We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

Summary

The Minister said the Official Languages (Amendment) Act is being implemented through a national plan and action plan, with the key target of 20% of public sector recruits being competent in Irish by 2030. Senators broadly welcomed increased funding for the language, but stressed that housing in the Gaeltacht, stronger planning powers, and better education pathways are essential if Irish-speaking communities are to survive and grow. Several Senators criticised the lack of Gaelcholáistí, the rise in exemptions from Irish, and the need for more third-level courses and workplace opportunities through Irish. The Minister agreed on the challenges, pointed to new structures and extra funding, and said Irish should be used every day, not just during Seachtain na Gaeilge.

Mark Daly An Cathaoirleach Fianna Fáil

Cuirim fáilte roimh an Aire. Is deas é a fheiceáil sa Seomra. Glaoim anois air chun tús a chur leis an díospóireacht.

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Tá Seachtain na Gaeilge ag tosú níos luaithe gach bliain. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le Cléireach an tSeanaid as an gcuireadh a bheith anseo anocht.

Ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ceithre bliana ó shin, tá mo Roinn ag obair go dícheallach chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go rathúil é ar fud na seirbhíse poiblí. Bunaíodh an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge faoin Acht i mí an Mheithimh 2022 chun cur chuige comhordaithe a stiúradh maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta, go príomha trí phlean náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú, mar aon le pleananna gníomhaíochta tacaíochta chun na bearta sonracha intomhaiste a ghlacfar idir seo agus 2030 a leagan amach, go háirithe príomhchuspóir an Achta, is é sin, go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030. Foilsíodh na pleananna sin i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus i mí Eanáir 2026 faoi seach, agus tá béim curtha agam ar a dtábhacht do chomhghleacaithe Rialtais chun ár gcuspóirí comhroinnte a bhaint amach thar na cúig bliana atá romhainn.

Tá an tacaíocht trasrannach agus an leibhéal dea-thola atá faighte ag mo chuid oifigeach le linn an phróisis seo thar a bheith dearfach. Léiríonn sé sin an fonn atá ann ar fud na seirbhíse poiblí i leith chur i bhfeidhm an Achta agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ag an Stát. Tá baill shinsearacha ó eagraíochtaí ar fud na seirbhíse poiblí ar an gcoiste comhairleach, lena n-áirítear Ranna Rialtais; an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; An Garda Síochána; mo Roinn eile, an Roinn Coimirce Sóisialaí; agus an soláthraí earcaíochta, PoistPhoiblí.

Tá foghrúpaí bunaithe ag an gcoiste comhairleach freisin chun ábhair shonracha a phlé agus cur chuige comhoibríoch a chinntiú maidir le réitigh ar na nithe sin. Áirítear leis seo foghrúpa earcaíochta atá deartha go sonrach leis an gcuspóir 20% i gcuimhne agus ina bhfuil oifigigh ó mo Roinn féin, ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, agus ó PhoistPhoiblí. Bunaíodh grúpa oibre teicniúil freisin ina bhfuil oifigigh shinsearacha ó Ranna Rialtais agus ó chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile chun déileáil le cúrsaí teicneolaíochta a bhaineann leis an Acht.

Ní gá dom a rá ach gur sprioc uaillmhianach agus fíordhúshlánach í sprioc earcaíochta na reachtaíochta seo. Dá bharr sin, seachas díriú ar an áit ina bhfuil muid faoi láthair, cuirtear béim sa phlean náisiúnta agus gníomhaíochta ar bhearta bainteach leis an sprioc earcaíochta sin a bhaint amach idir cúrsaí uasoiliúna, earcaíocht réamhghníomhach agus bearta eile a thacóidh le cultúr eagraíochtúil dearfach i dtaobh an dátheangachais a chothú. Tógann sé freisin ar an tsuim shoiléir a léiríodh tríd an taighde don phlean náisiúnta i measc oibrithe na seirbhíse poiblí a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fheabhsú, chomh maith lena ndearcadh dearfach i leith na teanga go ginearálta.

Mar a bhaineann sé le soláthar, aithním an luach a bhaineann le cúrsaí iomlán trí mheán na Gaeilge ag leibhéil 7 agus 8 i réimse leathan clár léinn a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge. Chuige sin, tá réimse cúrsaí trí Ghaeilge á maoiniú ag mo Roinn in institiúidí tríú leibhéal éagsúla faoinár dtionscnamh ardscileanna Gaeilge le roinnt mhaith blianta anuas. Is é taithí na Roinne óna bheith ag riar an tionscnaimh, áfach, nach roghnaíonn ach líon beag mac léinn na cúrsaí seo gach bliain. Léiríonn sé seo do mo Roinn nach iad cúrsaí lánGhaeilge i réimse leathan clár léinn an uirlis is éifeachtaí chun sprioc earcaíochta an Achta a bhaint amach mar go n-éilíonn an cuspóir seo soláthar ar scála.

Is í príomhthosaíocht mo Roinn sa tréimhse amach romhainn, mar sin, a chinntiú go mbeidh deis ag cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge teagmháil a choinneáil léi agus iad ag dul tríd an gcóras oideachais tríú leibhéal. Chuige sin, leagann an plean gníomhaíochta béim ar uasoiliúint agus ar inniúlacht sa Ghaeilge a choinneáil i gcomhthéacs an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach. Chuige sin, tá grúpa oibre earnála le bunú agus le tionól go luath faoin bplean chun breithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an earnáil oideachais threasaigh tacú le spriocanna na hearnála poiblí a bhaint amach mar atá leagtha amach sa phlean náisiúnta agus san Acht.

Díreofar tríd an bplean gníomhaíochta freisin ar fhorbairt modúl agus micreadhintiúir trí Ghaeilge go príomha a d'fhéadfaí a dhéanamh in éineacht le cúrsaí eile. Déanfar iniúchadh freisin ar na deiseanna atá ann chun tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge taobh le clár eile agus é seo á thairiscint i gcúpla ollscoil cheana féin.

Is fiú a lua go bhfuil éileamh as cuimse tagtha ar chúrsaí Gaeilge don Státseirbhís tríd an bhForas Riaracháin le roinnt blianta anuas, ó 163 in earrach 2022 go gar do 600 anois in earrach 2026. Beifear ag plé go dlúth leis an bhForas Riaracháin as seo go ceann píosa mar sin chun tógáil ar an dea-obair seo.

Táthar sna céimeanna deireanacha den phróiseas bainteach le hathbhreithniú neamhspleách atá déanta ar thionscnamh ardscileanna na Gaeilge mo Roinne. Is cinnte go ndéanfar breithniú ar thorthaí an athbhreithnithe sin chomh maith agus na chéad chéimeanna eile á n-aithint sa spás seo.

Maidir le hacmhainní a chur ar fáil don obair seo go léir, ba chóir dom a rá gur cruthaíodh aonad gnó nua laistigh de mo Roinn nuair a achtaíodh an tAcht faoi stiúir ról nua príomhoifigigh. Le foilsiú an phlean gníomhaíochta le déanaí, tá aonad gnó nua faoi stiúir phríomhoifigigh eile bunaithe chun cur i bhfeidhm an phlean a chinntiú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil trí aonad gnó faoi stiúir beirt phríomhoifigigh éagsúla ag plé le cur i bhfeidhm gnéithe éagsúla d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, rud atá de dhíth i bhfianaise na hoibre athchóirithe atá i gceist.

