We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Dara Céim

Summary

The Seanad gave broad support to the Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024, which restores direct elections to the board, creates regional committees, allows the authority to dispose of land for housing, and updates language and planning provisions. Senators across parties welcomed the stronger democratic role for Gaeltacht communities, but Sinn Féin said the Bill does not go far enough on housing, full board elections and representation. The Minister defended the Bill, stressing housing action, regional linkages and increased State investment in the Gaeltacht.

Bill Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024
Enacted

No. 56 of 2024 ›

Nessa Cosgrove Acting Chairperson Labour Party

Leanfar leis an díospóireacht de réir an ghnáthphatrúin. Beidh ocht nóiméad ag an Aire, seacht nóiméad ag na hurlabhraithe grúpa agus trí nóiméad ag gach Seanadóir eile.

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis an Seanad as an deis a thabhairt dom teacht os a chomhair inniu agus muid ag tabhairt faoin Dara Céim den Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 i Seanad Éireann. Tá go leor oibre déanta ar an mBille seo ó tionscnaíodh é ar dtús i mí Iúil 2024 agus go deimhin rinneadh neart plé fiúntach maidir leis an mBille i nDáil Éireann agus aontaíodh roinnt leasuithe air le linn an phróisis sin. Tá súil agam go mbeidh athbhunú toghchán Údarás na Gaeltachta in ann nasc an phobail Ghaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta a neartú agus go gcabhróidh an Bille nua seo le hobair fhiúntach Údarás na Gaeltachta. Sílim go gcuirfidh na forálacha sa Bhille seo leis an ionadaíocht dhaonlathach ar bhord Údarás na Gaeltachta. Creidim chomh maith go bhfuil aghaidh tugtha go leordhóthanach sa Bhille seo ar cheisteanna a ardaíodh maidir le scaipeadh tíreolaíoch, neamhláithreacht boird agus riachtanais teanga.

Ar thosach feidhme na bhforálacha nua seo, beidh deichniúr comhaltaí tofa, mar aon le seisear comhaltaí a cheapfaidh Aire an lae, ar an mbord. Tá sé i gceist go mbeidh comhaltaí nua ceaptha in áit chomhaltaí ar mian leo leas a bhaint as saoire óna ndualgais bhoird ar feadh ré na saoire sin. Ní bheidh comhaltaí a bhainfidh leas as saoire i dteideal táillí boird ar feadh ré a saoire. Is cinnte gur dul chun cinn an tsolúbthacht seo agus an leasú ó thaobh feidhmiú an bhoird a chinntiú. Beidh comhalta a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha de thréimhse oifige a réamhtheachtaí. Déantar foráil leis an mBille maidir le téarmaí boird a mhairfidh ar feadh uastréimhse de sé bliana.

Beidh ionadaíocht ag na ceantair Ghaeltachta uile ar an mbord agus ní bheidh uainíocht comhaltaí i bhfeidhm a thuilleadh i gcás cheantair Ghaeltachta níos lú mar atá sa reachtaíocht reatha. D'fhonn a chinntiú go mbeidh nasc níos láidre ann idir pobail agus obair an bhoird, déantar foráil leis an mBille freisin do bhunú trí choiste réigiúnach.

Beidh meascán de chomhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ar an trí choiste seo i réigiúin an tuaiscirt, an iarthair, an oirthir agus an deiscirt. Tá sé i gceist go mbuailfidh gach coiste réigiúnach le grúpaí pleanála teanga ina réigiúin Ghaeltachta faoi dhó sa bhliain ar a laghad, agus go dtabharfaidh coistí réigiúnacha tuarascáil don údarás tar éis gach cruinnithe a chuideoidh leis an údarás lena chuid oibre. Tá súil agam go gcinnteoidh an cur chuige nua maidir le ceapadh an bhoird, mar aon leis na bearta nua a bhaineann leis na coistí réigiúnacha, ionadaíocht iomlán dhaonlathach agus rannpháirtíocht iomlán na bpobal Gaeltachta i gcursaí a bhaineann leis an údaras. Tá sé seo mar aidhm tosaigh sa chlár Rialtas, agus is ar mhaithe leis an sprioc sin a bhaint amach atá mé ag tabhairt faoin leasú reachtaíochta seo.

Chomh maith leis na hathruithe seo, déanfar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhiúscairt chun críche tithíochta. Thug dréachtú na reachtaíochta seo mar a bhaineann le leasú ar phróiseas ceapacháin an bhoird deis uathúil cuid den phríomh-Acht a leasú ina leith seo. Cé nach é príomhaidhm na reachtaíochta é, is leasú tábhachtach é mar sin féin.

