We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Seanad

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste agus na Céimeanna a bheidh Fágtha

Summary

The main issue was Sinn Féin’s amendment to let Údarás na Gaeltachta acquire property and land for housing and related social or cultural uses in the Gaeltacht. The Minister said the Údarás already has property powers and that housing should remain primarily with local authorities, so he would not accept the amendment; Senators raised the Gaeltacht housing crisis but the Bill progressed without change.

Bill Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024
Enacted

No. 56 of 2024 ›

Shane Curley Acting Chairperson Fianna Fáil

Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Calleary. Gabhaim buíochas leis as teacht isteach inniu.

Comment on this

Tairgim leasú Uimh. 1:

Ar leathanach 13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(7A) Féadfaidh an tÚdarás leas i maoin agus réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, nó áiseanna sóisialta nó cultúir a chur ar fáil ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.”.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Labhair mé faoi seo an tseachtain seo caite. Ba mhaith liom labhairt faoin leasú seo a chuirfeadh feabhas mór ar chearta daoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach don phobal agus do thodhchaí na Gaeltachta go mbeadh ról níos lárnaí ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. Sa Bhille anois, beidh cead ag an údarás talamh a dhíol. Ba chóir go mbeadh cead ag an údarás talamh a cheannach ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil. Tá 400 acra talún ag an údarás a bheadh oiriúnach le haghaidh seo, dar leis féin. Tá a fhios agam go bhfuil saineolas agus scileanna in Údarás na Gaeltachta chun tograí agus scéimeanna mar seo a éascú. Bheadh rannóg thithíochta san údarás in ann cabhrú le muintir na Gaeltachta leis na deiseanna a bheadh acu maireachtáil sa Ghaeltacht ar bhonn lárnach, ag cabhrú le hUisce Éireann, comhairlí contae agus comharchumainn áitiúla a fheileann don togra sin.

Comment on this

Tá géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht atá ag déanamh damáiste don phobal teanga. Níl teaghlaigh sa Ghaeltacht in ann teach a aimsiú le ceannach nó a dteach féin a thógáil. Is é sprioc an Bhille seo ná daonlathas a thabhairt ar ais in Údarás na Gaeltachta agus a chinntiú gur féidir leis an údarás tabhairt faoi na fadhbanna atá ag cur isteach ar mhuintir na Gaeltachta. Is mór an trua é nár éist an Rialtas le Sinn Féin sa Dáil maidir le bord iomlán tofa a bheith ann. Is mór an trua é freisin nár ghlac an Rialtas le leasuithe ó Shinn Féin chun an t-údarás a láidriú. Níl ach aon leasú amháin á mholadh ag Sinn Féin agus na Seanadóirí eile ón bhFreasúra anseo, leasú a mhol Conradh na Gaeilge chun deis a thabhairt don údarás talamh agus maoin a fháil chun tithíocht a sholáthar. Léiríonn an bhéim seo ar chúrsaí tithíochta cé chomh tábhachtach atá sé. Gan tithe, ní bheidh teaghlaigh ag fanacht. Gan teaghlaigh, ní bheidh todhchaí ag an nGaeltacht.

Dúirt an tAire ar Chéim an Choiste sa Dáil go dtiocfadh sé ar ais le leasuithe faoi seo, ach níor tháinig. Dúirt an tAire ar Chéim na Tuarascála sa Dáil go raibh sé oscailte roimh thuairimí ón bhFreasúra. Dhiúltaigh sé dóibh go léir. Tá BÁNÚ, Tinteán, Conradh na Gaeilge agus gníomhaireachtaí ar fud na Gaeltachta ag moladh ról níos láidre don údarás le leasú mar seo. Dúirt an tAire "in terms of developing housing and planning responsibilities for housing, there are other, quicker ways to do it. Níl “other, quicker ways” le feiceáil go dtí seo. Tá an ghéarchéim ag éirí níos measa. Teastaíonn gníomh anois. Cé go bhfuil sé aontaithe faoin mBille seo go mbeadh an t-údarás in ann fáil réidh le maoin chun tacú le soláthar tithíochta, níl aon rud sa Bhille seo ag tabhairt cead don údarás maoin a fháil sa chéad áit chun é a chur ar fáil mar thithíocht. Cén fáth? An bhfuil an tAire sásta glacadh leis an leasú seo chun an cead sin a thabhairt dó?

