We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céibh Ros a' Mhíl.

d'Aire na Gaeltachta cén dáta a tosaíodh ar Chéibh Ros a' Mhíl, Contae na Gaillimhe, a thógáil.

11. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an dul ar aghaidh atá dhá dhéanamh ar Chéibh Ros a' Mhíl, Contae na Gaillimhe.

12. D'fhiafraigh

Comment on this

d'Aire na Gaeltachta cad é an dáta a bheidh Céibh Ros a' Mhíl críochnaithe agus cé mhéid airgid atá caite agus cé mhéid atá le caitheamh ar Chéibh Ros a' Mhíl.

Comment on this
Denis Gallagher Minister for the Gaeltacht (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Le cead an Cheann Comhairle tógfaidh mé Ceisteanna 10, 11 agus 12 le chéile.

I mí Mheithimh 1969 a ceadaíodh deontas do na muiroibreacha i gCuan Ros a' Mhíl i dtús báire ach bhí a lán réamhullmhúcháin le déanamh—tolladh tástála, leasú na scéime chun sástacht na n-iascairí, mionphleananna le réiteach chun sástacht na comhairle contae, tairiscintí le fáil agus conraitheoirí le ceapadh—agus ní rabhthas in ann tosú ar na hoibreacha féin go dtí mí Eanáir 1974. Ag féachaint do mhéid na n-oibreacha agus do na deacrachtaí a bhain leo comhairlítear dom go ndeachaigh siad ar aghaidh go sásúil. Tuigim go mbeidh na hoibreacha a ceadaíodh críochnaithe i gceann míosa nó mar sin. Timpeall £935,000 atá caite ar na hoibreacha sin agus tuairim £45,000 eile atá le caiteamh orthu.

Comment on this

An féidir leis an Aire a insint dom an mbeidh an caladh seo sách domhain agus sách mór le bheith mar phríomh-chalaphort iarthar na hÉireann nuair a bhíonn na hoibreacha seo críochnaithe ag Céibh Ros a' Mhíl?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá ceist ann go mb'fhéidir go dtoghfaí an caladh seo mar phríomh chalaphort in Iarthar na hÉireann. Más rud é go dtárlaíonn sé sin tiocfaidh an calaphort féin agus an chéibh faoi chúram an Stáit. Is dócha go mbeadh sé i gceist dá mba rud é gur ghá tuilleadh airgid a chaitheamh lena dhéanamh níos fairsinge agus níos mó go mbeadh an Rialtas sásta an t-airgead sin a chaitheamh.

Comment on this

An mbeadh an tAire in ann insint dúinn an bhfuil an cheist sin faoin phríomh-chalaphort socraithe fós?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ceist í sin a bhaineann leis an Aire Iascaigh agus leis an Rialtas agus sílim nach bhfuil aon chinneadh cinnte déanta ar sin fós.

Comment on this

An bhfuil aon mhiontuairisc ag an Aire ar sin?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl.

Comment on this