We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ùsáid Dheontais.

d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé mioneolas faoi úsáid an deontais £134,000 a fuair Gaeltarra Éireann ó Chiste Sóisialach CEE i gcás (a) scéimeanna ceard-oiliúna (b) na hionaid ina raibh na scéimeanna lonnaithe agus (c) an méad a caitheadh i ngach ionad.

Comment on this

Is amhlaidh a fhaigheann Gaeltarra Éireann leath an chaiteachais údaraithe do scéimeanna oiliúna as an gCiste sin Bíonn an oiliúint ar siúl ar fud na Gaeltachta—go hairithe i dtionscail nua. Tá tábla agam ina dtugtar roinnt mioneolais agus, le chead an Cheann Comhairle, cuirfear timpeall sa Tuairisc Oifigiúil é.

Seo a leanas an tábla:—

Contae | An líon tionscal | An chuid den deontas

£

Dún na nGall | 12 | 21,277

Maigh Eo | 9 | 5,483

Gaillimh | 13 | 38,520

Ciarraí | 8 | 7,429

Corcaí | 6 | 14,941

Port Láirge | 2 | 5,000

50 | 92,650

Scéimeanna oil-iúna agus costais eile de chuid Ghaeltarra Éireann | 41,959

An tIomlán | £134,609

Comment on this

An féidir leis an Aire a rá maidir le scéimeanna traenála, "vocational training", scéimeanna traenála teicniciúla gairmoideachais, ar caitheadh an t-airgead go léir orthu sin?

Comment on this

Scéimeanna "vocational training"?

Comment on this

Gairmthraenáil.

Comment on this

No, scéimeanna. Bíonn an oiliúint ar siúl ar fud na Gaeltachta, go h-áirithe i dtionscail nua.

Comment on this

Níl an tAire ag freagairt na ceiste. Deir an ráiteas a cuireadh amach ó Ghaeltarra Éireann i gcóir na bliana 1974 gur caitheadh an t-airgead seo ar scéimeanna gairmthraenála ag Gaeltarra Éireann. Agus is í an cheist a chuir mé na hionaid ina raibh na scéimeanna lonnaithe, cé hiad na h-áiteanna inar caitheadh an t-airgead ar na scéimeanna gairmthraenála sin agus an méad airgid a caitheadh i ngach ionad. Níor thug an tAire eolas ar bith faoi sin.

Comment on this

Níl eolas ar bith ag teastáil anseo.

Comment on this

An bhfuilimid ag caint ar an gceist chéanna—Ceist Uimhir a 31, (a), (b) agus (c)?

Comment on this

Tá na freagraí agam anseo—an líon tionscal, an ionad agus cuid den deontas. Tá sé mar thábla anseo.

Comment on this