Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Monarcha na Gaeltachta.
d'Aire na Gaeltachta cé mhéad duine atá fostaithe ag Gaeltarra Éireann sa mhonarcha i gCill Chiaráin, Carna, Contae na Gaillimhe; agus an dtabharfaidh sé ráiteas i dtaobh na monarchan sin.
Comment on this
Is réamh-mhonarcha atá i gCill Chiaráin, is é sin le rá, monarcha a tógadh mar chabhair chun tionscal a fháil don cheantar. Tá gach dícheall á dhéanamh ag Gaeltarra Éireann chun tionscal oiriúnach a fháil don mhonarcha sin.
Comment on this
An bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teach cé chomh fada atá an réamh-mhonarcha seo folamh?
Comment on this
An bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teach cén iarracht atá á dhéanamh chun tionscal a chur ann? An bhfuil a fhios aige go bhfuil a lán daoine dífhostaithe sa cheantar seo? Tá siad ag éirí "disillusioned" ar fad le h-iar-rachtaí an Aire chun postanna a chur ar fáil sa cheantar. Tá monarcha ann le bliain go leith agus níl tada ann.
Comment on this
Tá a fhios agam go bhfuil a lán daoine dífhostaithe i ngach paróiste Gaeltachta agus tá muid agus Gaeltarra Éireann ag déanamh ár ndíchill chun fostaíocht a chur ar fáil. Baineann sé sin mar a gcéanna le Cill Chiaráin. Ní thuiteann tionscail as an spéir ach tá gach dícheall á dhéanamh agus tá mise sásta mar Aire go bhfuil gach rud á déanamh ag Gaeltarra chun tionscail a chur isteach ins an réamh-mhonarcha seo agus tá dóchas agam go n-éireodh liom.
13. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé ainm chuile chomhlacht i mbun oibre i nGaeltacht na Gaillimhe ar tar éis an 14 Márta 1973 a rinneadh monarcha nua dó agus ar tar éis an 14 Márta 1973 a cheadaigh Bord Ghaeltarra Éireann deontas ina leith; agus, i ngach cás, an inseoidh sé cé mhéad duine a bhí ag obair an 31 Nollaig 1973, an 31 Nollaig 1974 agus ar an dáta is deireanaí atá ar eolas i 1975.
Comment on this
Tógfaidh sé tamall eile chun an t-eolas sin a chur le chéile agus tá iarrtha agam ar Ghaeltarra Éireann é a chur ar aghaidh chuig an Teachta a luaithe is féidir.
Comment on this
Tá mé sásta an cheist a chur ar athló go dtí lá eile muna bhfuil an t-eolas ag an Aire fós.
Comment on this
An bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teachta cén uair a bhéas an t-eolas ar fáil?
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta cén bhliain ar tosaíodh ar fhostaíocht sa mhonarcha bréagán sa Spidéal, Contae na Gaillimhe; an bhfuil sé beartaithe deireadh a chur leis an bhfostaíocht sin; agus cé mhéad duine a bhí ag obair sa mhonarcha ar an dáta is deireannaí atá ar eolas.
Comment on this
Tuigim ó Ghaeltarra Éireann:
—gur tosaíodh ar fhostaíocht sa mhonarcha sin sa bhliain 1963,
—go bhfuil 62 dhuine ag obair inti faoi láthair,
—nach bhfuil ag éirí go maith leis an gcuid de thionscal na mbréagán atá ar siúl ansin,
—go bhfuil Gaeltarra ag iarraidh tionscal níos sásúla a fháil don mhonarcha ionas go leanfaidh fostaíocht inti, agus
—go bhfuil an scéal ar fad á phlé le hionadaithe na bhfostaithe.
Comment on this
Tá mé an-bhuíoch den Aire gur chuir sé in iúl don Teach gur cuireadh an mhonarcha seo ar bun sa bhliain 1963. An é sin adúirt an tAire—sa bhliain 1963?
