Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Deontais do Cheantair Iargúlta.
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil a fhios aige gur ábhar imní do phobal na Gaeltachta an ráiteas ón Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta go gcuirfear deireadh leis na deontais bhreise atá á bhfáil ag na ceantair iargúlta le tionscail a bhunú agus an inseoidh sé an mbeidh an treoir chéanna á tabhairt maidir le deontais a bheas á gcur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta.
Comment on this
Níl sé beartaithe laghdú a dhéanamh ar na rátaí deontais a bhíonn le fáil ó Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le tionscail i gceantair Ghaeilge.
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil imní ar dhaoine de bharr an ráitis nach mbeidh aon cheist ach go mbeidh laghdú feasta ar na deontais a bhí le fáil le haghaidh tionscal sna ceantair iargúlta? An n-aontódh sé gur stop sé sin daoine ag dul isteach sa Ghaeltacht le tionscail a bhunú ar mhaithe le muintir na Gaeltachta?