Tuigim cé chomh práinneach is atá ceist na tithíochta ar fud na tíre. Cloisim ó dhaoine nuair a thugaim cuairt ar cheantair Ghaeltachta cé chomh deacair is atá sé orthu tithe a fháil le ceannach nó a ghlacadh ar cíos. Ag glacadh leis go dteastaíonn daoine uainn chun pobail na Gaeltachta mar aon leis an teanga a choinneáil beo, forálann an Bille seo freisin do bheart tithíochta a thacóidh le tithíocht a sholáthar i gceantair Ghaeltachta.

Leis an mBille seo, féadfaidh an tAire, ag feachaint don chóras caighdeán ar a dtugtar an creat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teangacha, CEFR, an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag duine le suí ar an mbord a fhorordú. Is uirlis chaighdeánaithe é comhchreat tagartha na hEorpa le haghaidh teangacha a d'fhorbair Comhairle na hEorpa chun inniúlacht teanga a mheas. Tá obair dhúshlánach ar siúl agus bord an údaráis i mbun cinntí agus plé agus tá sé tábhachtach go bhfuil na riachtanais agus scileanna cuí ag gach comhalta bord.

Chun críche na dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta, beidh sé riachtanach roinnt mionleasuithe teicniúla a dhéanamh ar an Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 mar a bhaineann le féimheacht; ar an Acht Toghcháin, 1992; ar an Acht Toghcháin, 1997; ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018; agus ar an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an údarás ar son na Gaeltachta ar bhonn leanúnach. De bharr na hoibre seo, tá deiseanna fostaíochta agus fiontraíochta cothaithe agus cruthaithe i gceantair nach bhfaigheadh na deiseanna sin murach gur ann don eagraíocht. Bliain i ndiaidh bliana, tugann an Rialtas tacaíocht shuntasach d'Údarás na Gaeltachta. Is ábhar sásaimh é go raibh 9,716 post i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2025 agus gur chruthaíodh 681 post nua sa Ghaeltacht in 2025. Sílim go léiríonn sé seo cheana féin chomh tiomanta is atáimid tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus go léiríonn an píosa reachtaíochta seo go bhfuil muid tiomanta do bhord láidir agus ionadaíoch ó thaobh na gceantar Gaeltachta de a bheith ag Údarás na Gaeltachta.

Ceann de na príomhchuspóirí a bhí ag Acht na Gaeltachta, 2012 ná bunús reachtúil a thabhairt don phróiseas pleanála teanga, ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an nGaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Foráiltear in alt 9 den Acht sin go bhféadfaidh an tAire, le hordú, baile sonraithe a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, ach an baile sin a bheith suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó tadhlach leis. Is léir, tar éis phróiseas comhairliúcháin phoiblí, go bhfuil deacracht le foclaíocht an ailt seo, sa mhéid is nach bhfuil gach baile a ainmníodh tadhlach don Ghaeltacht ná laistigh den Ghaeltacht. Chun an deacracht seo a shárú, tá sé beartaithe alt 9 a leasú ionas go bhféadfaí bailte laistigh de 30 km ó limistéar pleanála teanga Gaeltachta a chuimsiú.

Ní shonraíonn Acht na Gaeltachta, 2012 faoi láthair cén tréimhse ama a bhfuil pleananna teanga i bhfeidhm. Tá sé seo sonraithe sna treoirlínte pleanála teanga atá eisithe ag mo Roinn. Deir na treoirlínte seo faoi láthair go bhfanann pleananna i bhfeidhm ar feadh thréimhse seacht mbliana. Ceadaíonn an tAcht athbhreithnithe tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm gach plean teanga. D'fhonn a dhóthain ama a thabhairt chun athbhreithnithe ar na pleananna teanga go léir a chur i gcrích agus pleananna a ullmhú don chéad timthriall pleanála eile, is mian liom an tAcht a leasú chun a shonrú go bhfanfaidh na pleananna teanga tosaigh go léir atá ceadaithe i bhfeidhm ar feadh seacht mbliana ar a laghad agus naoi mbliana ar a mhéid. Ina theannta sin, is mian liom a shonrú san Acht go mbeidh pleananna teanga ina dhiaidh sin ag feidhmiú ar feadh tréimhse seacht mbliana agus go bhféadfar síneadh a chuir leo má mheastar gur gá sin.

