Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Caipiteal Ghaeltarra Éireann.
d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé isteach reachtaíocht chun iasacht chaipitiúil Ghaeltarra Éireann a mhéadú.
Comment on this
Glacaim agam gurb iad na hairleacain a eisítear as an bPríomh-Chiste chuig Gaeltarra Éireann atá i gceist ag an Teachta, Tá teorainn reachtúil leis na hairleacain sin agus, má bhím sásta gur gá an teorainn a ardú, tabharfaigh mé reachtaíocht isteach chun é sin a dhéanamh.
Comment on this
Nach bhfuil a fhios ag an Aire faoi láthair go bhfuil cumhacht bhreise ag an IDA agus go n-oibríonn an IDA agus Gaeltarra Éireann i gcónaí as lámha a chéile agus go bhfuil gá le rialacháin a thabhairt do Ghealtarra anois le hairgead a fháil má tá sé ag teastáil?
Comment on this
Mar atá an scéal faoi láthair ní bhíonn aon chall ar Ghaeltarra aon chabhair bhreise a fháil. Tá siad ag fáil neart airgid ón Roinn Airgeadais le cibé tograí atá acu a chur chun cinn.
Comment on this
An bhfuil an tAire ag rá liom nach bhfuil Gaeltarra Éireann ag lorg na cumhachtaí seo?
Comment on this
Aontaim go bhfuil difríocht idir an módh atá ag an Rionn Airgeadais le h-airgead a chur ar fáil do Ghaeltarra Éireann agus an IDA ach, mar sin féin tá difríocht idir an obair atá ar siúl ag Gaeltarra agus ag an IDA maidir le cúrsaítion-scial a chur ar aghaidh.
Comment on this
An bhfuil an tAire ábalta a rá go speisialta anois de bhrí go bhfuil comhacht bhreise faighte ag an IDA agus go bhfuil siad i bhfad níos láidre anois ná mar a bhíodar ariamh go bhfuil sin ag dul i gcoinne Gaeltarra Éireann?
Comment on this
Ní shílim go raibh aon locht ar an módh atá ann le h-airgead a chur ar fáil do Ghaeltarra Éireann mar atá sé i láthair na huaire.