Mar fhocal scoir, is minic atá sé ráite agam gur gá dúinn éiceachóras teanga a fhorbairt agus a chothú seachas breathnú ar bhearta aonaracha i bhfolús. Tá sé ríthábhachtach seasamh siar agus breathnú ar an áit a bhfuilimid anois le hais na háite a raibh muid deich mbliana ó shin. I gcomhthéacs na hoibre sin, gabhaim buíochas leis an Seanadóir Seán Kyne as an obair a rinne sé mar Aire Stáit sa Roinn. Deich mbliana ó shin, ní raibh plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge nó plean gníomhaíochta do na seirbhísí sin againn ach is cuid lárnach den éiceachóras teanga iad na nithe radacacha agus claochlaitheacha sin a thacaíonn lenár n-iarrachtaí úsáid na teanga a fhorbairt, go háirithe sa tseirbhís phoiblí.

Is cinnte go bhfuil dúshláin ag baint leis sin, a thógfaidh píosa fada le réiteach, ach táimid ag leagan síos struchtúir, polasaithe agus reachtaíochta a sheasfaidh don 20 bliain amach romhainn agus a imreoidh tionchar dearfach ar úsáid na Gaeilge sa chóras Stáit in imeacht aimsire.

Comment on this

Luaigh an tAire na deacrachtaí agus na dúshláin atá romhainn maidir leis an nGaeilge, chomh maith leis an ngluaiseacht atá ann chun an Ghaeilge a bheith níos forleithne sa tír. Ag an am céanna, áfach, is tábhachtach an dea-obair atá déanta ag an Aire a aithint. Sa bhuiséad deireanach, d'éirigh leis méadú 29% a bhaint amach i mbuiséad iomlán a Roinne. Ciallaíonn sé sin go bhfuil méadú €36 milliún againn i mbliana as buiséad iomlán de €159 milliún. Mar gheall air sin, má fheictear ar na figiúirí, tá €3 milliún sa bhreis ar fáil i réimse na pleanála teanga. Ag cruinniú de chuid an chomhchoiste Gaeilge cúpla mí ó shin, luaigh finnéithe ó Ghaeloideachas go raibh géarghá le méadú i mbuiséad na pleanála teanga, agus tá mé an-bhuíoch go bhfuil sé sin feicthe againn anois.

Ina theannta sin, tá méadú €2 milliún i gcóir scéimeanna tacaíochta Gaeilge. Tá sé sin an-dearfach. Ní hamháin sin ach tá méadú €1.5 milliún i gcomhair scéimeanna tacaíochta sa Ghaeltacht. Tá méadú tagtha freisin ar an maoiniú breise d'Údarás na Gaeltachta. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs na ndúshlán ar fad atá roimhe sa Ghaeltacht.

In ainneoin na dearfachta sin ar fad, tá go leor dúshlán. Is léir go bhfuil dúshláin ann maidir le tithíocht sna ceantair Ghaeltachta. Tá géarchéim iontu. Tá go leor rudaí atá ag cur isteach ar thithíocht sa Ghaeltacht, go háirithe céatadán na dtithe atá ar fáil ar bhonn gearrthéarmach. Tá sé sin cloiste agam, go háirithe ó na Comhairleoirí Máirtín Lee agus Gerry King le déanaí. Tá cúrsaí dúshlánach dóibh sa Ghaeltacht.

Mar iarmhúinteoir, tá an t-oideachas thar a bheith tábhachtach. Tá go leor dúshlán san earnáil oideachais. Aréir, ghlac mé páirt i ndíospóireacht ar TG4 inar luaigh an stiúrthóir ar an Údarás um Ard-Oideachas go mbeidh modúil ar fáil trí Ghaeilge in ionad cúrsaí iomlán Gaeilge. Tá sé luaite ag an Aire faoi chúrsaí a bheith ar fáil ag leibhéil 7 agus 8, agus cuirim fáilte roimh an ráiteas sin. In amanna, áfach, bíonn an meon san earnáil oideachais diúltach ina leith seo. Nuair a thógtar na cúrsaí atá go hiomlán trí Ghaeilge agua a bhaineann leis an nGaeilge as an áireamh, níl ach dhá chúrsa ar fáil sa tír seo. Mura ndéanann daoine cúrsa a bhfuil baint faoi leith ag an nGaeilge leis, níl ach dhá chúrsa eile ar fáil dóibh timpeall na tíre. Tá sé sin thar a bheith dáiríre. Mura ndéantar iarracht an Ghaeilge a bheith lárnach agus mura n-athraítear an meon sna heagrais éagsúla Stáit, ní éireoidh linn. Tá mé cinnte go bhfuil an uaillmhian agus tiomantas san Aire, an Teachta Calleary. Tá muinín agam as go ndéanfar an dul chun cinn sna blianta amach romhainn.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh an Aire agus guím gach rath air. Is duine cumasach é a bhfuil ardmheas agam air as an gcaoi a ndéanann sé a chuid oibre. Tréaslaím le mo chomhghleacaí agus cara, an Seanadóir Seán Kyne, as an dea-obair a rinne sé. Guím gach rath air agus é ag dul timpeall na Gaillimhe Thiar ag stocaireacht, idir Gaeilge agus Béarla. Go n-éirí go geal leis. Tréaslaím leis na heagraíochtaí éagsúla a ghríosaíonn chun oibre muid ar son leas na tíre, na Gaeilge agus lucht labhartha na Gaeilge. Déanfaidh mé tagairt do roinnt rudaí atá á rá ag Conradh na Gaeilge, agus gabhaim buíochas leis as ucht na tacaíochta a thugann sé dúinn mar pholaiteoirí.

Ar an gcéad dul síos, mar is eol don Aire, is gá dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht le cinntiú go mairfidh sí sna blianta romhainn. Is gá maoiniú cuí agus cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun talamh agus maoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tuigim go bhfuil €650,000 measta chun rannóg thithíochta a chur ar bun san údarás le comhoibriú leis na comhairlí contae, Uisce Éireann agus araile. Is gá go mbeidh an Bille um chíos gearrthéarmach agus turasóireachta, 2025 láidir le cinntiú nach mbeidh an stoc tithíochta sna ceantair Ghaeltachta ann ar mhaithe le brabús amháin ar Airbnb agus Booking.com. Caithfidh sé a bheith ar leas na bpobal teanga arbh as an nGaeltacht dóibh agus le hinmharthanacht na Gaeilge. Ba chóir don Aire tithíochta, an Teachta Browne, gníomhú láithreach chun an ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht a fhoilsiú. Gealladh ar dtús treoirlínte sa réimse seo in 2021 agus tá an easpa gnímh seo ag cruthú go leor fadhbanna.

Bíonn cúrsaí airgid i gcónaí lárnach. Cé go n-aithnítear an maoiniú breise a tugadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa cháinaisnéis a d’fhoilsíodh an bhliain seo chaite, ní hé sin ach 51% den mhéid a bhí á lorg ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Is féidir an easpa infheistíochta stairiúla sa réimse seo a aithint ó bunaíodh an Stát. Agus Aire sinsearach againn anois, is iontach an deis é chun maoiniú cothrom a chur ar fáil don earnáil, na ceanneagraíochtaí Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Tá cúrsaí oideachais fíorthábhachtach, agus labhair an tAire féin fúthu. Tá cruachás mór sa chóras oideachais faoi láthair mar a bhaineann le húsáid, múineadh agus foghlaim na Gaeilge. Tá córas na ndíolúintí imithe as smacht. Ní féidir é a shéanadh. Níl spriocanna intomhaiste curtha le chéile d'fhás na Gaelscolaíochta agus níl aon dea-chleachtas curtha le chéile maidir le scoileanna a aistriú Béarla go Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí, mar atá le feiscint anois le Gaelcholáiste Synge. Maidir le teagasc na Gaeilge, ní mór grúpa saineolach a chur ar bun sa Roinn oideachais a dhéanfadh ailíniú ar an gcóras oideachais le leibhéil inniúlachta teanga mar atá sa fhráma tagartha comónta Eorpach, FTCE.

