We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil
‹ Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Deontais do Cheantair Iargúlta.

Gaeltacht industrial grants

Summary

Gallagher asks whether remote-area grant reductions will affect Gaeltacht industries and deter investment. Dukes says there are no plans to reduce Údarás na Gaeltachta grant rates and rejects that interpretation of the statement.

Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil a fhios aige gur ábhar imní do phobal na Gaeltachta an ráiteas ón Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta go gcuirfear deireadh leis na deontais bhreise atá á bhfáil ag na ceantair iargúlta le tionscail a bhunú agus an inseoidh sé an mbeidh an treoir chéanna á tabhairt maidir le deontais a bheas á gcur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta.

Comment on this

Níl sé beartaithe laghdú a dhéanamh ar na rátaí deontais a bhíonn le fáil ó Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le tionscail i gceantair Ghaeilge.

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil imní ar dhaoine de bharr an ráitis nach mbeidh aon cheist ach go mbeidh laghdú feasta ar na deontais a bhí le fáil le haghaidh tionscal sna ceantair iargúlta? An n-aontódh sé gur stop sé sin daoine ag dul isteach sa Ghaeltacht le tionscail a bhunú ar mhaithe le muintir na Gaeltachta?

Comment on this

Ní aontaím. Má léann an Teachta an ráiteas atá i gceist aige feicfidh sé nach bhfuil ceist ar bith i dtaobh ísliú deontais in áit ar bith, agus go háirithe nach bhfuil ceist ar bith faoi rátaí deontais a gceantair Ghaeltachta a laghdú.

Comment on this