We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

LEAS CHEANN COMHAIRLE DO THOGHA.

George Nicolls SEOIRSE MAC NIOCHAILL Sinn Féin

Is mór an áthas dom tairisgint go dtoghfar Pádhraic O Máille mar Leas Cheann Comhairle. Thug sé cothrom na Féinne do ghach duine, suas le seo.

Comment on this
Seán McGarry SEAN MAC GARAIDH Sinn Féin

Cuidighim le sin.

Aontuithe.

Comment on this
Pádraic Ó Maille PADHRAIC O MAILLE Sinn Féin

A Chathaoirligh agus a lucht na Dála, táim an-bhuidheach díbh mar gheall gur thoghadh sibh mise agus geallaim díbh go ndéunfad mo dhicheall ach ní foláir dom a rádh gur beag atá le déanamh agam mar tá an Ceann Comhairle go h-an-dhubhrachtach agus mar sin, ní chuireann sé mórán oibre orm a dhéanamh.

Thángamar go léir annso chun ár ndicheall do dhéanamh ar son na tíre, agus táim cinnte go ndéanfar é agus go dtiurbhfaidh an Páirlimint seo bealach agus slighe do'n náisiún Gaedhealach le tuilleamh fáis a dhéanamh, san gcaoi go mbeidh Éire chomh saor le tír ar bith eile san domhan. Ní dhéarfad a thuille anois ach buidheachas arís do thabhairt díbh mar gheall ar mise do thoghadh.

Comment on this