We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Ros an Mhíl deep-sea port funding

Summary

Senator Kyne welcomed the announcement of €25 million for a deep-sea port in Ros an Mhíl and praised the long volunteer effort behind the project.

Bhí ócáid speisialta againn i Ros an Mhíl inné nuair d’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta McConalogue, €25 milliún chun calafort domhainfharraige a thógáil i Ros an Mhíl. Is dea-scéal é do Ros an Mhíl, don Ghaeltacht, do Chonamara agus do Chontae na Gaillimhe uile. Molaim an obair atá déanta le tamall fada ag an gcoiste áitiúil, Coiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl. Tá sé ag obair níos mó ná 20 bliain ar an togra seo. Is obair dheonach atá i gceist agus molaim an obair atá déanta aige.

Is rud fíorthábhachtach é don cheantar mar go gcruthaíonn sé a lán deiseanna dó ó thaobh fostaíochta agus araile. Tá deiseanna anseo ó thaobh fuinnimh in-athnuaite de agus an tábhacht a bhaineann leis na feirmeacha gaoithe ar chósta iarthar na tíre. Beidh seans ann go mbeidh áiseanna speisialta i Ros an Mhíl ó thaobh fuinnimh in-athnuaite de.

Tréaslaím do gach uile dhuine a bhí páirteach sa togra seo ar feadh na mblianta agus don Rialtas a thug an tacaíocht don togra seo. Tá deiseanna ann ó thaobh na tuarascála de a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta. Tá deis ann go mbeidh 900 post á gcruthú mar gheall ar an bhfógra seo.

I acknowledge the announcement made yesterday by the Minister for Agriculture, Food and the Marine, Deputy Charlie McConalogue, that there will be a new deepwater harbour in Rossaveal. I wish to note that Rossaveal is an equal distance between Killybegs and Castletownbere and the new harbour will be a resource of great importance. It can be a hub for the wind energy industry in operations and maintenance assembly. The announcement is a great news story for Rossaveal and the Gaeltacht. I acknowledge the work that has gone in over a long number of years to bring this project to fruition. The project is another reason the Galway City ring road is crucially important, as is the upgrade of the R336 road, because this is going to be vital in the operation of the Rossaveal facility.

Comment on this