We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Pádraic Ó Maille

Follow

Former member, 1919–1946

Service

Seanad

Lough Corrib Navigation Bill, 1945—Committee.

Aontaím leis an Seanadóir O Deaghdha. Is é mo thuairim go bhfuil an ceart ar fad aige. Níl sé ag iarraidh aon chostas a chur ar Chontac Mhuigheo nach ceart a chur. Tá a fhios againn go ritheann na huiscí as Loch Carra agus Loch Mease isteach i Loch Coirib agus, as sin, trí…

1 contribution in this debate

Seanad

Lough Corrib Navigation Bill, 1945—Second Stage.

Aontaímid uilig go bhfuil gá le Bille dá leithéid seo. Nuair a ceapadh na hIontaobhaithe i dtús báire bhí cuid mhór bád gaile ar an loch agus cuid mhór bád ag iompar earraí air. Bhí tairbhe mhór i Loch Coirib ar an mbealach sin do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe agus do…

1 contribution in this debate

Seanad

Appropriation Bill, 1945 (Certified Money Bill) — Second Stage.

Ba mhaith liomsa comhgháirdeachas a dhéanamh leis an Aire mar gheall ar a cheapadh mar Aire Airgeadais. Ar nós cuid mhaith againn, is ón tuaith tháinig sé, agus dá réir sin ba chóir go mbeadh tuigsint aige ar na nithe agus na rudaí a bheas ag teastáil ó na daoine atá ina gcomhnaí…

1 contribution in this debate

Seanad

Emergency Powers (Continuance and Amendment) Bill, 1945.—Second and Subsequent Stages.

Tá sé beagnach a naoi a chlog. Bhfuilimíd chun an ghnú do chriochniú anois?

2 contributions in this debate

Seanad

Social Security Code—Motion.

Is fíor, mar adubhradh annseo, nach foláir do náisiún dul ar aghaidh ar eagla go rachadh sé ar gcúl. Chuir duine de na Seanadóiri a labhair tamall ó shoin rudaí áirithe i leith an tSeanadóra Ó Buachalla agus an tSeanadóra Ó Deaghdha agus dubhairt go raibh siadsan sásta leis an…

1 contribution in this debate

Seanad

Mental Treatment Bill, 1944—Committee (Resumed).

Cuirim an leasú so os comhair an tSeanad ar son an Seanadóir O Coirc. I move amendment No. 19 standing in the name of Senator Quirke:— Before Section 205, page 78, to insert a new section as follows:— 205.—A mental hospital authority, acting on the advice of the resident medical…

2 contributions in this debate

Seanad

Irish Legal Terms Bill, 1945—Second Stage.

Ba mhaith liom cuidiú leis an mBille seo. Sílim gur Bille riachtanach é. Bhí briseadh ar an reacht Gaelach ag Cath Chinn tSáile agus ní raibh an Ghaeilge in usáid sna cúirteanna anseo ó shoin. Tá súil agam go dtiúbhra an Bille seo cuidiú mór leis an nGaeilge a chur dhá plé sna…

2 contributions in this debate

Seanad

Presidential and Local Elections Bill, 1945—Second and Subsequent Stages.

Má tá togha le bheith ann le haghaidh na gcomhairlí aitiúla, is ceart, do réir mo thuairime, an dá thogha a bheith ann an lá céanna. Dúairt an Seanadóir Mac Aodha gur Bille riarachain an Bil e seo agus aontaím leis ach nílim ar aon intinn leis nuair adeir sé nach gcuireann…

1 contribution in this debate

Seanad

Death of President Roosevelt—Expression of Sympathy.

Tá cás anmhór agam le muintir na Stát Aontaithe faoi n-a mbris, bás a nUachtaráin. Ach is mór é ár n-aimhreas na laetheanta seo maidir leis an gcaint agús na briathra móra seo faoi shíocháin agus deathoil. Táimid go léir san aois sin gur cuimhneach linn go raibh smaointe uaisle…

1 contribution in this debate

Seanad

Central Fund Bill, 1945 (Certified Money Bill)—Second and subsequent Stages.

Ba mhaith liom comhgháirdeachas do dhéanamh leis an Aire as ucht go ndearna sé, mar is gnáthach leis, tús a chuid cainte i nGaeilge. Do réir mar thuigimse é, do bhain sé a lán den tsearbhas as an mbille mór do chuir sé os ár gcóir, é bheith i ndon cur síos i dteangain ár dtíre ar…

2 contributions in this debate

Seanad

Military Service Pensions (Amendment) Bill, 1945—Second Stage.