Tá an chéad timthriall, a mhaireann seacht mbliana, críochnaithe ag formhór na bpleananna teanga sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Níl aon chinnteacht ann maidir le todhchaí, fís, feidhm agus uaillmhian na bpleananna seo. Moltar freisin go forleathan - tuigim cás Chonradh na Gaeilge agus é á rá seo - go gcaithfear gníomhú ar na moltaí a bhí san athbhreithniú ar an gcéad deich mbliana teanga sa tuarascáil a chur Barr Feabhais le chéile, arna choimisiúnú ag Roinn na Gaeltachta, go háirithe na moltaí maidir le foireann leordhóthanach, cúiteamh cuí agus maoiniú do na pleananna. Caithfear ceannasaíocht a léiriú don phróiseas pleanála teanga nó ní bheidh aon toradh sásúil ann. Ní mór don Stát pleanáil teanga straitéisí a thosú chun an dea-chleachtas pleanála teanga sna ceantair thíreolaíochta a chur i bhfearas don Státchóras agus na Ranna Rialtais ábhartha. Chabhródh sé sin leis an bplean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge ó 2024 go 2030.

Agus muid ag labhairt faoi chúrsaí oideachais, d'éist mé leis an méid atá ráite ag an Aire maidir le sprioc 20% na Státseirbhíse. Ní éireofar leis an sprioc sin mura bhfuil an obair á dhéanamh sna coláistí agus mura bhfuil, mar a dúirt an tAire, daoine ag teacht tríd an chóras an t-am ar fad a bhfuil cúrsaí Gaeilge déanta acu agus mar sin de. Is dócha gur luaigh mé seo cheana féin ach bhí mé in Áras na Gaeilge in UCG – tugtar Ollscoil na Gaillimhe uirthi anois – seachtain nó dhó ó shín. Bhí mé ag breathnú ar phictiúir na gceannródaithe, daoine ar nós an tOllamh Mac Aodha, nach maireann, a chinntigh go raibh cúrsaí tríú leibhéal ar fad ar fáil trí Ghaeilge. Nuair a fheictear an obair a rinne daoine den sórt sin trí na blianta, feictear na dúshláin atá romhainn.

Tréaslaímid leo siúd sa lá atá inniu ann atá ag cur cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. I mo chás, ní dhearna mé staidéar ar an nGaeilge mar ábhar ollscoile; rinne mé staidéar uirthi go hindíreach. Ag an am sin, bhí fear iontach cumasach ar fad, Peadar Mac an Iomaire, mar stiúrthóir na Gaeilge labhartha. Chinntigh sé go raibh deiseanna acu siúd nach raibh Gaeilge á dhéanamh acu mar ábhar ollscoile freastal ar chúrsaí ar An gCeathrú Rua in Áras Mháirtín Uí Chadhain chun snas agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Ba é an coincheap a bhí laistiar de ná a chinntiú go mbeadh dochtúirí, innealtóirí agus daoine eile nach iad inniúil sa Ghaeilge le seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, ní hamháin pobal na Gaeltachta. Thuig sé sin. Ba choincheap tábhachtach é. Conas a chaomhnaítear teanga? Conas a dhéantar dul chun cinn le teanga bheo? Cinntítear go mbeidh daoine ann a bhfuil na scileanna éagsúla agus cumas sa Ghaeilge acu.

Ag an am, bhí an BA á dhéanamh agam agus níor thuig mé an bhfaigheadh sé luach a chuid airgid asam. Mar a tharla sé, bhí mé ag obair amach i ndiaidh sin i bpost ina raibh gá le hurlabhra agus bhí dóthain féinmhuiníne agam, bíodh is go raibh go leor lochtanna fós ar mo chuid Gaeilge. Sin an sórt físe atá uainn an t-am ar fad, agus ba bhreá liom cur leis an iarracht sin. Go dtí go bhfuil sé le feiceáil agus le tuiscint i gach aon áit gur féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge i do thír féin, níl an sprioc bainte amach againn.

Ba bhreá liom a rá freisin - rud a luaigh mé ag an gcoiste cúrsaí Eorpacha cúpla nóiméad ó shin - gur cheart dúinn a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil le linn ár nUachtaránachta ar an gComhairle Eorpach. Tuigim go bhfuil go leor daoine san Eoraip nach bhfuil Gaeilge acu, ach tá sé an-tábhachtach go gcuirfear an Uachtaránacht agus gnó na hUachtaránachta os comhair phobal na hÉireann le Gaeilge.

Mar fhocal scoir, tréaslaím le hambasadóir nua na Breataine, Kara Owen. Labhair sí linn i nGaeilge aréir ag an ambasáid, agus an-suim léirithe aici sa Ghaeilge freisin. Ba chóir go ngríosódh sé sin muid chun cur leis an iarracht ní hamháin chun an Ghaeilge a choimeád beo, ach í a threisiú sa tír freisin.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh an Aire chuig an Seanad chun na ráitis seo a thógáil. Aontaím leis an Seanadóir Mullen ar dtús báire go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le tithíocht sa Ghaeltacht, ach freisin le hinfheistíocht sa Ghaeltacht ó thaobh infreastruchtúir. Leis sin, cuirim fáilte roimh an infheistíocht a rinne an tAire agus a Roinn i gCé Inis Oírr. Is infreastruchtúr fíorthábhachtach é don oileán agus do thodhchaí an oileáin. Cuirim fáilte roimh an bhfógra oifigiúil maidir le tosú na hoibre tábhachtaí sin.

Maidir leis an maoiniú sa bhuiséad deireanach, fáiltím roimh an infheistíocht. Thug an tAire cuairt ar Choláiste Lurgan agus is eol dúinn go léir an infheistíocht atá curtha isteach ag an Roinn sa togra sin. Tá caint le blianta ar an togra tábhachtach sin. Baineann sé le heacnamaíocht an cheantair ó thaobh mná tí agus na coláistí samhraidh, agus tá sé tábhachtach ó thaobh todhchaí na teanga freisin. Cuirim fáilte roimh sin agus an infheistíocht bhreise d'Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil ról lárnach ag an údarás maidir leis an nGaeilge agus maidir le dul chun cinn na teanga.