Tá roinnt leasuithe teicniúla agus tábhachtacha eile. Táim ag súil go mór leis an díospóireacht ar an bpíosa reachtaíochta seo.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht teacht isteach inniu. Tá áthas orm an deis a bheith agam inniu labhairt ar an Dara Céim den Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille seo. Is reachtaíocht thábhachtach é a dhéanfaidh athnuachan ar struchtúir dhaonlathacha Údarás na Gaeltachta agus a neartóidh an nasc idir pobail Ghaeltachta agus an eagraíocht atá freagrach as a bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha. Le breis agus 40 bliain anuas, tá ról fíorthábhachtach ag Údarás na Gaeltachta i saol na Gaeltachta. Cuireann an eagras fostaíocht ar fáil, tacaíonn sé le fiontraíocht, cabhraíonn sé le forbairt pobail agus, thar aon ní eile, cabhraíonn sé leis na coinníollacha a chruthú a chuireann ar chumas daoine maireachtáil agus obair a dhéanamh ina bpobail féin trí mheán na Gaeilge. Ach, tá sé fíor freisin go bhfuil an Ghaeltacht athraithe go mór ó bunaíodh an t-údarás in 1980. Tá dúshláin nua os ár gcomhair anois: brú daonra i gceantair áirithe, easpa tithíochta, costais mhaireachtála níos airde, imirce daoine óga, agus an brú leanúnach atá ar úsáid laethúil na Gaeilge mar theanga phobail. Dá bhrí sin, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil na struchtúir rialachais atá againn oiriúnach don lá inniu agus don todhchaí.

Ceann de na gnéithe is suntasaí den Bhille seo ná an cinneadh toghcháin dhíreacha chuig bord Údarás na Gaeltachta a athbhunú. Ba ghealltanas soiléir é seo sa chlár Rialtais agus creidim gur céim dhearfach é. Tá luach ar leith ag baint le daonlathas áitiúil agus le deis a thabhairt do phobail na Gaeltachta a gcuid ionadaithe féin a roghnú agus a gcuid tuairimí a chur in iúl go díreach trí phróiseas toghcháin. Leis an mBille seo, beidh deichniúr comhaltaí tofa ar bhord an údaráis agus seisear eile ceaptha ag an Aire. Cothromaíocht réasúnta í seo idir ionadaíocht dhaonlathach agus an gá atá ann scileanna agus saineolas ar leith a bheith ar fáil ar an mbord. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh ionadaíocht ag gach limistéar Gaeltachta ar an mbord nua. Is comhartha dearfach é sin do phobail bheaga Ghaeltachta a bhí buartha san am atá thart nach raibh a nguth le cloisteáil go láidir sa chóras. Fáiltím freisin roimh an bhforáil a bhaineann le bunú na gcoistí réigiúnacha. Tá sé tábhachtach go mbeidh na coistí sin ceangailte leis na grúpaí pleanála teanga atá ag obair ar an talamh cheana féin. Is iad na grúpaí sin a thuigeann na deiseanna agus na constaicí atá roimh phobail na Gaeltachta ó lá go lá.

Mar urlabhraí ar oideachas agus ar an nGaeilge, ba mhaith liom a rá go bhfuil nasc láidir idir an Bille seo agus todhchaí na Gaeilge freisin. Ní leor labhairt faoin teanga mar ábhar cultúrtha amháin. Má táimid dáiríre faoi thodhchaí na Gaeilge, ní mór dúinn pobail inmharthana a chruthú agus a chothú. Ní féidir teanga phobail a chosaint mura bhfuil daoine in ann cónaí sa phobal sin. Ar an gcúis sin, tá fáilte ar leith le cur roimh an bhforáil a thugann cumhachtaí soiléire don údarás talamh atá faoina úinéireacht a úsáid chun tithe a thógáil. Tá géarchéim tithíochta ag dul i bhfeidhm ar phobail Ghaeltachta. Tá daoine óga atá ag iarraidh fanacht ina gceantair dhúchais ag streachailt le teach a cheannach nó a fháil ar cíos. Má chaillimid an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge mar gheall ar easpa tithíochta, beidh tionchar tromchúiseach aige sin ar inmharthanacht na Gaeltachta amach anseo.

Tá roinnt leasuithe sa Bhille seo freisin a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga. Fáiltím roimh an gcinneadh a sholáthraíonn tréimhse níos soiléire do phleananna teanga agus a thugann solúbthacht níos fearr don chóras. Tá obair mhór déanta ag na heagraíochtaí pobail agus na grúpaí pleanála teanga le deich mbliana anuas. Tá saineolas luachmhar forbartha acu agus tá sé ciallmhar go mbeadh an cumas ann leanúnachas a choinneáil nuair atá dul chun cinn déanta.

Tá fáilte freisin roimh an bhforáil a leathnaíonn an sainmhíniú maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta agus a chuireann san áireamh bailte laistigh de 30 km ó limistéar pleanála teanga Ghaeltachta. I go leor cásanna, bíonn daoine sa Ghaeltacht ag brath ar bhailte seirbhíse d'obair, don oideachas, do chúram sláinte agus do sheirbhísí eile. Tá sé tábhachtach go n-aithníonn an reachtaíocht an réaltacht sin.

