We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Údarás and the use of Irish

Summary

Gallagher questions whether the Authority gives sufficient priority to speaking and using Irish; the Minister stresses the language’s importance and says he does not accept that the Authority harms it.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An n-aontódh an tAire go gcuirtear i leith an Údaráis go minic nach gcuireann siad béim sách láidir ar labhairt agus úsáid na Gaeilge? An bhfuil aon rud le rá ag an Aire faoi sin? An bhfuil sé sásta go bhfuil béim cheart á cur ar labhairt na Gaeilge ins an obair atá ar siúl ag an Údarás?

Comment on this

Aontaím go bhfuil antábhthacht leis an Ghaeilge maidir leis an Ghaeltacht. Gan an Ghaeltacht ní bheadh an Ghaeilge againn agus gan daoine sa Ghaeltacht ní bheadh an Ghaeilge againn ar chor ar bith. Tá fadhb ag an Údarás. Tá téarmaí tagartha anleathan acu. Tá fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta ar thaobh amháin agus ar an dtaobh eile tá forbairt chultúir i leith na teanga, ceol agus rudaí eile mar sin. Tá an dá rud in amanna ag teacht salach ar a chéile. Ach ní ghlacfainn leis go bhfuil dochar á dhéanamh ag an Údarás don Ghaeilge. Tá a ndícheall á dhéanamh acu chun an Gaeilge a chur chun cinn taobh le taobh le fostaíocht agus forbairt eacnamaíochta. Ach tá fadhb ann.

Comment on this