We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Third-level Irish courses

Summary

Senator Curley argued that there are far too few third-level courses available through Irish and that the provision is not acceptable.

Bhí comhrá againn sa choiste Gaeilge an tseachtain seo caite maidir leis an nGaeilge ag an tríú leibhéal agus líon na gcúrsaí atá ar fáil trí Ghaeilge. An rud is mó a sheas amach domsa ná taobh amuigh de chúrsaí oideachais agus an Ghaeilge mar chúrsa faoi leith - na cúrsaí cosúil le céim sa Ghaeilge nó céim san aistriúchán atá ar fáil - níl ach dhá chúrsa timpeall na tíre ar fáil trí Ghaeilge. Tá dhá chúrsa ann don tír ar fad. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin inghlactha sa lá atá inniu ann. Ní hamháin go bhfuilimid ag iarraidh boscaí a thiceáil agus a bheith in ann a rá go bhfuil na cúrsaí ar fáil ach tá tionchar ag an easpa cúrsaí sin ar an sochaí. Níl na dochtúirí ar fáil sna ceantair Ghaeltachta chun rudaí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Níl na múinteoirí in ann rudaí a chur ar fáil trí Ghaeilge uaireanta. Tá easpa seirbhísí poiblí ata riachtanach, bunseirbhísí gur cheart a bheith ar fáil sna ceantair Ghaeltachta, nach bhfuil ar fáil. Ceann de na rudaí is mó a chuireann tús leis sin ná an easpa cúrsaí trí Ghaeilge. Tá géarghá le comhrá leis an Aire sa Seomra seo. Táim lánsásta Ní i dtosach suí a chur isteach más gá ach ceapaim go bhfuil géarghá le comhrá maidir leis sin.

Comment on this