Cuirim fáilte freisin roimh na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé suntasach go mbeidh ainmneacha comhlachtaí poiblí nuabhunaithe i nGaeilge amháin. Ní beart siombalach amháin é seo. Tá tábhacht ag baint leis an bhfeiceálacht atá ag an nGaeilge sa saol poiblí. Nuair a fheiceann saoránaigh an Ghaeilge á húsáid go nádúrtha agus go hiontaofa ag an Stát féin, cuireann sé sin le stádas na teanga agus le muinín inti.

Fáiltím freisin roimh na leasuithe a bhaineann leis an sprioc de 20% d'earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge. Má táimid chun seirbhísí Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil, ní mór dúinn an fhoireann a bheith againn chun na seirbhísí sin a sholáthar.

Ar ndóigh, ní réiteoidh an Bille seo gach dúshlán atá roimh an nGaeltacht. Tá obair mhór fós le déanamh i réimsí na tithíochta, an oideachais, na seirbhíse poiblí, an iompair agus na forbartha eacnamaíochta. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an Rialtas ag déanamh infheistíochta i mbonneagar agus i ndeiseanna fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta, ach creidim go láidir gur céim chun cinn é an Bille seo. Tugann sé guth níos láidre do phobal na Gaeltachta. Neartaíonn sé an nasc idir an t-údarás agus na pobail a bhfreastalaíonn sé orthu. Cuireann sé struchtúr níos daonlathaí ar fáil. Go pearsanta, gabhaim buíochas leis an Aire. Aon uair a tháinig mé chuige le smaointe maidir leis an nGaeilge, léirigh sé fíorshuim sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge. Tá muinín agam go mbeimid in ann dul i ngleic leis na constaicí atá roimh an nGaeltacht sa todhchaí agus sna blianta atá romhainn.

Comment on this

Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh an Aire as a bheith anseo inniu. Nuair a bhuail mé bleid ar an Aire i dTrá Mhór le déanaí, bhí fíor-dhea-ghiúmar air agus é ag spaisteoireacht timpeall gairdíní Lafcadio Hearn agus ag anáil na síochána a bhíonn thart timpeall na háite galánta sin. Leagfaidh mé béim air seo: beidh fáilte ar leith roimhe aon am gur mian leis teacht chuig an mbaile mór sin, Trá Mhór. In ainneoin an cháis nach bhfuil an baile mór sin faoi chúram an údaráis, tabharfaidh sé sásamh don Aire a chloisteáil go bhfuil borradh láidir i measc an daonra ansin agus neart oibre maith á déanamh i nGaelscoil Philib Barún idir daltaí, oidí agus tuismitheoirí.

Ag díriú anois ar an mBille atá idir lámha againn inniu, agus táim ag labhairt ar son chomhaltaí uile ár ngrúpa istigh anseo, ar an gcéad dul síos, déanfaidh mé tagairt do dhéanamh suas an bhoird nua atá molta. Táim cinnte go mbeidh nasc níos láidre ann idir pobail agus obair an bhoird. Leis an mBille, déantar foráil go mbunóidh an t-údarás trí choiste réigiúnach a bheidh comhchosúil leis na coistí a bhíodh ann roimh 2012 ach beidh sainchúraimí beagán éagsúla acu. Beidh comhaltaí a ainmneoidh údaráis áitiúla ar na coistí réigiúnacha mar aon le comhaltaí uile an údaráis. Ní foláir do na coistí réigiúnacha a bheith ábalta a léiriú go bhfuil an leibhéal inniúlachta i nGaeilge acu gur gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh. Beidh comhaltaí boird agus ionadaithe áitiúla ar na coistí sin ó réigiún an tuaiscirt, réigiún an iarthair agus an oirthir, agus réigiún an deiscirt. I gcás nach mbeidh aon duine tofa chun údarás áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Ghaeltachta, d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil duine a ainmniú nach comhalta den údarás áitiúil sin é nó í ach ar duine é nó í a mheasann an t-údarás áitiúil a bheith oiriúnach chun ionadaíocht a dhéanamh dó ar an gcoiste réigiúnach. Beidh an duine a ainmneofar ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir i gceantar Gaeltachta atá laistigh de dhlínse an údaráis áitiúla lena mbaineann. Glacann ár ngrúpa leis na riachtanais seo ina n-iomláine.

