Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.
- Údarás effectiveness and Gaeltacht employment 3 speeches
Gallagher asks whether Údarás na Gaeltachta is effective, what improvements the Minister proposes, and how more jobs will address emigration.
Denis Gallagher
- Ministerial engagement with the new board 3 speeches
Gallagher asks about the Minister’s contact with the newly elected board and temporary members; the Minister says he has not yet met the new members but intends to discuss the Authority’s work with them.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Údarás and the use of Irish 2 speeches
Gallagher questions whether the Authority gives sufficient priority to speaking and using Irish; the Minister stresses the language’s importance and says he does not accept that the Authority harms it.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Emigration from Gaeltacht areas 3 speeches
Gallagher presses for employment to stem emigration. The Minister agrees more jobs are needed but lacks migration figures specific to the Gaeltacht, noting county-level population figures instead.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Meeting the newly elected board 2 speeches
Mac Giolla asks whether the Minister will meet the new Authority members after a delay of over three months; the Minister says he will meet them soon.
Tomás MacGiolla, Patrick O'Toole
- Possible new powers for Údarás 4 speeches
Mac Giolla asks about extra powers and new proposals for the Authority. The Minister says he is reviewing its remit and work, but the review is not yet complete.
Tomás MacGiolla, Patrick O'Toole
- Temporary members on the Authority board 4 speeches
Gallagher criticises leaving temporary members in place after the election and questions their influence; the Minister says new members will be appointed and rejects the claim that his appointees act as dictators.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Public Service Department review 2 speeches
Geoghegan-Quinn asks about a Department of the Public Service inquiry into Údarás; the Minister says such reviews of public bodies are routine.
Máire Geoghegan-Quinn, Patrick O'Toole
- Former chief executive settlement 4 speeches
Gallagher alleges that the Authority’s chairman arranged an undisclosed payment for the former chief executive; the Minister says the matter is unrelated to the question before him.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Inquiry into Údarás na Gaeltachta 4 speeches
Geoghegan-Quinn asks who commissioned the inquiry, why another agency was examined, and when the report will be delivered. The Minister does not know the timetable but expects the report and recommendations to come to him.
Máire Geoghegan-Quinn, Patrick O'Toole
- Minister’s contact with Authority leadership 6 speeches
Geoghegan-Quinn establishes that the Minister has not met the new board or chief executive since the election, and asks about tensions; he denies any problem with the chief executive.
Máire Geoghegan-Quinn, Patrick O'Toole
- Recent emigration statistics 2 speeches
Wilson asks for migration figures for 1981–85; the Minister says he has no Gaeltacht-specific figures and only has county data up to 1981.
John P. Wilson, Patrick O'Toole
- Appointment of permanent board members 2 speeches
P. Gallagher challenges the delay in appointing permanent members and asks whether the Department’s secretary will chair the board; the Minister rejects the claim of injustice and says the appointments will be disclosed when made.
Pat the Cope Gallagher, Patrick O'Toole
- Future of Údarás na Gaeltachta 5 speeches
P. Gallagher asks whether the Government plans to abolish the Authority and raises a further unfinished question about jobs; the Chair moves proceedings to the next question.
Pat the Cope Gallagher, Thomas J. Fitzpatrick, Patrick O'Toole
- Minister’s support for the new board 2 speeches
Gallagher criticises the Minister for not encouraging the new board; the Minister says he will meet it soon and discuss matters of concern.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Chief executive’s employment terms 2 speeches
Gallagher asks about the chief executive’s contract; the Minister says it is a full-time, seven-year post with pay within the approved range.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Minister’s contact with the chief executive 2 speeches
Gallagher asks how often the Minister has met the chief executive; the Minister says they have met and are in frequent contact, though he cannot give a precise count.
Denis Gallagher, Patrick O'Toole
- Údarás land and factory in the Rosses 8 speeches
P. Gallagher asks about Authority-owned land and acquiring more for industrial development in the Rosses, then urges a prefabricated factory given local unemployment. The Minister says the Authority owns about 12 acres, with 5.5 unused, has no current plans to buy more, and would consider a factory proposal from the board.
