We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltarra Éireann.

Gaeltarra 1978 report and accounts

Summary

Begley asks when Gaeltarra’s 1978 report and audited accounts will be published and why they have not met the statutory 90-day deadline. Gallagher says they should be available within a few months, earlier than in previous years, and that this year’s report will be closer to the deadline.

d'Aire na Gaeltachta a rá cathain a bheidh tuarascáil Ghaeltarra 1978 le fáil.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Measann Gaeltarra Éireann go mbeidh an tuarascáil agus na cúntais iniúchta don bhliain 1978 ar fáil taobh istigh de chúpla mí.

Comment on this

Cén fáth nach bhfuil cúntais an bhoird curtha amach de réir na hAchtanna, go mor mhór Acht Tion-scail na Gaeltachta 1957?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Seo an bhliain is luaithe riamh a mbeidh an tuarascáil ag teacht amach. An tuarascáil do 1972 níor tháinig sé amach go dtí 19 Samhain 1973; do 1973 bhí sé níos deireannaí ná sin, 18 Nollaigh 1973; do 1974, 16 Nollaigh sa bhliain dar gcionn; do 1975 níor tháinig sé amach go dtí 28 Eanáir 1977; agus do 1976 níor tháinig sé amach go dtí 28 Deireadh Fómhair 1977. Bhíomar níos luaithe anuraidh leis an tuarascáil ná aon bhliain de na blianta sin, agus i mbliana arís beimid chun tosaigh ar na dátaí atá luaite agam i gcomhair na blianta sin.

Comment on this

Nach bhfuil sé scríobhtha san Acht go mba cheart an tuarascáil a bheith amuigh laistigh de 90 lá.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ní bheimid ró fhada as sin i mbliana. Beidh sé níos luaithe ná mar a bhí sé aon bhliain roimhe seo.

Comment on this