We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Céibh Ros a' Mhíl.

Ros a' Mhíl as western main port

Summary

Browne asked whether the completed pier could serve as western Ireland’s main port and whether that designation had been decided. The Minister said the Government might fund enlargement if needed, but no decision had been made and he had no minutes on the matter.

An féidir leis an Aire a insint dom an mbeidh an caladh seo sách domhain agus sách mór le bheith mar phríomh-chalaphort iarthar na hÉireann nuair a bhíonn na hoibreacha seo críochnaithe ag Céibh Ros a' Mhíl?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Tá ceist ann go mb'fhéidir go dtoghfaí an caladh seo mar phríomh chalaphort in Iarthar na hÉireann. Más rud é go dtárlaíonn sé sin tiocfaidh an calaphort féin agus an chéibh faoi chúram an Stáit. Is dócha go mbeadh sé i gceist dá mba rud é gur ghá tuilleadh airgid a chaitheamh lena dhéanamh níos fairsinge agus níos mó go mbeadh an Rialtas sásta an t-airgead sin a chaitheamh.

Comment on this

An mbeadh an tAire in ann insint dúinn an bhfuil an cheist sin faoin phríomh-chalaphort socraithe fós?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ceist í sin a bhaineann leis an Aire Iascaigh agus leis an Rialtas agus sílim nach bhfuil aon chinneadh cinnte déanta ar sin fós.

Comment on this

An bhfuil aon mhiontuairisc ag an Aire ar sin?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl.

Comment on this