Pat the Cope Gallagher, Patrick O'Toole
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a ndualgas go héifeachtach ar mhaithe le pobal na Gaeltachta.
21. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta céard iad na moltaí atá curtha os comhair Údarás na Gaeltachta aige le saol mhuintir na Gaeltachta a fheabhsú.
22. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil a fhios aige go bhfuil an imirce ag goilliúint ar phobal na Gaeltachta arís agus céard atá socraithe aige le tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil do na Gaeltachtaí.
23. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta an raibh aon chruinniú aige le hÚdarás na Gaeltachta ó bhí na toghcháin don bhord ann agus cé na socruithe atá déanta aige leis an mbord úr le saol mhuintir na Gaeltachta a fheabhsú.
24. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta, ó tharla toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a bheith thart, an inseoidh sé don Dáil cén chúis atá aige le baill shealadacha a choinneáil ar Bhord an Údaráis.
Comment on this
Tógfaidh mé Ceisteanna 20 go 24 le chéile.
Is mian liomsa go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go lánéifeachtach ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus, mar chabhair chuige sin, bíonn áthas orm bualadh leis na comhaltaí agus na feidhmeannaigh ó thráth go chéile. Is maith liom cúrsaí a phlé leo agus éisteacht le moltaí uathu. I measc na bpointí a bhíonn i gceist de ghnáth bíonn bealaí chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil. Ar ndóigh, bíonn caidreamh leanúnach ag an Údarás le mo Roinnse.
Ó toghadh comhaltaí nua ní raibh deis agam bualadh leo ná an scéal ar fad a bhreithniú mar is mian liom. Tá súil agam nach fada eile go mbeidh mé ag bualadh leo.
Comment on this
An n-aontódh an tAire go gcuirtear i leith an Údaráis go minic nach gcuireann siad béim sách láidir ar labhairt agus úsáid na Gaeilge? An bhfuil aon rud le rá ag an Aire faoi sin? An bhfuil sé sásta go bhfuil béim cheart á cur ar labhairt na Gaeilge ins an obair atá ar siúl ag an Údarás?
Comment on this
Aontaím go bhfuil antábhthacht leis an Ghaeilge maidir leis an Ghaeltacht. Gan an Ghaeltacht ní bheadh an Ghaeilge againn agus gan daoine sa Ghaeltacht ní bheadh an Ghaeilge againn ar chor ar bith. Tá fadhb ag an Údarás. Tá téarmaí tagartha anleathan acu. Tá fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta ar thaobh amháin agus ar an dtaobh eile tá forbairt chultúir i leith na teanga, ceol agus rudaí eile mar sin. Tá an dá rud in amanna ag teacht salach ar a chéile. Ach ní ghlacfainn leis go bhfuil dochar á dhéanamh ag an Údarás don Ghaeilge. Tá a ndícheall á dhéanamh acu chun an Gaeilge a chur chun cinn taobh le taobh le fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta. Ach tá fadhb ann.
Comment on this
Luaigh mé san cheist fadhb na himirce agus níor thug an tAire aon fhreagra air sin. An n-aontódh sé go bhfuil gá i láthair na huaire le go leor fostaíochta a chur ar fáil sna Ghaeltachtaí le srian a chur leis an imirce atá anois comh tréan agus a bhí sé scór go leith bliain ó shin le daoine óga ag fagáil na tíre ag iarraidh fostaíocht a fháil in áiteacha eile.
Comment on this
Tá gá an-mhór le leathnú na fostaíochta. Maidir le himirce — agus luaigh an Teachta é sin i gceann dá cheisteanna — is é an deacracht atá agam maidir leis an bhfreagra sin a theastaigh uaidh nach bhfuil figiúirí cruinn agam maidir leis an nGaeltacht féin. Tá sé ar bhun chontae agus ó thaobh na gcontaethe de, ó thaobh na nGaeltachtaí go deimhin, níl na daoine a raibh cónaí orthu sa Ghaeltacht imithe san méid ó 1971 nuair a bhí 70,521 go dtí an daonáireamh 1981 nuair a bhí 79,502. Sin——
(Cur isteach.)