Comment on this
Is maith é. An bhfuil a fhios ag an Aire gur chuir sé in iúl don Dáil ar an 15 de Mhí Iúil an bhliain seo gur cheadaigh sé ó Aibreán 1973 10 gcomhthionscail i gContae na Gaillimhe agus luann sé mar cheann de na tionscail sin, An Spidéal (bréagáin) agus cuireann an tAire in iúl don Teach anois go bhfuil an mhonarcha seo ann ón mbliain 1963.
Comment on this
Má thógann an Teachta go bog é anois tabharfaidh mé an freagra. A Cheann Comhairle, is í an fhadhb atá ag an Teachta Molloy nach dtuigeann sé an deifríocht atá idir monarcha agus tionscal agus comhthionscal.
Comment on this
Do tógadh an mhonarcha seo i 1963 ach ceadaíodh comhthionscal nua don bhfoirgneamh nó don mhonarcha sin in Aibreán, 1973.
Comment on this
Nach raibh bréagáin á ndéanamh sa mhonarcha seo roimh Aibreán, 1973? Nár chuir an tAire in iúl don Teach ar an 15 Iúil, 1975 gur ceadaíodh deich gcomhthionscail nua i gContae na Gaillimhe ó thús Aibreáin, 1973 go deireadh Bealtaine, 1975 agus luann sé tionscal bréagán sa Spidéal mar cheann de na tionscail sin cé go raibh an tionscal ann le blianta fada roimh Aibreán, 1973? Nach bhfuil cur-i-gcéill éigin ar siúl nár cuireadh in iúl sa Dáil ag an am go cruinn beacht gur rud é seo a chuir an Teachta O'Donnell ann cé go raibh sé ann i bhfad roimhe sin?
Comment on this
Ní thuigim cén fáth nach dtuigeann an Teachta fós an deifríocht atá idir monarcha agus tionscal.
(Cur isteach.)
Comment on this
Tá sé seo íontach tábhachtach anois mar tugadh le fios don Teach go raibh tionscal úr curtha ar bun sa Spidéal rud nach raibh fíor agus caithfimid an fhírinne a fháil. Goidé an comhthionscal seo a chuireadh ar bun sa Spidéal?
Comment on this
Tá an comhthionscal sin i gcomhpháirtíocht le Gaeltarra Éireann agus comhlacht príobháideach. Ceadaíodh é in Aibreán, 1973.
Comment on this
Dúradh gur tionscal é a bhí ann cionns go dtáinig an tionscal a bhí ann le chéile le tionscal príobháideach. Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire cé mhéid faoin gcéad den tionscal iomlán a ghlac an tionscal príobháideach.
Comment on this
Ba mhaith liom a chur in iúl duit go bhfuil sé ar intinn agam an cheist seo a plé ar an Athló.
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta an inseoidh sé, i gcás Gaeltachtaí Thír Chonaill, cé mhéad (a) nua-thionscal (b) tionscail a bhí ann cheana ach ar tugadh ainm nua orthu, a chuaigh i mbun oibre i rith na bliana reatha go dtí seo; agus cad iad na tionscail a dhruid nó a dtáinig laghdú ar líon na n-oibrithe iontu.
Comment on this
Tuigim ó Ghaeltarra Éireann gur imigh dhá chomhthionscail agus sé mhionthionscail i mbun oibre le linn na bliana reatha. Níor druideadh aon tionscal. Rinneadh socruithe nua do dhéantús bréidin agus snáth i gCill Chárthaigh. Cláraíodh dhá chuideachta— Conamara Teo. agus Snáth Ghaeltarra Teo.—in ionad Rannóg de Ghaeltarra a bhí ann go dtí sin. Is nuair a bhaileofar figiúirí fostaíochta i ndeireadh na bliana a bheidh eolas cruinn ar fáil i dtaobh líon na n-oibrithe sna tionscail uile.