Aontaím leis an Aire go bhfuil an sprioc earcaíochta - an 20% - atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 uaillmhianach agus fíordúshlánach. Tá sé tábhachtach go mbeadh sprioc ann, agus go mbeimid in ann labhairt le daoine trasna na tíre agus a rá go bhfuil na deiseanna anseo agus go bhfuil an sprioc seo ann. Táimid ag déanamh na hinfheistíochta agus táimid ar son an chéatadáin seo ó thaobh na hearcaíochta. Leis sin, cuirim fáilte roimh na figiúirí a luaigh an tAire, a thaispeánann go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na figiúirí éilimh do chúrsaí Gaeilge sa Státseirbhís ó 163 in earrach 2022 go dtí 600 anois in earrach 2026. Is léir ón gcéatadán sin go mbeidh deiseanna ar fáil d'fhoghlaimeoirí agus daoine a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim síos an bóthar. Beidh daoine laistigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht sna Gaelcholáistí ag breathnú ar na rudaí seo agus ag rá leo féin go bhfuil deiseanna fostaíochtan trí Ghaeilge sa Státseirbhís agus san Eoraip. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Is í an tithíocht an t-ábhar is práinní trasna gach uile áit sa tír, agus sa Ghaeltacht freisin. Tá a fhios agam go bhfuil coimhlint ann anois maidir leis na Airbnbs. Tá feachtas láidir ar bun faoi sin. Ag an am céanna, is le daoine áitiúla an chuid is mó de na tithe seo, agus tá siad ag déanamh cúpla punt. Tá an choimhlint sin ann. Seachas an milleán a chur ar aon duine a bhfuil Airbnb aige, ba cheart go mbeimid, agus táimid, ag cur na hinfheistíochta agus airgead caipitil ar fáil chun tithe a thógáil i ngach uile áit sa tír, ina measc na Gaeltachtaí. I nGaeltacht Chonamara, mar shampla, tá scéim séarachais sa Spidéal ach, seachas sin, níl a leithéid sna háiteanna eile. Tá a lán fáthanna nach bhfuil dul chun cinn ag cuid acu. Baineann cuid acu le cúrsaí pleanála, mar shampla i gCloch na Rón. Bhí fadhb le tamall fada ar An gCeathrú Rua maidir leis an suíomh agus bhí orthu tosú arís ar shuíomh eile a ainmniú agus dul tríd an bpróiseas sin. Tá cinneadh déanta ag an Rialtas, agus cuirim fáilte roimhe, go mbeidh na comhairlí contae agus conraitheoirí príobháideacha in ann scéimeanna tithe a thógáil le scéimeanna séarachais sealadacha agus nach gá fanacht do scéim mhór. Tá sé sin tábhachtach chun deis a thabhairt don chomhairle contae agus do na conraitheoirí príobháideacha tithe a thógáil. Caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh, mar atá ráite sa Teach roimhe seo, in áiteanna cosúil leis An Tulach, ina bhfuil TG4. Tá a lán rudaí thart ar an áit sin - TG4, Cúla4, Fíbín, scoil, séipéal, tithe, agus eastát leis an údarás freisin - agus ba cheart go mbeadh scéim séarachais ar fáil ionas go mbeifear in ann tithe a thógáil sa cheantar beag sin. Déanfadh sé sin ciall ar mhaithe le tithe sóisialta agus tithe ar phraghas réasúnta freisin.

Tá a fhios agam go bhfuil sé leagtha amach i bplean an Rialtais go mbeadh ról ag an údarás ó thaobh tithíochta de. Cé go bhfuil an-suim sa mholadh seo, níl an t-údarás i bhfabhar go mbeadh ról aige tithe a thógáil gan comhoibriú leis na comhairlí contae. Tá sé ráite ag na comhairlí contae ar an lámh eile nach bhfuil a lán de na scéimeanna séarachais atá ag an údarás feiliúnach chun tithe a thógáil ag úsáid an infreastruchtúir sin. Tá sé tábhachtach - i nGaillimh, mar shampla, agus in áiteanna eile freisin - go mbeadh an comhoibriú sin leis an gcomhairle contae, leis an údarás agus le hUisce Éireann. Ba cheart go mbeimid in ann a rá ag deireadh an Rialtais seo go bhfuil dul chun cinn déanta againn sa chomhthéacs seo agus go bhfuil méid áirithe tithe tógtha i gConamara, Maigh Eo, Dún na nGall, Ciarraí, Corcaigh agus áiteanna eile mar gheall ar an gcomhoibriú atá luaite agam. Caithfear talamh a ainmniú agus a cheannach, nó talamh ón údarás a úsáid, cead pleanála a fháil agus na tithe a thógáil, go mórmhór tar éis an chinnidh go mbeifear in ann scéimeanna séarachas sealadacha a úsáid. Más féidir leis an Aire leanúint ar aghaidh le rud éigin mar sin, sílim go ndéanfaidh sé an-difríocht. Tá sé ceart go leor a bheith ag caint faoi, ach caithfimid é seo a dhéanamh ar son na Gaeltachta. Is é sin an rud tábhachtach.

Tá fostaíocht fíorthábhachtach don Ghaeltacht. Tá a fhios agam go bhfuil ról ar leith ag an údarás agus go bhfuil na figiúirí is déanaí atá foilsithe go maith. Caithfimid é sin a rá.

Is mian liom ábhar amháin eile a lua. B'fhéidir go bhfuil fadhbanna i Maigh Eo freisin maidir le bainteoirí feamainne agus ceadúnas feamainne, ach níl aon dabht ach gur cheist fhíorthábhachtach í i gConamara faoi láthair. Tá faitíos ar mhuintir Chonamara maidir leis na hiarratais atá déanta ag Arramara Teoranta, seanchomhlacht an údaráis atá ina chomhlacht príobháideach anois, le haghaidh ceadúnais fheamainne thart ar chladaigh Chonamara. Tá cearta ag daoine áitiúla feamainn a bhaint. Tá cearta ag cuid acu atá leagtha síos sna folios agus rudaí mar sin. I gcásanna eile, b'fhéidir nach bhfuil na cearta sin leagtha síos go dlíthiúil, ach tá siad ann. Nuair a bhí an t-iarAire, Damien English, sa Roinn talmhaíochta agus Roinn an rialtais áitiúil, fuair sé aighneacht ón Ard-Aighne faoi seo.

Dúirt an tArd-Aighne go bhfuil cearta ann, cé go bhféadfaí nach cearta oifigiúla iad, a chaithfear a chur san áireamh. Tá a fhios againn go bhfuil an grúpa sin, the Maritime Area Regulatory Authority, MARA, anois i gceannas ar na rudaí seo. Tá sé tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir Chonamara. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire ar an eolas faoin ábhar seo. Tá sé tábhachtach i gConamara agus trasna an chósta Ghaeltachta.

Comment on this

Agus Seachtain na Gaeltachta ag teacht suas, ba mhaith liom aird a tharraingt ar roinnt ábhair náisiúnta agus áitiúla. Is é an chéad cheann ná tithíocht sa Ghaeltacht. Is gá dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht lena chinntiú go mbeidh Gaeltacht ann sna blianta romhainn. Tá Sinn Féin ag rá le fada go bhfuil gá ann níos mó airgid agus cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar aon leis sin, ceapaim féin go bhfuil deis againn anois smaoineamh ar thithíocht Ghaeilge a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I mo chontae féin, Contae an Chabháin, tá aithne agam ar na scórtha teaghlach agus na céadta daoine gur breá leo ceantar agus pobal úr Gaeltachta a chur ar bun i mBaile an Chabháin nó i Muinchille.

Cuireann Sinn Féin agus mé féin fáilte roimh an maoiniú méadaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa bhuiséad, ach ní leor é agus tá a fhios ag an Rialtas nach leor é. Is trua freisin go raibh ar phobal na Gaeltachta a bheith ag troid go dian ar feadh na mblianta chun an t-ardú beag seo a bhaint amach. Tá an earnáil Gaeilge go mór thíos leis go stairiúil. Is iad na grúpaí ar an talamh atá ag déanamh na hoibre ar son na Gaeilge. Is gá dóibh gach tacaíocht a fháil. I mo chontae féin, tá obair iontach ar siúl go deonach ag grúpaí pobail. Mar shampla, tá grúpa nua curtha ar bun, Gaelphobal an Chabháin. Bhí lainseáil mhór aige an tseachtain seo, roimh Sheachtain na Gaeilge. Tá suim mhór sa Ghaeilge i gContae an Chabháin. Tá daoine ag iarraidh an seans an Ghaeilge a labhairt. Tá grúpaí pobail ag iarraidh cuidiú leis an bpobal seo ach tá siad go mór thíos leis ó thaobh airgid.