Comment on this

Mar is eol do nach mór gach Seanadóir, chaith mé tréimhse dhá bhliain ar bhord an údaráis. Chuala mé arís agus arís eile an díospóireacht a bhí ann ansin. Níl mé ag ligean amach aon rún anois, ach bhí síordhíospóireacht faoi thithíocht agus na tailte a bhí i seilbh an údaráis agus an chomhairle a bhí á fáil aige iad sin a ligean amach ar an margadh agus araile. I measc na gcomhaltaí, bhí sé go forleathan ina dtuairimí go raibh dóthain oibre le déanamh ag an údarás féin gan a bheith ag dul isteach sa mhargadh maoine mar shórt ceantálaí ag díol agus ag ceannach maoine, réadmhaoine chomh maith. Tuigim go rímhaith cá háit as a dtagann an leasú seo, ach i ndáiríre, tá a ghnó féin le déanamh ag an údarás. B'fhéidir nach bhfuil an ceart deimhin agam, ach ceapaim nach bhfuil sé toilteanach agus nach bhfuil an chumhacht seo de dhíth uaidh dul isteach i scéimeanna mar seo ag lorg, thall is abhus, tailte le díol nó le cur ar cíos do dhaoine nó cumainn nó gach uile rud mar sin.

Níor mhaith liom tacú leis an leasú seo ar an ábhar sin. Ní hé seo an díriú atá ar an mBille. Tá an Bille seo dírithe i gceart don údarás. Leis an leasú seo, bheifí ag caitheamh ualach mór oibre ar an údarás, rud nach bhfuil tuillte aige. Níl sé de dhíth air. Mar sin, tá mé in aghaidh an leasaithe seo.

Comment on this
Dara Calleary Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as an leasú. Tá cumhacht ag Údarás na Gaeltachta maoin a cheannach agus a dhíol faoi láthair. Tá tithíocht san áireamh leis seo mar is maoin atá i dtithíocht. Faoin reachtaíocht reatha, tá sé de chumhacht ag an údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil. Níl sé i gceist agam an leasú seo a chur san áireamh sa Bhille le go mbeadh an t-údarás ag tógáil tithe sa Ghaeltacht. Ina áit sin, tacóidh an eagraíocht le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht.

Níl sé i gceist agam go mbeidh an t-údarás ag bainistiú thógáil tithe nó scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht ach oiread. Ní gníomhaireacht tithíochta nó údarás áitiúil é an t-údarás, agus tá sé tábhachtach é seo a rá. Bíonn údaráis áitiúla ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta ar fad, agus titeann cúram na tithíochta orthu.

Baineann an Bille seo le toghchán chuig bhord Údarás na Gaeltachta a athbhunú. Tá sé tábhachtach tosaíocht a thabhairt don sprioc sin agus muid ag iarraidh an reachtaíocht a bhrú ar aghaidh.

Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt eacnamaíoch, sóisialta, teangeolaíochta agus cultúir sa Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, tá cumhachtaí cuimsitheacha ag an eagraíocht cheana féin maidir le maoin a cheannach nó a fháil agus an t-údarás ag tabhairt faoi fhorbairt eacnamaíoch, sóisialta, teangeolaíochta agus cultúir sa Ghaeltacht. Beidh ról an-tábhachtach ag an údarás i gcúrsaí tithíochta, ach is ról tánaisteach é. Luíonn an príomhról maidir le pleanáil tithíochta leis na húdaráis áitiúla. Tá muid ag obair ar ráiteas pleanála tithíochta don Ghaeltacht chomh maith.

