We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cé Chontae Mhaigh Eo.

Black Sod Pier Improvements

Summary

The Minister said the original pier-development proposal was too costly given low fish landings, but a cheaper scheme was under consideration. He would consult others about nearby industrial proposals and try to address the need; the Estimates provide £2.2 million, while one development option was estimated to cost over £1 million.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

den Aire Iascaigh agus Foraoiseachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil le deis a chur ar ché an Fhóid Dhuibh i mbliana.

Comment on this

Do scrúdaigh mo Roinnse tógra mór fhorbartha chun na saoráidi calaíochta ag Cuan an Fhóid Dhuibh a fheabhsú. Nuair a tugadh isteach san áireamh a laghad éisc a díluchtaítear san áit ba léir nár bhféidir an costas a ghabhfadh leis an fhorbairt sin a chosaint nar bhí sé ró-ard. Mar sin féin tá malairt scéim nach mbeidh chomh costasach faoi mhachnamh faoi láthair chun freastal ar iascairí Chuain an Fhóid Dhuibh.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Ar thuig mé an tAire go soiléir nach bhfuil aon airgead le fáil i ngeall go bhfuil na costais ard agus nach bhfuil go leor éisc á gcur i dtír ansin?

Comment on this

Dúirt mé é sin agus chomh mhaith leis sin dúirt mé go raibh scéim nua faoi mhachnamh faoi láthair nach mbeadh chomh costasach leis an scéim a tháinig chun tosaigh i dtús báire a chuirfeadh áis shásúil ar siúl do iascairí na háite. Tig leis an Teachta bheith cinnte a fhad is a bhaineann liomsa go ndéanfaidh mise mo dhícheall rud éigin a dhéanamh do Chuan an Fhóid Dhuibh taobh istigh de na teorannacha atá orm maidir le airgead.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil tionscal i gceist ansin agus go mbeadh sé ar eolas aige ó thaobh Udarás na Gaeltachta de go bhfuil sé i gceist go dtiocfaidh báid ansin le díluchtú a dhéanamh agus le earraí a thabhairt amach as an áit. Dá bhrí sin an nglacfaidh an tAire go mbeadh sé tábhachtach níos mó ná ceist na hiascaireachta a chur san áireamh nuair atá deisiúchán na céanna seo á scrúdú? De bhrí go bhfuil seans ann go dtiocfaidh tionscal go dtí an áit sin an n-aontóibh an tAire go gcaithfear feabhsúcháin a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Comment on this

Tá a fhios agam faoi na moltaí atá ann le haghaidh tionscal sa cheantar sin agus i ngeall ar sin beidh mé ag teangmháil le daoine eile a bhfuil freagracht acu ar fhorbairt mar seo. Tuigim an phráinn atá leis na rudaí seo agus tig leis an Teachta bheith cinnte go ndéanfaimíd ár ndícheall an fhadhb a réiteach chomh luath agus is féidir.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Cén tsuim airgid atá leagtha síos sna Meastacháin?

Comment on this

£2.2 mhilliún.

(Cur Isteach.)

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Cé mhéad a thógfaidh sé chun an cé seo a dheisiú? An bhfuil an t-eolas sin ag an Aire?

Comment on this

Níl, ach ó chuimhne, bhí costas breis is £1 mhilliún i gceist ansin ar shaghas amháin forbartha a bhí i gceist.

Comment on this