We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cé Chontae Mhaigh Eo.

Breakdown of Pier Funding

Summary

Molloy asked how much of the £2.2 million was already committed and what new facilities would be provided. The Minister lacked confirmed figures and said the plans should be settled within weeks; Molloy criticized the lack of information available to Deputies.

Mar gheall ar an méid atá a chur ar fáil san Mheastachán don bhliain seo chugainn — £2.2 milliún, a dúirt an tAire — cé mhéad de sin atá geallta cheana féin le íoc as obair ar chéanna atá ar siúl sa bhlian seo agus fiú amháin an bhlian seo caite agus cé mhéad de airgead a bhéas ar fáil le haghaidh obair feabhsúcháin nua ag tosnú sa bhliain 1985?

Comment on this

Níl an figiúr sin agam mar theastódh uaim an figiúr sin a fháil ó Oifig na nOibreacha Poiblí a mbeadh conarthaí sínithe acu. Níl an t-eolas sin agam ach ceapaim go mbeadh tuairim is leath de geallta agus conradh sínithe. Níl mé ro-chinnte faoi na figiúirí.

Comment on this

Cad iad na háiseanna a bheidh á gcur ar fáil——

Comment on this

Níl sé sin socraithe agam go fóill agus go dtí sin ní bheidh mé in ann na ceisteanna a fhreagairt. Ach beidh sé socraithe agam taobh istigh de cúpla seachtain.

Comment on this

Bhíomar ag faire ar na ceisteanna seo go dtiocfadh siad os comhair na Dála chun eolas a fháil faoi chaiteachas an Aire sa bhliain seo chugainn. Muna bhfuil an t-eolas aige inniu cén mhaitheas dúinn bheith ag cur síos ceisteanna, mar ní bheidh aon tseans eile againn an tAire a cheistiú le tamall fada.

(Cur Isteach.)

Comment on this