Anois, labhróidh mé faoi chás na tithíochta. I nGaeltacht na Rinne sna nDéise, tá acraí talaimh i seilbh an údaráis. B'fhéidir go bhfaca an tAire iad sin ar a chuairt. Tá acraí talaimh i seilbh an údaráis atá oiriúnach don tithíocht ach ní mór na mionsonraí dlí a chomhlíonadh. B'fhéidir go bhfuil rudaí mar an gcéanna i ngach ceann de na Gaeltachtaí. Is léir go bhfuil an Bille seo ag díriú isteach ar na cásanna seo. Aontaím leis an obair seo. Is é ceann de na saincheisteanna is práinní i bpobail Ghaeltachta agus ar bhonn náisiúnta an gá le tithíocht a sholáthar. Le linn mo thréimhse mar chomhalta an bhoird, d'aithin an t-údarás roinnt suímh oiriúnacha ina phunann mhaoine féin a d'fhéadfaí a fhorbairt chun na críocha sin. Meastar go bhfuil sé caoi cumhachtaí sainráite a thabhairt don údarás chun talamh atá faoin úinéireacht aige a dhiúscairt nó a dhíol chuig údaráis tithíochta nó comhlachtaí tithíochta ceadaithe chun críche na tithíochta. De réir sin, déantar foráil leis an mBille chun cumhacht a thabhairt don údarás tailte atá ina sheilbh a dhiúscairt chuig comhlachtaí tithíochta ceadaithe. Tá sé sin inmholta go deo.

Maidir le pleanáil teanga, mar gheall ar an leibhéal saineolais atá léirithe ag na heagraíochtaí a bhfuil sé de chúram orthu pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm ó cuireadh tús le hAcht 2012, tá sé beartaithe sa Bhille go mbeidh cumhacht ann na heagraíochtaí sin a athcheapadh seachas athfhilleadh ar an bpróiseas tosaigh le haghaidh eagraíochtaí a cheapadh sula dtéann sé isteach i dtimthriall nua den phróiseas pleanála teanga.

I ndeireadh na Dála, chun críoch a chur le mo phort, is mian lenár ngrúpa comhartha a thabhairt go bhfuil ár dtacaíocht leis an mBille seo agus lenár nGaeltachtaí go brách. Is aoibhinn liomsa a ligean amach anois go bhfuil mé ar tí éalú amach ón doras chun eitilt a fháil ó Bhaile Átha Cliath chuig Gaeltacht Chiarraí courtesy of Michael O'Leary.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh an Aire agus gabhaim buíochas leis as teacht isteach. Gan amhras, fáiltím roimh an mBille atá os ár gcomhair inniu. Is tábhachtach an rud é guth níos láidre a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus do mhuintir na nGaeltachtaí ar fud na tíre, go háirithe mar is iad na daoine atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus na daoine atá ag déileáil leis na scoileanna sa Ghaeltacht, ag tacú leo, ag cruthú post agus ag forbairt gnóthaí sa Ghaeltacht. Is iad seo na daoine is tábhachtaí. Tá siad ag obair i measc phobal na Gaeltachta atá ag úsáid seirbhísí. Ó thaobh daonlathais de, níl aon amhras agam ach gur céim chun tosaigh í seo do mhuintir na Gaeltachta. Beidh guth níos láidre acu ar an mbord. Is é príomhfheidhm Údarás na Gaeltachta ná an Ghaelainn a chaomhnú agus na Gaeltachtaí ar fud na tíre a fhorbairt. Caithfimid gach rud gur féidir a dhéanamh chun cabhrú le bord Údarás na Gaeltachta agus le muintir na Gaeltachta ar fud na tíre. Tá sé luaite ag na Seanadóirí Curley agus Conway roimh ré, agus gan amhras, cuirim fáilte roimh an méid a bhí á rá ag an Aire féin ag tús na díospóireachta, faoi thithíocht sa Ghaeltacht. Is é sin an rud is deacra a bhfuilimid ag déileáil leis i láthair na huaire.

Tá sé sin fíor taobh amuigh de na Gaeltachtaí chomh maith, mar is eol dúinn. Tá sé níos tábhachtaí fós, mar a dúirt an Seanadóir Curley, déileáil le daonra agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh sna Gaeltachtaí, go háirithe don chéad ghlúin eile atá le teacht, chun a bheith ag obair.

Chomh fada is a thuigim, tá deacrachtaí ag an údarás faoi láthair maidir le talamh a cheannach seachas talamh a dhíol. B’fhéidir go ndéarfadh an tAire cúpla rud mar gheall air sin agus an chaoi ar féidir linn déileáil leis an gceist sin chun an fhadhb sin a réiteach, más fadhb é.

Bhí mé i nGaillimh Thiar don fhothoghchán agus bhí mé ag canbhasáil i gConamara go háirithe. Labhair mé le daoine agus le teaghlaigh a bhí buartha mar gheall ar an todhchaí atá i ndán dá gcuid clann. Tá siad ag iarraidh todhchaí níos fearr a bheith acu, go háirithe ó thaobh tithíochta de. Caithfimid a bheith ag obair leis an údarás agus cumhacht a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le déileáil níos láidre le fadhb na tithíochta. Is é sin an príomhrud chun tithíocht a sholáthar. Ní mór dúinn oibriú le heagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre, cosúil le BÁNÚ i gConamara, Tinteán, a bhíonn ag obair sna Gaeltachtaí ar fad, agus leithéidí Chonradh na Gaeilge.

