We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad
‹ An tOrd Gnó - Order of Business

Middle East fuel and food crisis

Summary

Senator Conway discusses the wider consequences of conflict in the Middle East, including falling gas and petrol supplies and looming shortages of fertiliser.

Dar le daoine áirithe le déanaí, ní haon Winston Churchill é an duine atá in 10 Sráid Downing. Más é sin an cás, is cinnte nach aon Franklin Delano Roosevelt é an duine sa Teach Bán.

Déanfaidh mé tagairt den ghéarchéim atá ag tarlú san Meánoirthear faoi láthair de dheasca na troda idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe agus an Iosrael. Mar is eol don Teach seo, tá soláthar gáis agus peitril ag laghdú go práinneach faoi láthair. Ní bhaineann sé le gás agus le peitreal amháin, áfach; chuala mé trácht le déanaí go bhfuil ganntanas leasú talún romhainn. Tá tancaeir sáinnithe i gCaolas Hormuz. Níl siad in ann dul níos faide ó dheas. Taobh thiar de na longa sin, tá loing lódáilte le leasú talún le teacht chun na hEorpa agus na hÉireann. Tá an ganntanas sin ag éirí práinneach. Mar is eol do na Seanadóirí go léir, tá an leasú talún de dhíth go géar ag feirmeoirí san earrach mar tá na feirmeoirí sin ag cur. Muna bhfuil an léasú talún go flúirseach againn sa tír seo, beidh an soláthar bia ag éirí gann níos déanaí sa samhradh agus san fhómhar. Iarraim ar an gCeannaire cuireadh a thabhairt don Aire talmhaíochta, an Teachta Heydon, teacht isteach chun an Tí seo le tuairisc chuimsitheach a thabhairt dúinn faoin ghéarchéim atá romhainn.

Comment on this