We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Emigration from Gaeltacht areas

Summary

Gallagher presses for employment to stem emigration. The Minister agrees more jobs are needed but lacks migration figures specific to the Gaeltacht, noting county-level population figures instead.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Luaigh mé san cheist fadhb na himirce agus níor thug an tAire aon fhreagra air sin. An n-aontódh sé go bhfuil gá i láthair na huaire le go leor fostaíochta a chur ar fáil sna Ghaeltachtaí le srian a chur leis an imirce atá anois comh tréan agus a bhí sé scór go leith bliain ó shin le daoine óga ag fagáil na tíre ag iarraidh fostaíocht a fháil in áiteacha eile.

Comment on this

Tá gá an-mhór le leathnú na fostaíochta. Maidir le himirce — agus luaigh an Teachta é sin i gceann dá cheisteanna — is é an deacracht atá agam maidir leis an bhfreagra sin a theastaigh uaidh nach bhfuil figiúirí cruinn agam maidir leis an nGaeltacht féin. Tá sé ar bhun chontae agus ó thaobh na gcontaethe de, ó thaobh na nGaeltachtaí go deimhin, níl na daoine a raibh cónaí orthu sa Ghaeltacht imithe san méid ó 1971 nuair a bhí 70,521 go dtí an daonáireamh 1981 nuair a bhí 79,502. Sin——

(Cur isteach.)

Comment on this

Ach níl na figiúirí don Ghaeltacht agam maidir le himirce toisc nach gcuirtear le chéile iad ar an mbun sin.

Comment on this