Bhíos sa seomra AV níos luaithe ag éisteacht le tuairisc atá á cur amach ag Jim Power Economics. De réir taighde atá déanta ag UNESCO, tá an teanga i mbaol don chéad bhliain atá díreach os ár gcomhair, nó “endangered” mar a deir lucht an Bhéarla. Caithfimid déileáil leis sin taobh amuigh agus taobh istigh de na Gaeltachtaí, go háirithe i gcomhthéacs an Ghaeloideachais taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Ní mór tuilleadh Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil chun seans a thabhairt do dhaoine oideachas a bheith acu trí mheán na Gaeilge. Is ar na Gaeltachtaí atá ár n-aird leis an mBille seo, áfach, ach tá an pointe sin chomh tábhachtach céanna sna Gaeltachtaí. Caithfimid an deis sin a thabhairt do pháistí na Gaeltachta todhchaí a bheith acu agus tithe a thógáil. Caithfimid a bheith ag obair leis an údarás chun dul chun cinn a dhéanamh leis sin chun tuilleadh tithíochta a sholáthar sna Gaeltachtaí ar fud na tíre. Tá sé sin riachtanach do thodhchaí na teanga taobh istigh agus taobh amuigh de na Gaeltachtaí.

Is mian liom, thar ceann Fhine Gael, fáilte a chur roimh an mBille agus an dul chun cinn atá déanta. Déanaim comhghairdeas leis an Aire as ucht na hoibre atá déanta aige ina thréimhse mar Aire. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis sa chuid eile den téarma atá le teacht chun rudaí den saghas seo a dhéanamh le tithíocht a sholáthar, go háirithe sna Gaeltachtaí, seans a thabhairt don teanga forbairt, agus tacú le hathbheochan na teanga ar fud na tíre. Gabhaim míle buíochas leis an Aire.

Comment on this

Tacaím leis an bhunfháth a bhfuil an Bille seo á chur os comhair an tSeanaid chun go mbeidh toghchán ann arís do bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí Sinn Féin i gcoinne an chinnidh fáil réidh leis sa chéad dul síos. Táimid fós ag lorg go mbeadh bord iomlán an údaráis tofa agus go mbeadh cumhachtaí cuí ag Údarás na Gaeltachta chun an teanga náisiúnta agus na ceantair ina bhfuil sí fós beo a chosaint. Is léir go gceapann an tAire go bhfuil sé sin i gceist anseo, ach ní mar sin atá.

Is léir go bhfuil gá anois le gníomh chun cuidiú le muintir na háite fanacht ina gceantair féin. Caithfear cinntiú go bhfuil tithe ar díol nó ar cíos le nach leanfaidh leis an bhánú atá ag tarlú sa Ghaeltacht. Tá dainséar nach mbeidh go leor páistí ina lán ceantar chun na scoileanna, siopaí, na cumainn lúthchleas Gael agus araile a chóiméad oscailte.

Ó bunaíodh an Stát, bhí síor-imirce, easpa post agus bochtaineacht ag bánú na gceantar Gaeltachta. Anois, ligeadh don domhan mór tithe samhraidh a cheannach gan srian, rud atá ag bánú na nGaeltachtaí níos mó arís. Ní féidir le lánúin tithe a cheannach, a fháil ar cíos nó a thógáil. Níl tithe ar fáil ach amháin ar Airbnb, nó ní mór do mhuintir na Gaeltachta a bheith iontach saibhir chun teach a cheannach.

Tá an ghéarchéim seo ag cur na gcoláistí samhraidh i mbaol. Tá ról na mban tí lárnach sa Ghaeltacht ach, gan tithe, ní bheidh mná tí nua ann amach anseo. Tá an earnáil á cur i mbaol mar gheall ar pholasaí tithe an Rialtais.

In ainneoin an róil lárnaigh atá ag Údarás na Gaeltachta i bpleanáil teanga, ní léir dom go bhfuil an Bille seo ag dul fada go leor maidir leis sin. Chuir Sinn Féin leasuithe chun cinn ar an Bhille seo sa Dáil, ach dhiúltaigh an tAire leo. Bhíomar ag iarraidh a chinntiú go mbeadh ionadaíocht chinnte ag gach ceann de na ceantair Ghaeltachta. Ba cheart go mbeadh toghcheantair ag Ráth Chairn agus An Rinn. Ba cheart go mbeadh ionadaíocht chothrom idir fhir agus mhná ag leibhéal bhord Údarás na Gaeltachta amach anseo. Bhí tacaíocht an choiste Gaeilge leis na moltaí sin, ach rinne an tAire neamhaird orthu.