Maidir le hoideachas, tá cruachás mór sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de. Is cuma leis an Roinn agus leis an Rialtas seo faoi fhás sa chóras Gaelscolaíochta. Mar shampla, i gContae an Chabháin, níl ach bunscoil lánGhaeilge amháin againn. Tá grúpaí agus tuismitheoirí ag iarraidh an dara Gaelscoil a bhunú. Tá ár gcomhairleoirí Shinn Féin sa Chabháin ag troid go mór ar a shon seo ach tá an Roinn ag rá leo nach bhfuil cead nó dóchas mar gheall ar dhéimeagrafaic. Ba cheart go mbeadh seans ag gach duine i gContae an Chabháin freastal ar Ghaelscoil.

Déanaim comhghairdeas agus gabhaim buíochas le Conradh na Gaeilge agus le gach grúpa ar an talamh atá ag déanamh obair iontach le haghaidh Sheachtain na Gaeilge. Táim ag súil go mór le freastal ar go leor imeachtaí Gaeilge sa Chabháin i mí an Mhárta.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh an Aire. Roinnfidh mé mo chuid ama leis an Seanadóir Noonan. Nuair a bhí mé ag smaoineamh aréir ar cad a déarfainn inniu, tháinig seanmhothúcháin orm, náire agus eagla. Bhí imní orm nach bhfuil mo chuid Gaeilge maith go leor lena bheith ag labhairt anseo inniu. Is dócha nach bhfuilim i m'aonar. Thug m'athair, Seán Ó Ceallacháin, grá mór dár dteanga dhúchais dom. Is mór an trua nach labhraíonn níos mó daoine ár dteanga álainn ó lá go lá agus ó dhubh go dubh. I ndáiríre, tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine cosúil liomsa. Ní as an nGaeltacht muid agus ní dheachamar go dtí Gaelscoil ach tá grá mór againn dár dteanga álainn agus suim mhór againn inti. Mar sin, ar an 19 Márta san audiovisual room, beidh mé féin, mo chomrádaí Councillor Fiona Connelly agus triúr cainteoir eile ag plé bealaí simplí chun an Ghaeilge a úsáid inár saol laethúil. Ba bhreá liom an tAire a fheiceáil ann. Tabharfaidh mé cuireadh do gach duine san Oireachtas.

Tá ár gcaidreamh leis an nGaeilge dhifriúil anois. Féach ar an obair iontach atá ar siúl anois ar social media agus ar na podcasts a dhéanann daoine agus grúpaí, mar shampla, "How to Gael", Irish with Mollie agus Gaeilgeoir Guides. Tá daoine ag caint Gaeilge bhriste agus flúirse na Gaeilge. Caithfimid moladh a thabhairt do na daoine a labhraíonn Gaeilge. Ná bac leis an puritanism. Tóg go bog é le daoine cosúil liomsa.

Ar nóta eile, bhí mé ag caint le John Prendergast agus Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge inné. Mar sin, táim chun caint anois faoi cheithre cheist thábhachtacha. Tá a fhios agam gur labhair Seanadóirí eile faoin méid seo freisin.

Is gá dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht lena chinntiú go mbeidh aon Ghaeltacht ann sna blianta romhainn. Is gá rannóg tithíochta a chur ar bun in Údarás na Gaeltachta le comhoibriú a dhéanamh leis na comhairlí contae agus Uisce Éireann. Beidh airgead de thimpeall €650,000 agus leasú ar Bhille Údarás na Gaeltachta ag teastáil chuige sin. Caithfidh an Bille um short-term rental and tourism, 2025 a bheith láidir i gcoinne cíosa ghearrthéarmach. Ní mór don Aire tithíochta an ráiteas náisiúnta pleanála tithíochta don Ghaeltacht a fhoilsiú anois díreach. Gealladh ar dtús treoirlínte mar seo in 2021. Tá an easpa gnímh seo ag cruthú fadhbanna.

Tá a fhios agam gur chuala an tAire an méid sin uile roimhe ach bear with me. Tóg go bog é liom. Ar an dara hábhar, tugadh maoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbuiséad na bliana seo caite ach ba 51% den infheistíocht a bhí á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta é sin. Caithfidh an tAire maoiniú cothrom a chur ar fáil to the Irish-language lead organisations ar nós Fhoras na Gaeilge.

Is é an t-oideachas an tríú hábhar. Tá cruachás mór sa chóras oideachais maidir le maoiniú na Gaeilge. Tá a fhios agam é sin óna bheith ag obair i scoil. Tá na exceptions as smacht. Níl spriocanna ann do mhéadú na Gaelscolaíochta agus níl aon phlean ceart curtha le chéile maidir le scoileanna a aistriú ó scoileanna Béarla go Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Maidir le múineadh na Gaeilge, ní mór grúpa saineolach a chur ar bun sa Roinn oideachais a dhéanfadh ailíniú ar ar an gcóras oideachais in Éirinn le leibhéil inniúlachta teanga an common European framework of reference.

Is é an rud deireanach ná pleanáil teanga. Seacht mbliana níos déanaí, tá formhór na bpleananna teanga Gaeltachta críochnaithe. Níl aon chinnteacht ann maidir le todhchaí, fís, feidhm ná uaillmhian na bpleananna seo. Caithfear na moltaí a bhí san athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga sa tuarascáil a choimisiúnaigh Roinn na Gaeltachta ó Bharr Feabhais a chur i gcrích, go háirithe na moltaí maidir le hacmhainní daonna, pá agus maoiniú do na pleananna. Caithfear pleanáil teanga a dhéanamh ar bhonn an Stáit go léir, an Státchóras, na Ranna Rialtais agus gach áit eile san áireamh. Chabhródh sé seo leis an national plan for Irish-language services don tréimhse ó 2024 go 2030 chomh maith.

Gaeilge is part of who we are. Fiú muna bhfuil tú líofa nó má tá tú ag foghlaim nó ag feabhsú do Ghaeilge, caithfear í a úsáid. Ní féidir lenár dteanga iontach bás a fháil.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh an Aire. Tá an Ghaeilge ag dul trí chineál athbheochana faoi láthair. Tá níos mó daoine ag foghlaim na teanga anois ná mar a bhí ag aon am riamh. Tá sé seo tábhachtach ní hamháin chun an cultúr a cheiliúradh, ach ionas go mairfidh an teanga féin. Athraíonn an ceol agus an cultúr go tapa; mar sin, tá sé tábhachtach a chinntiú go n-úsáidimid an deis seo chun cabhrú lenár dteanga ní hamháin maireachtáil, ach fás. D'fhoghlaim mé an Ghaeilge ag am nuair nach raibh fíordheis ann í a labhairt sa scoil nó i gciorcail shóisialta. Ba chóir dom féin a bheith ag déanamh níos mó anois chun an teanga a fhoghlaim agus a úsáid gach lá. B’fhéidir gur cheart dom inspioráid agus treoir a fháil ón bhfile Cathal Ó Searcaigh, a dúirt ina dhán "Fiacha an tSolais":

Ach an té a dhéanann faillí i bhfiacha an tsolais

nach follas go ndorchaíonn sé é féin d'aon turas.

Is féidir an Béarla seo a chur air sin:

But he who neglects the duties of light

does he not see that he deliberately darkens himself.