Ag an bpointe seo, tá deontas ar fáil do thithe folmha sa Ghaeltacht. Níl na figiúirí díreacha agam ach cuirfear iad thar ríomhphost chuig na Seanadóirí. Léiríonn na figiúirí, agus an méid airgid a íocadh amach, go bhfuil a lán daoine ag baint úsáid as na tithe folmha sa Ghaeltacht. Tá ardú mór ar líon na gceadúnas pleanála sa Ghaeltacht le haghaidh tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht. Mar sin, tá rudaí ag tarlú.

Níl sé féaráilte an rud sin a chur ar an údarás. Tá mé ag iarraidh go mbeidh sé dírithe ar ról fiontair, sóisialta agus teangeolaíochta. Cé go mbeidh ról tánaisteach tábhachtach ag an údarás i gcúrsaí tithíochta, níl sé ceart ná féaráilte le rá gurb é an freagra ar an dúshlán mór seo. Is é sin an fáth nach féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Aire. I dtús báire, fáiltím roimh an obair atá déanta aige ó ceapadh ina Aire é. Is mór an trua é seo a chloisteáil, áfach. Tá díomá orm nach dtacóidh an tAire leis an leasú seo. Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna móra maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Tugann an leasú seo níos mó deiseanna don údarás freagraí níos praiticiúla agus níos dírithe a bheith aige do na fadhbanna tithíochta atá os a chomhair. Tá a fhios agam nach n-éireoidh leis an leasú ag an am seo, ach gabhaim buíochas leis an Aire pé scéal é.

Comment on this
Division Lost

Amendment put

Tá 10
·
Níl 28

Do you agree with this result?

PJ Murphy Senator P. J. Murphy Fine Gael

Maidir le halt 6, tá a fhios ag gach duine sa Teach seo go bhfuil fadhb mhór i ngach ceantar Gaeltachta timpeall na tíre le tithíocht. Tá a lán oibre le déanamh ag na húdaráis áitiúla agus comhlachtaí cosúil le BÁNÚ i gConamara agus Tinteán i ngach ceantar Gaeltachta timpeall na tíre. Tá an chumhacht ag Údarás na Gaeltachta le bheith ag oibriú leis na húdaráis áitiúla i leith fhadhb na tithíochta i ngach ceantar Gaeltachta. Is mian liom mo thacaíocht féin, agus tacaíocht mo pháirtí, Fine Gael, don Bhille seo a chur in iúl.

Comment on this

Tá mé buartha faoi roinnt rudaí sa Bhille seo a bhí curtha isteach sa phlé sa Dáil. D'úsáid an Rialtas gilitín chun stop a chur le plé ar leasuithe móra ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta, nach raibh pléite sa choiste. Ní hionann na leasuithe seo le hÚdarás na Gaeltachta. Tá an Rialtas ag athrú rialacha maidir le fógraíocht, ballraíocht an choiste chomhairligh agus maidir leis an sprioc earcaíochta 20%. Má tá fógraí ar líne atá dírithe ar an domhan iomlán, an mbeidh na rialacha faoi úsáid na Gaeilge fós i bhfeidhm orthu? Cén fáth a bhfuil an tAire ag iarraidh níos mó guthanna ó státseirbhísigh ar an gcoiste comhairleach nuair nach raibh ach guth fíorbheag ar son an phobail chéanna féin? An bhfuil an tAire ag admháil nach raibh an Rialtas dáiríre faoi 20% d'earcaithe a bheith líofa sa Ghaeilge ó 2030 agus é ag athrú foclaíochta anois? An aithníonn an tAire go bhfuil fadhbanna sa chóras pleanála teanga freisin má tá síneadh á chur le pleananna reatha? Cén fáth a raibh gilitín in úsáid sa Dáil ar an bplé seo? Tá a lán ceisteanna le freagairt ag an Aire.

Comment on this
Shane Curley Acting Chairperson Fianna Fáil

An bhfuil an tAire ag iarraidh teacht isteach air seo?

