Public Service Department review
Geoghegan-Quinn asks about a Department of the Public Service inquiry into Údarás; the Minister says such reviews of public bodies are routine.
Nach é an fáth nár cheap an tAire comhaltaí ná go bhfuil fiosrú ar siúl aige féin agus ag Roinn na Seirbhíse Poiblí isteach i ngnóthaí an Údaráis? An bhféadfadh sé a insint dúinn an t-údar gur thug oifigigh de chuid Roinn na Seirbhíse Poiblí cuairt ar eagras Stáit eile atá i mbun cúrsaí tionsclaíochta an tseachtain seo caite in iar-dheisceart na tíre le cúrsaí an Údaráis a phlé, agus an bhféadfadh sé a rá cé dúirt gur ceart an fiosrú a chur ar bun; cén fáth go bhfuil Roinn seachas Roinn na Gaeltachta ag plé leis an bhfiosrú agus cé chuige a gcuirfear tuairisc na bhfiosruithe seo ar fáil, chuig Aire na Gaeltachta, chuig Aire na Seirbhíse Poiblí nó chuig an Rialtas?
Comment on this
Maidir le fiosruchán den tsaghas sin, is gnáth rud é sin a tharlaíonn i mo Roinnse ach i Ranna Stáit eile, agus sin ceann de na tearmaí tagartha atá ag Roinn na Seirbhíse Poiblí, breathnú isteach in oibriú Ranna Stait eile féachaint cen chaoi is fearr le feabhas a chur ar rudaí, agus ní amháin go bhfuil se á dhéanamh maidir le mo Roinnse ach tá sé ar siúl i Ranna eile chomh maith. Ní rud neamhgnách é sin. Tharla sé ó bunaíodh Roinn na Seirbhíse Poiblí.