Comment on this
Ach níl na figiúirí don Ghaeltacht agam maidir le himirce toisc nach gcuirtear le chéile iad ar an mbun sin.
Comment on this
De réir mar a chuala mé, dúirt an tAire nach raibh deis aige bualadh leis na baill nua den Údarás go fóill. An é sin a dúirt sé? Tá sé os cionn tri mhí anois ó toghadh na baill nua. Ní fheadar an bhfuil suim dá laghad ag an Aire san Údarás. An bhfuil sé i gceist aige bualadh leo go luath nó ar chor ar bith?
Comment on this
An bhfuil sé i gceist ag an Aire aon chomhachtaí breise a thabhairt don Údaras, go mór mhór i leith cúrsaí pleanála agus forbartha? An bhfuil aon rud nua i gceist ag an Aire don Údarás nua atá tofa anois le trí mhí?
Comment on this
Táimid ag breathnú ar téarmaí tagartha an Údaráis agus ar an obair atá ar siúl acu agus nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe agam beidh mé ábalta. Cibé toradh a bhíonn air sin, na hathruithe, má bhíonn a leithéid ann, a chur in iúl do chomhaltaí an Údaráis nuair a bhuailfidh mé leo, agus buailfear leo go luath.
Comment on this
An bhféadfadh an tAire a insint cén fáth nár chuir sé baill sheasta, mar a déarfá, ar an mbord in ionad daoine sealadacha a fhágáil ansin mar bhaill den Údarás.
Comment on this
Nach n-aontódh an tAire gurb é an t-am ceart leis na daoine sin a thogadh ná nuair a bhí toghchán an Údaráis thart agus bord úr, glan a chur ag obair ar mhaithe le muintir na Gaeltachta in áit a bheith ag fágáil daoine atá ansin go sealadach ag déanamh na hoibre ar fad don Údarás. An amhlaidh go mbeidh baill an Aire ansin mar atá siad i láthair na huaire in a ndeachtóirí ar bhord an Údaráis?
Comment on this
Ní ghlacaim leis gur deachtóirí na comhaltaí a chuir mise ar an Údarás. Is é an gnáth nós imeachta atá san Údarás go ndéanann siad vótáil ar mholtaí agus ní dóigh liom go bhfuil aon deachtóir ar an Udarás, mar tá daonlathas i bhfeidhim san Údarás.
Comment on this
Nach é an fáth nár cheap an tAire comhaltaí ná go bhfuil fiosrú ar siúl aige féin agus ag Roinn na Seirbhíse Poiblí isteach i ngnóthaí an Údaráis? An bhféadfadh sé a insint dúinn an t-údar gur thug oifigigh de chuid Roinn na Seirbhíse Poiblí cuairt ar eagras Stáit eile atá i mbun cúrsaí tionsclaíochta an tseachtain seo caite in iar-dheisceart na tíre le cúrsaí an Údaráis a phlé, agus an bhféadfadh sé a rá cé dúirt gur ceart an fiosrú a chur ar bun; cén fáth go bhfuil Roinn seachas Roinn na Gaeltachta ag plé leis an bhfiosrú agus cé chuige a gcuirfear tuairisc na bhfiosruithe seo ar fáil, chuig Aire na Gaeltachta, chuig Aire na Seirbhíse Poiblí nó chuig an Rialtas?
