We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha na Gaeltachta.

New and renamed Donegal industries

Summary

Cunningham asks about new or renamed industries, closures and employment reductions in Donegal Gaeltacht areas. The Minister reports two new joint ventures and six small industries, no closures, and says full employment figures will come at year-end; he clarifies that the new ventures were in Gaoth Dobhair and Cill Chárthaigh.

d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé, i gcás Gaeltachtaí Thír Chonaill, cé mhéad (a) nua-thionscal (b) tionscail a bhí ann cheana ach ar tugadh ainm nua orthu, a chuaigh i mbun oibre i rith na bliana reatha go dtí seo; agus cad iad na tionscail a dhruid nó a dtáinig laghdú ar líon na n-oibrithe iontu.

Comment on this

Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur imigh dhá chomhthionscail agus sé mhionthionscail i mbun oibre le linn na bliana reatha. Níor druideadh aon tionscal. Rinneadh socruithe nua do dhéantús bréidin agus snáth i gCill Chárthaigh. Cláraíodh dhá chuideachta— Conamara Teo. agus Snáth Ghaeltarra Teo.—in ionad Rannóg de Ghaeltarra a bhí ann go dtí sin. Is nuair a bhaileofar figiúirí fostaíochta i ndeireadh na bliana a bheidh eolas cruinn ar fáil i dtaobh líon na n-oibrithe sna tionscail uile.

Comment on this

An bhfuil tionscal bréagán san áireamh anseo mar thionscal nua?

Comment on this

Luaigh mé dhá chomhthionscail nua, ceann amháin i nGaoth Dobhair agus an ceann eile i gCill Chárthaigh.

Comment on this