Tá meas mór againn go léir ar na daoine a bhí sna hOglaigh agus ba mhaith linn cothrom na féinne a thabhairt dóibh go léir. Tá fhios againn gur éirigh le daoine áirithe pinsin d'fháil nár thuill siad agus nach bhfuair cuid eile pinsin gidh gur thuilleadar iad. Is féidir, ámh, le…

1 contribution in this debate

Seanad

Agricultural Industry: Wages; and Guaranteed Economic Prices for Produce—Motion.

Sílim go n-admhaíonn gach duine againn anseo gurb iad feilméaraí na tíre seo agus an mhuintir atá ag obair ar an talamh an dá dhream is tábhachtaí in Éirinn, mar is iad a shaothraíos furmhór de shaibhreas na tíre. Is maith liom go mbeadh comhoibriú eatorru agus go dtiocfaidís le…

2 contributions in this debate

Seanad

Land Bill, 1944 (Seanad)—Second Stage (Resumed).

Gach duine dá dtáinig romhainn in Eirinn leis na céata blian, ba feilméaraí iad nó mhaireadar ar shaothar na talún. Níorbh iongna, mar sin, go mbéadh luighe agamsa leis an muintir a bhí ag maireachtáil ar an talamh. Tá a fhios againn uilig an seanchas a bhí ag baint le seilbh na…

1 contribution in this debate

Seanad

Transport (No. 2) Bill, 1944—Committee (Resumed).

Claíonn an Seanadóir O Catháin le saol atá imithe ar fad, agus ní saol ar fónamh a bhí ann ach saol aineolach. Ní thuigeann sé an chaoi ina bhfuil an teanga Ghaeilge ag snaimeadh na ndaoine le chéile, ó thuaidh agus ó dheas. Ní hé amháin go bhfuil an Rialtas ar thaoibh na Gaeilge…

1 contribution in this debate

Seanad

Public Business. - Transport (No. 2) Bill, 1944—Second Stage.

Perhaps we could be told now if it is the intention of the House to sit later than 9 o'clock.

2 contributions in this debate

Seanad

Election of Cathaoirleach.

Tá bród agus ríméad ormsa cuidiú leis an tairgsin atá déanta ag an Seanadóir Bean Uí Choncheannainn, sé sin, go dtoghfar an Seanadóir Seán O Guilidhe mar Chathaoirleach ar an Seanad. Is fear é an Seanadóir O Guilidhe a bhfuil togha na Gaeilge aige; tá an teanga aige ó dhúchas, ó…

1 contribution in this debate

Seanad

Appropriation Bill, 1944 (Certified Money Bill) —Second and Subsequent Stages.

Tá uimhir bheag daoine sa tír seo agus níl mórán le labhairt ar a son. Is iad na daoine atá i gceist agam múinteoirí scoile atá ag imeacht ar íocaíocht na sean-aoise le blianta anuas. Bhí aithne agus eolas agam ar go leor de na daoine seo le dhá fhichead bliain anuas agus is…

1 contribution in this debate

Seanad

Public Business. - Central Fund Bill, 1944 ( Certified Money Bill )— Second and Subsequent Stages.

Is maith an rud é go mbeadh sé iontuigthe ar fud an domhain go léir go raibh gach dream daoine sa tír ar aon taobh leis an Taoiseach agus leis an Riaghaltas san ócáid a bhí againn anseo le goirid. Tá ar ndóthain mhór le déanamh againn in Éirinn le aire a thabhairt d'ar ngnóthaí…

1 contribution in this debate

Seanad

Military Service Pensions (Amendment) Bill, 1944 ( Certified Money Bill ) —Second and Subsequent Stages.

Tá a fhios agam nach féidir linn athrú a dhéanamh ar an mBille seo. Tá daoine sa tír fá láthair a bhí páirteach sa troid ar son na tíre agus sílim nach bhfuil siad ag fáil cothrom na féinne mar atá siad agus ba mhaith liom dá bhféadadh an tAire rud a dhéanamh ar mhaithe leis na…

2 contributions in this debate

Seanad

Censorship—Motion (Resumed).

Tá áthas orm gur cuireadh an rún so os cóir an tSeanaid. Is iontuigthe gurb é an tAire an té atá ag freastal gnotha na tíre seo agus go bhfuil eolas níos fearr aige ar an gceist ná mar atá ag éinne taobh amuigh. Tá sean-fhocal againn adeireas: "An té a bhfuil a lámh i mbéal an…

1 contribution in this debate