Tá muid buíoch go bhfuil ár bpáistí ag fáil oideachais go hiomlán trí mheán na Gaeilge anois i nGaelscoil Osraí agus Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh. Cé go bhfuil líon láidir daltaí sa bhunscoil, tá fadhb mhór againn leis an meánscoil. Táimid ag fanacht le scoil nua le breis is seacht mbliana anois ach ní raibh an scoil ar an liosta i mbliana, rud atá ina ábhar mór díomá do scoláirí agus tuismitheoirí araon. This has not stopped the school from delivering a wonderful programme across all years or providing a rounded and full education to our students. We need a new school building to grow numbers and provide a full range of facilities.

Ar fud na hÉireann, tá dúshláin romhainn meánscoileanna a chur ar fáil do dhaltaí chun a gcuid staidéir a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is saincheist í seo a gcaithfidh an Rialtas aghaidh a thabhairt uirthi. Teastaíonn níos mó éagsúlachta uainn inár mbunscoileanna agus meánscoileanna Gaeilge araon. Ní mór dúinn níos mó teaghlach ó chúlraí éagsúla a spreagadh chun oideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú. Tá muid buíoch d’eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge as a gcuid oibre chun an teanga a choinneáil beo. Caithfidh an Rialtas níos mó infheistíochta a sholáthar agus breathnú ar thíortha eile, ar nós na Breataine Bige, áit a bhfuil an Bhreatnais láidir.

Maidir liom féin, déanfaidh mé iarracht an Ghaeilge a úsáid níos mó i mo chuid oibre sa Seanad. Tá neart cabhrach agam sa bhaile le Kitty, Stiofán agus Tristan, a fheidhmíonn mar aistritheoirí neamhoifigiúla dom. As parents of Irish-language educated children who are of an age where we were not served well by the Irish-language education we received, we were disappointed with the strategy for Irish-language education in English-medium schools. We are disappointed that funding for Irish has not moved in the direction we would like it to, similar to the direction in Wales. Iarraim ar an Aire breathnú ar cháinaisnéis na bliana seo chugainn agus troid ní hamháin ar son níos mó maoinithe, ach ar son ár dteanga choiteann le athchóiriú buan a bhaint amach. Gabhaim buíochas agus maithigí dom mo chuid Gaeilge.

Comment on this

Tá fáilte roimh an Aire. Nach iontach an rud é go bhfuil an díospóireacht seo ar bun againn go hiomlán trí mheán na Gaeilge? Cuirim fáilte roimhe sin. Tá Gaeilge an Seanadóra Noonan go breá ar fad agus ba chóir dó leanúint ar aghaidh á húsáid. Aontaím leis go bhfuil athbheochan ar bun faoi láthair leis an nGaeilge, agus is iontach an rud é sin. Tá sé sin le feiscint i bhfianaise an chlú agus cáile atá ar an scannán "An Cailín Ciúin", an podchraoladh "How to Gael" agus fiú an grúpa ceoil Kneecap. Cé cur ceart dúinn na rudaí seo a cheiliúradh – tá siad á gceiliúradh againn – tapóidh mé an deis seo béim a chur ar an méid is cóir dúinn a dhéanamh chun tacú leis an athbheochan sin sna blianta beaga atá amach romhainn.

Ar an gcéad síos, labhróidh mé faoin chóras oideachais. Tá sé seo luaite ag roinnt mhaith Seanadóirí tráthnóna. Is tábhachtach é a lua agus Seachtain na Gaeilge ar na bacáin. Cé go bhfuil suim agus éileamh ar Ghaelscoileanna ar fud na tíre taobh amuigh den Ghaeltacht, níl againn ach 45 Gaelcholáiste, chomh maith le beagnach 20 aonad. Tá 153 Gaelscoil ann faoi láthair, rud a chiallaíonn nach bhfuil a dhóthain scoileanna againn chun an deis a thabhairt do dhaoine óga leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil Osraí. Is cuimhin liom muintir Chill Chainnigh ag fanacht leis an nGaelcholáiste sin agus tá siad fós ag fanacht. Luaigh an Seanadóir Mullen Gaelcholáiste Synge. Faraor, níl ach beirt cláraithe i gcomhair an Ghaelcholáiste sin do Mheán Fómhair 2026 toisc nach bhfuil plean ann. Luaigh mé an easpa plean seo sa Seanad bliain ó shin. Tá sé Ghaelscoil sa cheantar sin agus teastaíonn ó thuismitheoirí a gcuid páistí a chur go Gaelcholáiste, ach níl aon rud feicthe acu mar gheall ar an bplean, foirgneamh, múinteoirí agus mar sin de. Níl sé feicthe ag na múinteoirí, na tuismitheoirí nó an príomhoide atá ann anois, nach raibh ann bliain ó shin.

Nuair a bhí plé ag comhchoiste na Gaeilge leis an Údarás um Ard-Oideachas le déanaí – bhí an Seanadóir Curley i láthair chomh maith - dúradh linn nach bhfuil ach dhá chúrsa tríú leibhéal ar fáil ar an oileán nach bhfuil bainteach leis an teanga, oideachas nó an t-aistriúchán. Luaigh an Seanadóir Curley é seo freisin. D’fhreastail mé ar cheann de na cúrsaí sin in Áras na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus tá ceann eile in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhaineann le cúrsaí gnó. Ba é an t-ainm a bhíodh air ná Fiontar. Bíonn sé fós ag déileáil le cúrsaí gnó. Níl aon chúrsa a bhaineann le haltranas, innealtóireacht, pleanáil nó rudaí eile. Níl ann ach na cinn a bhaineann leis an nGaeilge, nó leis an nGaeilge i dteannta leis an ngnó, le hiriseoireacht nó le cúrsaí cumarsáide. Conas is féidir linn an plean agus na poist sin ar fad a líonadh san earnáil phoiblí faoi 2030? Mar is eol dúinn, beidh sé riachtanach faoin bhliain sin go mbeidh 20% don lucht oibre san earnáil phoiblí in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Ní mór dúinn díriú isteach go mór ar an bhfírinne sin idir seo agus 2030. Admhaím go bhfuil ar na coláistí déileáil leis an éileamh, ach gan a dhóthain Gaelcholáistí ní bheidh na daltaí ann ag an tríú leibhéal. Gan daltaí tríú leibhéal, beidh sé iomlán dodhéanta an sprioc sin san earnáil phoiblí a shroicheadh faoi 2030. Tá ar na n-institiúidí féachaint ar an éileamh atá ag teacht anuas ón Stát do na poist sin, ní hamháin an t-éileamh ó dhaltaí dara leibhéal, mar shampla.