Comment on this
Maidir le fiosruchán den tsaghas sin, is gnáth rud é sin a tharlaíonn i mo Roinnse ach i Ranna Stáit eile, agus sin ceann de na tearmaí tagartha atá ag Roinn na Seirbhíse Poiblí, breathnú isteach in oibriú Ranna Stait eile féachaint cen chaoi is fearr le feabhas a chur ar rudaí, agus ní amháin go bhfuil se á dhéanamh maidir le mo Roinnse ach tá sé ar siúl i Ranna eile chomh maith. Ní rud neamhgnách é sin. Tharla sé ó bunaíodh Roinn na Seirbhíse Poiblí.
Comment on this
An n-aontódh an tAire gur rud aisteach a bhí ann nuair a rinne an Cathaoirleach atá ar an Údarás i láthair na huaire socrú le figiúr áirithe a thabhairt don iar-phríomhfheidhmeannach agus nár thug sé an t-eolas sin do bhaill an bhoird, na baill tofa, agus nach bhfuil a fhios ag an Dáil céard iad téarmaí na socruithe sin agus nach bhfuil a fhios ag baill an Údaráis féin céard iad na téarmaí a bhi ann maidir leis an socrú a rinneadh leis an iar-phríomh-fheidhmeannach. Nach shin deachtóireacht den chéad scoth.
Comment on this
Cé iarr ar Roinn an Seirbhíse Poiblí an fiosruchán seo a dhéanamh i ngnóthaí an Údaráis agus cé iarr orthu dul isteach in eagras amháin eile atá ag plé le cúrsaí tionsclaíochta seachas roinnt eile eagras atá san ghnó céanna?
Comment on this
Níl a fhios agam cad tá i gceist ag an Teachta. Tá sé de nós ag Roinn na Seirbhíse Poiblí a leithéid a dhéanamh le feabhas a chur ar eagraíocht más féidir agus má théann siad isteach in áiteanna eile tá sé sin ceart acu má cheapann siad go gcuideoidh sé leis an bhfiosrú agus leis an réiteach a bheidh á mholadh acu.
Comment on this
Cé chuige a chuirfear an tuairisc nuair a bheidh sé ar fáil, chuig Aire na Gaeltachta, chuig Aire na Seirbhíse Poiblí nó chuig an Rialtas, agus cathain a bheidh críoch leis an bhfiosrú?
Comment on this
Níl a fhios agam cathain a bheidh críoch leis an bhfiosrú ach tá mé cinnte go mbeidh tuarascáil agus aon mholtaí a bheidh leis ag teacht chomh fada liomsa ag an am.
Comment on this
An gceapann an tAire, nuair a smaoiníonn sé ar an trioblóid ar fad a bhí ag an Údarás le roinnt blianta.
Comment on this
Má cheapann an Teachta go bhfuil aon rud as alt idir mé féin agus an príomhfheidhmeannach, níl.
Comment on this
Thug an Aire staitisticí agus firicí ó na daonáirimh 1971 agus 1981, ach nach é an tréimhse ó 1981 go dtí 1985 an tréimhse is tábhachtaí ó thaobh na himirce de agus an bhfuil aon fhircicí nó staitisicí aige faoin tréimhse sin agus an imirce?
Comment on this
Tá, ach níl siad agam le haghaidh na Gaeltachta. Tá cuid de na ceantair Ghaeltachta sa chontae agus tig liom sonraí faoi imirce na gcontaethe a thabhairt ach níl siad agam ach go dtí 1981.
Comment on this
An nglacann an tAire leis go bhfuil Bord Údarás na Gaeltachta ábalta obair mhaith a dhéanamh thar ceann muintir na Gaeltachta agus forbairt na Gaeltachta, agus os rud é go bhfuil an méid sin neamhchinnte toisc go bhfuil leath den bhord sin sealadach, go ndearna sé éagóir nuair nár ainmnigh sé na baill nua sin ag tús na bliana ionas go mbeadh na baill go léir ag obair le chéile ar feadh cúig bliana as seo amach? Focheist dheireanach — an mbeidh sé ag ainmniú rúnaí nua Roinn na Gaeltachta mar chathaoirleach ar bhord Údarás na Gaeltachta idir seo agus deireadh mí Mhárta?