Is é an fáth go bhfuilimid ag an phointe seo ná gur scrios bord snip - Fine Gael agus Labour - an daonlathas sa chéad dul síos in 2012. Agus na toghcháin ag teacht ar ais arís, is gá díriú arís go dian ar theaghlaigh agus lánúin óga a choimeád sna ceantair seo. Caithfimid a chinntiú go mbeidh poist agus tithíocht nua-aimseartha ar fáil dóibh, chomh maith leis na seirbhísí a ghabhann leo, lena n-airítear scoileanna, siopaí, eaglaisí, tithe tábhairne, clubanna agus araile.

Tá talamh ag an údarás is féidir a úsáid anois chun déileáil leis an ghéarchéim, ach ní luíonn an jab seo leis an údarás amháin. Tá dualgais ar an Stát agus ar na comhairlí contae chomh maith. Is gá don údarás iad a spreagadh chun gnímh. Tá ról ag Uisce Éireann, ESB Networks agus eagraíochtaí eile nach iad chun tús áite a thabhairt don Ghaeltacht le tógáil tithe sa Ghaeltacht a éascú agus a thapú.

Más gá le ciste ar leith chun sin a dhéanamh, is gá le ciste ar leith. Tá súil agam nach mbeidh aon mhoill ar an dul chun cinn seo agus muid ag fanacht ar an toghchán don bhord úr, ach a mhalairt. Tá sé thar am go mbeidh tús agus luas curtha le gníomh.

Comment on this

Fáiltím roimh an obair atá déanta ag an Aire ó ceapadh ina Aire é. Labhróidh mé faoi bhealach amháin a gcuirfeadh feabhas ar chearta daoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach do phobal agus todhchaí na Gaeltachta go mbeidh ról níos lárnaí ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. Sa Bhille, beidh cead ag an údarás talamh a dhíol. Ba chóir go mbeadh cead ag an údarás talamh a cheannach chomh maith ar mhaithe le tithe a chur ar fáil. Tá 400 acra talún ag an údarás a bheadh foisteanach anois, dar leis féin. Tá saineolas agus scileanna in Údarás na Gaeltachta chun tograí agus scéimeanna mar seo a éascú.

Bheadh rannóg thithíochta san údarás in ann cabhrú le muintir na Gaeltachta agus cur leis na deiseanna chun maireachtáil sa Ghaeltacht ar bhonn lárnach. Ba ag cabhrú le hUisce Éireann, comhairlí contae agus comharchumainn áitiúla a bheadh an t-údarás mar sin. Cuirfidh mé na moltaí seo chun cinn ag an gcéad Chéim eile agus tá súil agam go nglacfaidh an tAire leo.

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Gabhaim buíochas le gach Seanadóir a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Ag seasamh taobh amuigh den Bhille, tá an gairdín sin i dTrá Mhór dochreidte. I will say it in English. The Lafcadio Hearn Gardens to which Senator Conway referred is a must-go. I recommend everyone to visit. It is a fantastic community project.

Tiontóidh mé ar ais chuig an mBille anois.

Is Bille tábhachtach é. Tá na dúshláin atá ag an nGaeltacht leagtha amach ag na Seanadóirí, mar aon leis na deiseanna atá aici ag an bpointe seo. Tá ról an údaráis thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs na ndúshlán agus na ndeiseanna sin.

Táimid dírithe ar fhadhb na tithíochta sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh tuiscint ag daoine go bhfuil an fhreagracht as cúrsaí tithíochta ar an Aire tithíochta go príomha. Táim ag obair go dlúth leis. Táimid ag obair ar ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht, a leagfaidh amach na dúshláin agus na coinníollacha atá ann chun cabhrú le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach. Beidh ról tánaisteach ag an údarás i gcomhthéacs na ceiste sin. Tá sé sin tábhachtach. Is rud do na comhairleoirí áitiúla é an phleanáil. Tá sé tábhachtach go n-oibríonn siad linn. Táim tar éis an t-uafás cruinnithe faoi seo a bheith agam le príomhfheidhmeannaigh údaráis áitiúla a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram. Nuair atá an dréachtráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta againn, beimid in ann é a phlé leis na húdaráis áitiúla. Aontaím le gach Seanadóir gurb í an tithíocht ceann de na dúshláin is tábhachtaí. Baineann ról an údaráis le fiontar, fostaíocht agus pleanáil teanga. Gan fiontar ná fostaíocht, ní bheidh daoine in ann tithe a chruthú sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go ndíreoimid obair an údaráis ar chúrsaí fiontair, fostaíochta, cultúrtha agus pleanála. Mar a dúirt mé, tá beagnach 10,000 daoine fostaithe i gcomhlachtaí sa Ghaeltacht a fhaigheann cabhair ón údarás. Bhí ardú san fhigiúr sin i rith 2025. Tá sé tábhachtach súil ghéar a choimeád ar chúrsaí fiontair agus fostaíochta sa Ghaeltacht. Níl sé rófhada ó bhí daoine dírithe ar fhadhb na fostaíochta sa Ghaeltacht. We cannot take employment and enterprise in the Gaeltacht for granted. Beimid dírithe ar chúrsaí tithíochta. Tuigim go maith an dúshlán atá ann ach tá sé tábhachtach freisin go leanfaimid leis an bpróiseas atá ann.

