Ministerial engagement with the new board
Gallagher asks about the Minister’s contact with the newly elected board and temporary members; the Minister says he has not yet met the new members but intends to discuss the Authority’s work with them.
d'Aire na Gaeltachta an raibh aon chruinniú aige le hÚdarás na Gaeltachta ó bhí na toghcháin don bhord ann agus cé na socruithe atá déanta aige leis an mbord úr le saol mhuintir na Gaeltachta a fheabhsú.
24. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta, ó tharla toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a bheith thart, an inseoidh sé don Dáil cén chúis atá aige le baill shealadacha a choinneáil ar Bhord an Údaráis.
Comment on this
Tógfaidh mé Ceisteanna 20 go 24 le chéile.
Is mian liomsa go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go lánéifeachtach ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus, mar chabhair chuige sin, bíonn áthas orm bualadh leis na comhaltaí agus na feidhmeannaigh ó thráth go chéile. Is maith liom cúrsaí a phlé leo agus éisteacht le moltaí uathu. I measc na bpointí a bhíonn i gceist de ghnáth bíonn bealaí chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil. Ar ndóigh, bíonn caidreamh leanúnach ag an Údarás le mo Roinnse.
Ó toghadh comhaltaí nua ní raibh deis agam bualadh leo ná an scéal ar fad a bhreithniú mar is mian liom. Tá súil agam nach fada eile go mbeidh mé ag bualadh leo.