Comment on this

Tiocfaidh mé isteach ar deireadh agus beidh freagra agam ansin.

Comment on this
Shane Curley Acting Chairperson Fianna Fáil

Sula dtéim ar aghaidh leis an gceist, cuirim fáilte roimh Ollscoil Tulane. I welcome the guests of Deputy Ryan O'Meara from Tulane University, atá sa Ghailearaí inniu. Tá fáilte mhór rompu. Gabhaim buíochas leo as ucht teacht isteach.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Seanad as díospóireacht a dhéanamh ar an mBille tábhachtach seo inniu, go háirithe na Seanadóirí a bhí ann le haghaidh an Dara Céim freisin. In ainneoin nach mbeimid in ann aon cheann de na leasuithe a thógáil, tuigim go mór an brú atá ar na Gaeltachtaí faoi chúrsaí tithíochta agus táimid dírithe ar an dúshlán sin. Táimid ag obair leis an Aire tithíochta, an Teachta Browne, le haghaidh ráiteas pleanála Gaeltachta. Táimid chun é sin a fhoilsiú an-luath. Freisin, táimid ag obair leis an údarás. Cuirimid airgead go dtí an t-údarás chun poist nua a bhunú san údarás, oifigigh atá i gceannas ar eolas faoi thithe folmha sa Ghaeltacht. Colm Mac Eachmharcaigh atá i gceannas ar sin. Is as Maigh Eo dó, agus tá sé sin tábhachtach, ach léiríonn sé sin go bhfuil sé ag obair ar na saghsanna figiúirí agus go mbeidh eolas againn faoi na figiúirí. Tá sin as an údarás. Táimid ag cabhrú leis an údarás.

Táimid an-dáiríre faoin sprioc 20%. Beidh sé dúshlánach. Níl aon dabht go mbeidh dúshlán ann, ach tá sé tábhachtach freisin do na daoine a bhfuil Gaeilge acu sa Státseirbhís ag an bpointe seo agus go mbeidh siad páirteach ann. Beidh siad páirteach san iarracht sin. Ar maidin, bhíomar ag obair leis an Aire, an Teachta Lawless, tar éis bhunú coiste nua Rialtais le haghaidh obair a dhéanamh sa tríú leibhéal agus go mbeidh cúrsaí tríú leibhéal as Gaeilge le haghaidh na sprice sin a bhaint amach. Baineann sé le cúrsaí leighis, cúrsaí teicniúla agus cúrsaí litríochta. Tá an tAire, an Teachta Lawless, tar éis cúrsa nua le haghaidh mhúinteoireacht bunscoile a chur ar fáil ionas go mbeimid in ann daoine le Gaeilge a thabhairt isteach go dtí na poist sin.

Mar sin, tá sé an-tábhachtach dúinn. Cé go bhfuil sé tábhachtach, tá dúshláin ann. Táimid dírithe ar na dúshláin sin, agus bím ag obair le mo chomhghleacaithe Rialtais ina leith. Seasann na ceannasaithe Rialtais – An Taoiseach, An Tánaiste agus an tAire Stáit, an Teachta Canney - leis an sprioc sin. Beimid, i ngach cuid den Rialtas, ag obair chun an sprioc 20% a bhaint amach chomh luath agus is féidir.

Comment on this
Shane Curley Acting Chairperson Fianna Fáil

Cathain a bheartaítear an chéad Chéim eile a thógáil?

Comment on this
PJ Murphy Senator P. J. Murphy Fine Gael

Anois.

Comment on this
Shane Curley Acting Chairperson Fianna Fáil

An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Comment on this
Shane Curley Acting Chairperson Fianna Fáil

Cathain a bheartaítear an chéad Chéim eile a thógáil?

Comment on this
PJ Murphy Senator P. J. Murphy Fine Gael

Anois.

Comment on this
Shane Curley Acting Chairperson Fianna Fáil

An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Comment on this