Luaigh an Seanadóir Curley cé chomh tábhachtach is atá sé infheistíocht bhreise a dhéanamh sa Ghaeltacht agus sa teanga. Luaigh an Seanadóir Kelleher an rud céanna. Ní mór dom a rá go bhfuair mé an méadú is mó riamh don earnáil i mbuiséad 2026. Beidh beagnach €160 milliún infheistithe san earnáil i mbliana dá bharr. Táimid ag tús an phróisis do cháinaisnéis 2027. Beimid dírithe air seo freisin.

Labhair an Seanadóir Conway faoi na coistí réigiúnacha. Tá na coistí sin thar a bheith tábhachtach. Tá sé tábhachtach go bhfuil guth na réigiún ann. Tá sé tábhachtach freisin go bhfuil tuiscint ann. Cuirfidh mé an tuiscint seo ar record an tSeanaid; is bord Stáit é an t-údarás freisin. Mar gheall gur bord Stáit é, tá sé freagrach don Dáil, do mo Roinn agus don Choiste um Chuntais Phoiblí. Tá sé tábhachtach go mbeidh scileanna ar an mbord chun é sin a chomhlíonadh. Beidh daoine tofa ach beidh Aire an lae in ann daoine leis na scileanna sin a chur ar bhord an údaráis. Is bord den Ghaeltacht é ach is bord Stáit é freisin. Mar gheall gur bord Stáit é, tá freagrachtaí air agus tá sé tábhachtach go bhfuil taithí ar an mbord chun na freagrachtaí sin a chomhlíonadh.

Mar a dúirt an Seanadóir Curley agus an Seanadóir Kelleher, tá sé tábhachtach go mbeidh na coistí réigiúnacha láidir. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh siad ceangailte leis an bpróiseas pleanála teanga, mar a luaigh an Seanadóir Curley. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an próiseas sin chomh láidir agus is féidir.

Chuir an Seanadóir Tully béim ar chúrsaí tithíochta.

Labhair an Seanadóir Kelleher faoi chúrsaí toghcháin sa Ghaeltacht. Bhí mé i gConamara. Táim tar éis a lán ama a chaitheamh sa Ghaeltacht in iarthar na Gaillimhe. Bhí na comhráite sin agam freisin. Táimid dírithe orthu sin. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh infheistíocht bhreise. Táimid i mbun ceann de na tograí is mó i stair mo Roinne i nGaeltacht Chonamara, an togra ar shuíomh Choláiste Lurgan, agus an togra is mó i stair na Roinne, an togra ar Ché Inis Oírr. Táimid ag cur infheistíocht chaipitil isteach. Táimid ag cur infheistíocht airgeadais isteach freisin. Tá mo chomhghleacaí Rialtais, an tAire, an Teachta O'Donovan, tar éis €5 milliún breise a thabhairt do TG4 chun go mbeidh sé in ann seirbhís nuachta neamhspleách a chur ar siúl. Is infheistíocht bhreise é sin freisin.

Tá an t-údarás dírithe ar chúrsaí digiteacha ag an bpointe seo. Maidir le hintleacht shaorga, tá dúshláin mhóra roimh an nGaeilge mar gheall ar AI ach tá deiseanna ann freisin. Má oibrímid i gceart ar chúrsaí AI sa Ghaeltacht, beimid in ann an Ghaeltacht a chur os comhair an domhain. Baineann deiseanna leis sin. Tá an t-údarás dírithe air sin freisin.

Creidim go mór go bhfuil todhchaí slán ag an nGaeltacht agus go bhfuil daoine muiníneach as an todhchaí sin. Gan dabht, tá dúshláin ann ach táimid dírithe orthu sin. Sa bhealach céanna, táimid ag díriú ar na deiseanna. Tá an Bille seo ann chun cuidiú leis na dúshláin agus na deiseanna sin.

Comment on this
Nessa Cosgrove Acting Chairperson Labour Party

Cathain go dtógfar an chéad Chéim eile?

Comment on this

Dé Máirt seo chugainn.

Comment on this
Nessa Cosgrove Acting Chairperson Labour Party

An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Comment on this