Comment on this
Ní ghlacaim leis go ndearnadh éagóir ar éinne. Nuair a bheas na daoine a bheas á gcur ar bhord an Údaráis ainmnithe agam beidh a fhios ag an Teachta cé hiad féin.
Comment on this
An mbeidh sé mar pholasaí ag an Rialtas ná ag an Aire deireadh a chur le Údarás na Gaeltachta ag deireadh mí Mhárta?
(Cur isteach.)
Comment on this
Má bhíonn sé mar aidhm ag an Aire níos mo ball a chur ar an mbord an mbeidh sé ábalta job a thabhairt do gach duine a chaill——
Comment on this
An n-aontódh an tAire gur náireach an rud é a insint dúinn anseo sa Dáil, cé go bhfuil bord úr ansin le trí mhí nach bhfuil suim dá laghad aige san méid ata le déanamh acu ná misneach a thabhairt dóibh obair a dhéanamh ar mhaithe le muintir na Gaeltachta?
Comment on this
Mar a dúirt mé, buailfhidh mé le bord an Údaráis go luath agus pléfidh mé leo na rudaí atá ag cur as domsa agus atá ag cur as dóibh siúd chomh maith, agus nuair a bheidh gá leis beidh mo dhoras ar oscailt i gcónaí le bualadh leis an Údarás.
(Cur isteach.)
25. D'fhiafraigh
Comment on this
d'Aire na Gaeltachta cé na coinníollacha a bhaineann le fostaíocht phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, an bhfuil a phost lánaimsearach nó an ar feadh téarma de bhlianta é.
Comment on this
Is é an tÚdarás a cheap an príomhfheidhmeannach agus a chinn na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis. Post lán-aimsearach ar feadh tréimhse seacht mbliana is ea é agus táim sásta gu bhfuil an luach saothair laistigh den raon atá ceadaithe.
Comment on this
Ar bhuail an tAire leis an bpríomhfheidhmeannach nuair a tháinig sé isteach sa phost sin agus cé mhéad uair a bhuail sé leis ó toghadh an bord úr do Údarás na Gaeltachta?
Comment on this
Bhuail mé leis an bpríomhfheidhmeannach agus casadh orm go minic é taobh amuigh dá oifig féin ó ceapadh é. Nil an t-eolas agam go baileach cé mhéad uair ach tá teangmháil go minic.
(Cur isteach.)
26.
Comment on this
asked the Minister for the Gaeltacht the area of land owned by Údarás na Gaeltachta in the Rosses area, County Donegal; and the steps which he proposes to take to acquire further parcels of land for industrial development.
Comment on this
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta
—gur leis timpeall 12 acra talún sa cheantar sin agus go bhfuil thart ar 5.5 acra di nach bhfuil in úsáid, agus
—nach bhfuil i gceist tuilleadh talún a cheannach ansin faoi láthair.
Comment on this
An nglacfaidh an tAire go bhfuil níos mó ná 1,000 daoine as obair i bparóiste sna Rosann agus an mbeadh sé sásta treoir a thabhairt do bhord Údarás na Gaeltachta réamhmhonarcha a thógáil sna Rosann.
Comment on this
Sin ceist a bhaineann le bord an Údaráis féin agus is é ceann de téarmaí tagartha an Údaráis fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus má cheapann saidsan go mba cheart réamh-mhonarcha a thógáil leis sin a dhéanamh, cuireadh siad an moladh sin os mo chomhair.
Comment on this
An bhfuil dóthain airgid ag Údarás na Gaeltachta chun níos mó talún a cheannach agus réamh-mhonarcha a chur ar fáil?
Comment on this
Ní ceist talún é. Sa cheantar seo thart tá 5.5 acra nach bhfuil in úsáid as 12 acra talún.
Comment on this
Má tá 5.5 acra acu sna Rosann b'fhéidir go bhféadfadh an tAire a insint dúinn cén áit sna Rosann a bhfuil an talamh sin?