Funding for Údarás na Gaeltachta
Asked whether IDA funds would be transferred to the Authority, the Minister cited a supplementary estimate providing an additional £2.205 million. A follow-up raised 900 potential jobs that the Authority allegedly lacked funds to advance.
d'Aire na Gaeltachta ar tharla aon chomhráití leis an IDA maidir le hairgead a aistriú chuig Údarás na Gaeltachta agus an dtabharfaidh sé ráiteas fá dtaobh de.
Comment on this
Bhí iarrachtaí leanúnacha ar bhonn leathan ar siúl le tamall anuas maidir le caipiteal vótáilte breise d'Údarás na Gaeltachta i mbliana agus ghlac an Dáil le Meastachán Forlíontach ar 4 Nollaig faoina mbeidh caipiteal vótáilte breise de £2,205,000 ar fáil don eagraíocht sin i 1986.
Comment on this
I dtaca leis an cheist seo b'fheidir nach raibh a fhios aige nó b'fhéidir go bhfuil a fhios ag an Aire seo gur chuir mé ceist chuig a chara, an tAire Tionscail agus Tráchtála an tseachtain seo caite mar gheall ar Roinn na Gaeltachta agus dúirt sé gur ceist do Aire na Gaeltachta é. Táim anois ag fiafraigh den Aire Stáit an aontaíonn sé liom go bhfuil 900 postanna ar fáil sna Gaeltachtaí ach nach bhfuil an t-airgead ag an Údarás chun na postanna sin a chur chun cinn. An bhfuil eolas faoi ag an Aire Stáit?