New Gaelscoileanna applications and reviews
The Department received three applications to establish Gaelscoileanna for September 1987 and is reviewing three schools previously denied recognition. The Minister gave no completion date; decisions will consider pupil numbers, accommodation and local Irish-medium facilities, with a response promised as soon as possible.
den Aire Oideachais an bhfuil iarratais nua faighte ag an Roinn chun Gaelscoileanna nua a bhunú sa scoil-bhliain ag tosú i Meán Fómhair 1987.
Comment on this
Tá trí iarratas nua faighte ag an Roinn chun Gaelscoileanna náisiúnta a bhunú ó Meáan Fomhair 1987.
(i) Oileán Chiarraí, Contae Chiarraí.
(ii) Teach Mealóg (Templeogue) Baile Átha Cliath.
(iii) Baile Mhuineacháin.
Lena chois sin, tá iarratais faighte ar athbhreithniú ar chásanna Rinn Mhathain agus Parklands i gCorcaigh agus Cnoc Theas i Luimneach, ar diúltaíodh aitheantas dóibh anuraidh.
Comment on this
An féidir leis an Aire a insint dúinn cathain a bheidh an t-athbhreithniú sin críochnaithe ar na trí bunscoileanna lán-Ghaelacha a luaigh sé?
Comment on this
Ní doigh liom go dtógfaidh sé i bhfad chun an t-athbhreithniú seo a chur chun cinn. Tá sé ar bun sa Roinn agus beidh toradh chomh luath agus is féidir. Brathfaidh toradh na niarratas ar líon na ndaltaí, ar an chóiríocht atá ar fáil agus lé saoráidí atá sa cheantar le haghaidh oideachais trí Ghaeilge.
Comment on this
Tá a fhios agam go bhfuil siad ag feidhmiú go neamhoifigiúil i láthair na huaire. An féidir leis an Aire a chur in iúl go mbeidh an ceadú acu roimh mhí Mheán Fhómhair?
Comment on this
An bhféadfadh an tAire a chur in iúl an méid iarratas a fuarthas anuraidh agus an méid ar tugadh aitheantas dóibh agus an bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na cinn nach bhfuair aitheantas ach a raibh a n-iarratais istigh acu anuraidh?