Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - IDA agus Údarás na Gaeltachta.
- Funding for Údarás na Gaeltachta 4 speeches
Asked whether IDA funds would be transferred to the Authority, the Minister cited a supplementary estimate providing an additional £2.205 million. A follow-up raised 900 potential jobs that the Authority allegedly lacked funds to advance.
Pat the Cope Gallagher, Enda Kenny, Denis Lyons
- IDA representation on the Authority board 3 speeches
Lyons argued that an IDA representative on the Authority’s board could help promote industry in Gaeltacht areas. The Minister said board appointments were a Government decision and defended the current members.
Denis Lyons, Enda Kenny, Denis Gallagher
- Transfer of unused IDA funds 2 speeches
Gallagher urged transferring some IDA funds, which he said were going unspent, to help the Authority create jobs. The Minister again pointed to the supplementary estimate providing over £2 million.
Denis Gallagher, Enda Kenny
d'Aire na Gaeltachta ar tharla aon chomhráití leis an IDA maidir le hairgead a aistriú chuig Údarás na Gaeltachta agus an dtabharfaidh sé ráiteas fá dtaobh de.
Comment on this
Bhí iarrachtaí leanúnacha ar bhonn leathan ar siúl le tamall anuas maidir le caipiteal vótáilte breise d'Údarás na Gaeltachta i mbliana agus ghlac an Dáil le Meastachán Forlíontach ar 4 Nollaig faoina mbeidh caipiteal vótáilte breise de £2,205,000 ar fáil don eagraíocht sin i 1986.
Comment on this
I dtaca leis an cheist seo b'fheidir nach raibh a fhios aige nó b'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Aire seo gur chuir mé ceist chuig a chara, an tAire Tionscail agus Tráchtála an tseachtain seo caite mar gheall ar Roinn na Gaeltachta agus dúirt sé gur ceist do Aire na Gaeltachta é. Táim anois ag fiafraigh den Aire Stáit an aontaíonn sé liom go bhfuil 900 postanna ar fáil sna Gaeltachtaí ach nach bhfuil an t-airgead ag an Údarás chun na postanna sin a chur chun cinn. An bhfuil eolas faoi ag an Aire Stáit?
Comment on this
Tá an cheist ag iarraidh eolais faoí airgead a aistriú ó Roinn eile go dtí Roinn na Gaeltachta. Táim ag rá gur ghlac an Dáil le déanaí le Meastachán Forlínteach chun £2 milliún eile a chur ar fáil don Roinn i mbliana.
Comment on this
Cad a cheapann an tAire faoin cheist a bhí agam an tseachtain seo caite? Níl aon duine ón IDA ar bhord an Údaráis. An gceapann an tAire gur fearr go mbeadh duine ón IDA ar bhord an Údaráis ionas go bhféadfaidís tionscail a chur ar aghaidh sna Gaeltachtaí? Nach droch an rud é nach bhfuil duine dá leithéid ar an Údarás? Bhíodh duine mar sin ann.
Comment on this
Níl a fhios agam an bhfuil an Teachta ag rá nach oiriúnach na daoine atá ag freastal ar bhord an Údaráis faoi láthair. Sílim go bhfuil anbhaint acu le comharchumainn ar fud na tíre. Sin cinneadh an Rialtais agus tá sé ann le fada an lá.
Comment on this
An n-aontódh an tAire go bhfuil sé amaideach go mbeadh an tÚdarás fágtha gan airgead i gcaitheamh na bliana seo le postanna a chur ar fáil agus san am céanna nach raibh an t-airgead a bhí ag an IDA á chaitheamh. Agus an n-aontódh sé go mbeadh sé ciallmhar go bhféadfaí scair den airgead sin atá ag an IDA nó a bhí ag an IDA i gcaitheamh na bliana seo a thabhairt don Údarás le postanna a chur chun cinn, rud nár tharla.