Is é an dara rud is mian liom a lua, agus Seachtain na Gaeilge ag teacht, ná an sárobair a dhéanann Raidió Rí-Rá ar son na teanga agus ar son Gaeilgeoirí óga. Is cairtstáisiún ceoil Ghaeilge é Raidió Rí-Rá atá ag craoladh ar ardáin éagsúla, le tréimhsí ar FM agus DAB san áireamh, go leanúnach agus gan stad ó 2008 ar aghaidh. Tá sé mar mhisean ag an stáisiún freastal ar mhianta daoine óga, go háirithe a gcuid mianta raidió ó thaobh ceoil, cainte agus craice de, agus earnáil ceoil comhaimseartha Gaeilge a thógáil timpeall air sin. Tá an stáisiún dírithe ar an aoisghrúpa idir cúig is 35. Bheadh Raidió Rí-Rá in ann craoladh go lánaimseartha maidin amárach. Tá sé ar DAB i gCúige Laighean go lánaimseartha faoi láthair agus tá sé ar aipeanna freisin. Beidh sé ag craoladh ar FM i Mí an Mhárta chomh maith le linn Sheachtain na Gaeilge, mar a dhéanann sé gach bliain, i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Gaillimh. Faoi láthair, tá triúr fostaithe go lánaimseartha ag an stáisiún agus tá foireann de thart ar 30 duine ag feidhmiú ar bhonn páirtaimseartha. Faigheann sé deontas, mar is eol don Aire, ar luach €228,704 sa bhliain é ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Tá sé sin ar eolas ag an Aire. Is cosúil go bhfuil plé ar bun go mbeadh stáisiún FM don aos óg trí mheán na Gaeilge ar fáil, ach ní gá seirbhís nua a bhunú agus go leor airgid a chaitheamh nuair atá Raidió Rí-Rá, an cairtstáisiún raidió Gaeilge don aos óg, ar bun ó 2008 ar aghaidh le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta. Impím ar an Aire é seo a phlé leis an Aire cumarsáide, an Teachta O’Donovan, agus Coimisiún na Meán chun deis a thabhairt do Raidió Rí-Rá cur isteach ar cheadúnas náisiúnta lánaimseartha ar FM.

Comment on this

Tá fáilte roimh an Aire chun an Tí anocht. Nuair a bhí mé i mo shuí anseo ag éisteacht le-----

Comment on this
Mark Daly An Cathaoirleach Fianna Fáil

Gabh mo leithscéal. Níl ach trí nóiméad ag an Seanadóir.

Comment on this

Níl ach trí nóiméad agam. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as sin. Nuair a bhí mé i mo shuí tráthnóna ag éisteacht leis na Seanadóirí, rith sé liom gur teanga mhaith álainn í an Ghaeilge. Tá mo chuid Gaeilge féin uafásach. Is pleidhce mór mé as a bheith anseo ag labhairt Gaeilge. Deir sé ar an suaitheantas atá á chaitheamh agam go bhfuil cúpla focal agam, agus is é sin an méid a bhfuil agam. Nuair a bhí mé níos óige agus ag freastal ar scoil i nGaillimh 60 bliain ó shín, bhí an fháinne agam agus bhí mé i mo Ghaeilgeoir iontach maith ar fad. Nuair a bhí mé mar chuid den Chéad Chathlán i nDún Uí Mhaoilíosa, bhí Gaeilge mhaith agam. Cúpla mí ó shín, agus mé ar mo bhealach abhaile, bhí mé ag smaoineamh ar an teanga. Rith sé liom go mb'fhéidir go bhfuil an teanga ag fáil bháis. Smaoinigh mé go gcaithfeadh mé rud a dhéanamh to bring back an Ghaeilge. Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge ó shin i leith. Tá mé anseo inniu de bharr an ghrá mhóir atá agam don teanga. Caithfidh muid oibriú le chéile chun an teanga a neartú trasna na tíre.

Sin an méid atá agam anocht. Gabhaim buíochas leis an Aire. Tá a Ghaeilge féin go hálainn.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Calleary, as ucht teacht isteach go dtí an Seanad anocht chun éisteacht agus labhairt linn. Ar an gcéad dul síos, aontaím leis an méid atá ráite ag na Seanadóirí sa díospóireacht go dtí seo, an méid atá ráite ag na Seanadóirí Curley, Mullen agus Kyne ach go háirithe, mar gheall ar an gá atá ann díriú isteach ar an obair atá le déanamh ag an Rialtas agus againn mar pholaiteoirí le hÚdarás na Gaeltachta agus leis na comhairleoirí contae go léir do na contaetha ina mbíonn Gaeltacht nó Gaeltachtaí ann chun dóthain tithíochta a thógáil do chainteoirí Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta agus an teanga a fhorbairt sna háiteanna ina mbíonn sí á húsáid mar ghnáth teanga cumarsáide laethúil. Bhíos thuas ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite. Bhí an-bhéim á cur ar sin ag na daoine lena rabhthas ag caint leo, agus an ghéarghá déileáil leis sin.

Ó thaobh chúrsaí oideachais de, is iontach an rud é a bheith in ann a rá go bhfuil feabhas mór tar éis teacht ar mhúineadh na Gaeilge sna meánscoileanna ar fud na tíre le blianta anuas, go háirithe ón am a bhíos féin sa mheánscoil sna nóchaidí. Is maith an rud é go bhfuil tuilleadh béime á cur ar an nGaeilge labhartha inár scoileanna sa lá atá inniu ann, seachas an iomarca béime a chur an litríocht agus ar an bhfilíocht nuair nach mbíonn caighdeán ard a dhóthain bainte amach ag daltaí agus iad ag labhairt na teanga.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar dhíolúintí, ait ina gcaithfimid tuilleadh oibre a dhéanamh. Tá díolúintí ó staidéar na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna tar éis leibhéal nua is airde riamh a bhaint amach. Tá líon na ndíolúintí beagnach tar éis dúbailt le seacht mbliana anuas, agus de réir figiúirí do 2025, tá breis is 60,000 dalta - thart ar 14% de dhaonra na n-iarbhunscoileanna - díolmhaithe anois. Is gá dúinn féachaint ar sin agus iarracht a dhéanamh smacht a choimeád ar líon na ndíolúintí ar fad, agus gan bheith ag brath ar na príomhoidí, múinteoirí agus na foirne bainistíochta sna scoileanna chun na cinntí mar gheall ar dhíolúintí a dhéanamh. Caithfimid tacaíocht níos láidre a thabhairt dár scoileanna leanúint ar aghaidh leis an tsárobair atá á déanamh acu chun todhchaí na Gaeilge a chosaint agus seans níos fearr a thabhairt dóibh leanúint ar aghaidh chun an Ghaeilge a fhorbairt.

Tugaim ardmholadh do na Seanadóirí ar fad as ucht an díospóireacht a dhéanamh, go háirithe an Seanadóir Craughwell. Tá sé i bhfad níos fearr ná mar a dúirt sé féin. B’iontach an rud é a bheith ag éisteacht leis as Gaeilge sa Seomra seo.

Comment on this
Mark Daly An Cathaoirleach Fianna Fáil

Before I call the Minister, I welcome Social Democrat councillor Noelle Browne from Kimmage-Rathmines. She is a survivor of the mother and baby home in Bessborough. She is most welcome to Seanad Éireann. Anois glaoim ar an Aire chun freagra a thabhairt ar an díospóireacht.

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Gabhaim buíochas le gach Seanadóir a ghlac páirt sa díospóireacht seo, go háirithe na Seanadóirí nach bhfuil Gaeilge acu. Glacann sé misneach seasamh anseo chun an Ghaeilge a úsáid. Senator Cosgrove's Irish is excellent. She should use it more. Má bhí fáinne ag an Seanadóir Craughwell sna seascaidí, tá Gaeilge líofa aige. I mo scéal féin, rinne mé Gaeilge go dtí an ardteist agus níor bhain mé úsáid as focal Gaeilge ó m'ardteist go dtí gur toghadh mé go dtí an Dáil - le haghaidh 16 bliain. Le cuidiú ó na hiriseoirí Gaeilge a bhí ann ag an am, sin an fáth ar thosaigh mé ag úsáid na Gaeilge a bhí agam. Tá Gaeilge ag gach duine sa tír seo. B'fhéidir go bhfuil sé deep sa chliabh ach tá sé ag gach duine. Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine cosúil leis an Seanadóir Cosgrove in ann í a úsáid, go bhfuil an misneach acu í a úsáid ar dtús. Nuair a bhaineann tú úsáid as, tá sé cosúil le rothaíocht nó tiomáint - the more you use it, the more confident you will get. If you do not use it, you will lose it. Gabhaim buíochas le gach duine.

