We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaelscoileanna Nua.

den Aire Oideachais an bhfuil iarratais nua faighte ag an Roinn chun Gaelscoileanna nua a bhunú sa scoil-bhliain ag tosú i Meán Fómhair 1987.

Comment on this
Frank Fahey Aire Stáit ag an Roinn Oideachais (Mr. F. Fahey) Fianna Fáil

Tá trí iarratas nua faighte ag an Roinn chun Gaelscoileanna náisiúnta a bhunú ó Meáan Fomhair 1987.

(i) Oileán Chiarraí, Contae Chiarraí.

(ii) Teach Mealóg (Templeogue) Baile Átha Cliath.

(iii) Baile Mhuineacháin.

Lena chois sin, tá iarratais faighte ar athbhreithniú ar chásanna Rinn Mhathain agus Parklands i gCorcaigh agus Cnoc Theas i Luimneach, ar diúltaíodh aitheantas dóibh anuraidh.

Comment on this

An féidir leis an Aire a insint dúinn cathain a bheidh an t-athbhreithniú sin críochnaithe ar na trí bunscoileanna lán-Ghaelacha a luaigh sé?

Comment on this

Ní doigh liom go dtógfaidh sé i bhfad chun an t-athbhreithniú seo a chur chun cinn. Tá sé ar bun sa Roinn agus beidh toradh chomh luath agus is féidir. Brathfaidh toradh na niarratas ar líon na ndaltaí, ar an chóiríocht atá ar fáil agus lé saoráidí atá sa cheantar le haghaidh oideachais trí Ghaeilge.

Comment on this

Tá a fhios agam go bhfuil siad ag feidhmiú go neamhoifigiúil i láthair na huaire. An féidir leis an Aire a chur in iúl go mbeidh an ceadú acu roimh mhí Mheán Fhómhair?

Comment on this

Ní féidir liom dáta a chur ar na discussions atá ar siúl ag an am seo.

Comment on this

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl an méid iarratas a fuarthas anuraidh agus an méid ar tugadh aitheantas dóibh agus an bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na cinn nach bhfuair aitheantas ach a raibh a n-iarratais istigh acu anuraidh?

Comment on this

Léigh mé amach na trí scoileanna nár tugadh aitheantas dóibh anuraidh. Tá siadsan faoi cheist againn anois agus tá súil againn go mbeimid in ann scéal a chur chuig na scoileanna seo sar i bhfad.

Comment on this