipthe ar Fhianna Fáil chomh maith céanna seasamh suas do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí lámh an-mhór acu sa bhuiséad atá leagtha amach inniu. Gheall siad do na heagraíochtaí Gaeilge go seasfadh siad an fód ar a son, ach is léir go bhfuil teipthe orthu go hiomlán.

Comment on this

Ba mhaith liom go mbeadh Aire Stáit na Gaeltachta istigh anseo, gan a bheith ag imeacht i bhfolach orainn. Ba cheart dó teacht anseo le míniú a thabhairt dúinn cén fáth go bhfuil réimse na Gaeilge agus na Gaeltachta mar cheann den líon beag rannóga a bhfuil gearradh siar déanta arís air. Tá sé náireach agus scannalach go bhfuil an Rialtas ag ligint do seo tarlú. Ba chóir go mbeadh náire ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil, agus ar na Neamhspleáigh atá ag tacú leo, nár sheas siad an fód sa chomhthéacs seo.Tá an t-am istigh.

Comment on this
Denis O'Donovan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Tá an t-am istigh.

Comment on this