Faoi chúrsaí tithíochta, tá tithíocht faoi chúram an Aire tithíochta, ach táim ag obair go dian ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Táimid tar éis cúpla cruinniú a fháil leis an údarás, le príomhfheidhmeannach an údaráis, chun scrúdú an talamh atá aige, go háirithe mar a bhí luaite ag an Seanadóir Kyne, cén sórt seirbhísí atá ar an talamh seo agus cúrsaí séarachais. Beidh cruinniú ag Uisce Éireann agus an údarás. Tá an t-údarás tar éis airgead a thabhairt chun oifigí nua a chur ann agus cóiríocht a dhéanamh ar thithe folmha sna ceantair Ghaeltachta. Tá a lán ann, ach níl na figiúirí sin againn. Tá an post sin bunaithe i gContae Mhaigh Eo, so beidh sé iontach. Léiríonn sé go bhfuilimid ag díriú isteach. Níl na figiúirí agam faoi na deontais go mbaineann muintir na Gaeltachta úsáid astu le haghaidh tithe folmha agus tithe a chur ar ais, ach tá siad láidir. Tá mé tar éis trí meetings a bheith agam leis an bpríomhfheidhmeannach sna húdaráis áitiúla atá i gceannas ar chúrsaí pleanála. Tuigim go gcaithfimid an ráiteas a fháil, agus táim ag cur brú ar an Aire faoi sin, ach táim ag díriú isteach ar chúrsaí tithíochta. Táim ag súil go mbeidh daoine ag seasamh le haghaidh na n-athruithe atá an tAire, an Teachta Browne, á dhéanamh go dtí na short-term lettings. Má tá tú ag iarraidh níos mó tithe sa Ghaeltacht, beidh tú ag seasamh leis an mBille sin.

Bhí an méid a leag an Seanadóir Ní Chuilinn amach maidir le cúrsaí oideachais thar a bheith suimiúil. Déanaim comhghairdeas léi ar an gclár ina raibh sí, anseo i dTeach Laighean, ar TG4 oíche Déardaoin. Léiríonn sé na dúshláin atá ann, agus táim chun iad a phlé leis an Aire oideachais. Freisin, táimid tar éis foghrúpa a bhunú faoin bplean gníomhaíochta chun leagan amach agus oibriú amach cén chaoi a mbeimid in ann na spriocanna a fháil, mar a dúirt sí agus an Seanadóir Mullen, chun innealtóirí agus a leithéid a fháil. Ba cheart go mbeadh Gaeilgeoirí i mo Roinn Coimirce Sóisialaí, ní hamháin daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ach ionas go mbeidh Gaeilgeoirí in ann seirbhísí Gaeilge a úsáid agus iad ag déileáil leis an Roinn Choimirce Sóisialaí. Tá foghrúpa le bunú faoi chúrsaí oideachais. Mar a dúirt mé, b'fhéidir go mbeimid in ann microcourses a dhéanamh nó rud mar sin in éineacht leis na cúrsaí eile chun go mbeidh Gaeilge ag daoine.

Chuir an Seanadóir Mullen ceist orm faoinár nUachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá le teacht. Beidh an Ghaeilge i gcroílár na hUachtaránachta sin. Tá sé sin leagtha amach ag an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, iarAire Stáit na Gaeltachta, atá i gceannas ar an Uachtaránacht, ní hamháin le haghaidh chúrsaí Gaeilge agus cruinnithe Gaeilge, ach gach cruinniú. Tá sé leagtha amach ag an Aire Stáit, an Teachta Byrne.

Ó thaobh chúrsaí airgeadais, táimid tar éis am a chaitheamh inniu agus oíche aréir ag an gcoiste Gaeltachta agus mé ag plé na Estimates. Tá ardú 30% le haghaidh na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo. Dá mbeadh ardú 30% ag aon rannóg nó Roinn eile, bheadh ionadh ar dhaoine. Níl sé sin ach tús. Táim dírithe ar sin. Caithfimid infheistíocht eile agus breise a chur go dtí an Ghaeilge mar gheall ar an neart agus an fuinneamh atá ag an nGaeilge ag an bpointe seo.

Tiocfaidh mé ar ais chuig an Seanadóir faoi Raidió Rí-Rá. Tá Raidió na Gaeltachta ag déanamh an-jab freisin. Tá sé tábhachtach go leagfaimid amach é. Tá mo chomhghleacaí Rialtais, an tAire, an Teachta O'Donovan, tar éis airgead breise - €5 milliún bhreise - a thabhairt go dtí TG4 chun go mbeidh sé in ann seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú. Tá sé sin tábhachtach. Caithfimid infheistíocht bhreise a chur go dtí Raidió na Gaeltachta.

Le hinfheistíocht bhreise i gcomhair chúrsaí pleanála teanga, tá €3 milliún bhreise le caitheamh ar chúrsaí phleanála teanga le haghaidh na bliana seo. Tá mé chun cuidiú le hoifigigh phleanála teanga ó gach cuid den tír an Luan seo chugainn, chun an t-athbhreithniú a d'fhoilsigh muid i mí Eanáir a phlé, agus na dúshláin atá ag oifigigh phleanála teanga a phlé freisin. Leag cúpla Seanadóir é sin amach.

Gabhaim buíochas leis na heagraíochtaí Gaeilge a liostáil an Seanadóir Tully. Bhí a lán daoine ag caint faoi Chonradh na Gaeilge. Bhí cruinniú iontach againn leis na príomheagraíochtaí Gaeilge an tseachtain seo caite. An t-am seo anuraidh bhí fadhb mhór le Foras na Gaeilge agus an t-airgead a bhí ag teacht uaidh go dtí na heagraíochtaí Gaeilge. Bhí stailc ann. Tá an fhadhb sin réitithe ach thóg sé an-chuid ama mar gheall go bhfuil Foras na Gaeilge bunaithe faoi theorainneacha Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá réiteach tagtha anois agus táimid in ann a lán airgid bhreise a thabhairt do na heagraíochtaí Gaeilge chun tacú leis an obair atá siad ag déanamh i ngach chúinne den tír agus le gach duine sa tír. Tá deiseanna iontach ann.

Tá spriocanna agus neart iontach ag an nGaeilge. Tá dúshláin ann gan dabht agus tá mé dírithe ar na dúshláin sin, go háirithe i gcúrsaí tithíochta agus cúrsaí pleanála teanga. Ach tá sé tábhachtach go gcuideoimid le daoine Gaeilge a úsáid agus go bhfuil, mar a dúirt mé, Seachtain na Gaeilge anseo sa Teach gach seachtain. Deirtear gach Nollaig "A puppy is not just for Christmas, it is for life". Níl Ghaeilge ann do Sheachtain na Gaeilge nó do mhí na Gaeilge; tá sí ann gach lá. I will say this in English. Irish should be used in this House and in the other House every single day, not just for the two weeks of Seachtain na Gaeilge le go mbeidh daoine in ann í a fheiceáil á húsáid sa pharlaimint náisiúnta, san Oireachtas. Má tá daoine in ann Gaeilge a úsáid agus a fheiceáil go bhfuil Gaeilge á húsáid, beidh i bhfad níos mó daoine á húsáid. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí ar fad.

Comment on this