Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann.
Measann Gaeltarra Éireann go mbeidh an tuarascáil agus na cúntais iniúchta don bhliain 1978 ar fáil taobh istigh de chúpla mí.
Comment on this
Cén fáth nach bhfuil cúntais an bhoird curtha amach de réir na hAchtanna, go mor mhór Acht Tion-scail na Gaeltachta 1957?
Comment on this
Seo an bhliain is luaithe riamh a mbeidh an tuarascáil ag teacht amach. An tuarascáil do 1972 níor tháinig sé amach go dtí 19 Samhain 1973; do 1973 bhí sé níos deireannaí ná sin, 18 Nollaigh 1973; do 1974, 16 Nollaigh sa bhliain dar gcionn; do 1975 níor tháinig sé amach go dtí 28 Eanáir 1977; agus do 1976 níor tháinig sé amach go dtí 28 Deireadh Fómhair 1977. Bhíomar níos luaithe anuraidh leis an tuarascáil ná aon bhliain de na blianta sin, agus i mbliana arís beimid chun tosaigh ar na dátaí atá luaite agam i gcomhair na blianta sin.
Comment on this
Nach bhfuil sé scríobhtha san Acht go mba cheart an tuarascáil a bheith amuigh laistigh de 90 lá.