We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeltacht Road Grants.

asked the Taoiseach the amount of road improvement grants available to Gaeltacht areas in 1987; and when allocations will be notified to the local authorities in Gaeltacht areas.

Comment on this
Denis Gallagher Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta (Mr. D. Gallagher) Fianna Fáil

Soláthar £200,000 atá ar fáil do mo Roinnse le caitheamh ar bhóithre i mbliana. Tá £79,624 de sin geallta cheana féin do thograí a ceadaíodh i 1986 ach nach ndearnadh le linn na bliana sin agus do thograí áirithe a ceadaíodh níos luaithe i mbliana.

Tá oifigigh áitiúla de chuid mo Roinnse i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla éagsúla i ndáil le meastacháin costais a fháil do bhóithre áirithe faoi láthair. A luaithe a gheofar na meastacháin costais sin ullmhófar liostaí de bhóithre in ord fiúntais do gach contae. Déanfar cinneadh ansin maidir leis na deontais eile atá le ceadú as soláthar na bliana seo.

Comment on this

An bhfuil an tAire in ann a rá cé mhéid den airgead sin a bheas ag dul go dtí Gaeltachta Chontae na Gaillimhe?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Níl mé in ann é sin a rá faoi láthair.

Comment on this

An bhfuil an tAire ag rá nach bhfuil ach £120,000 ar fáil aige do gach contae in a bhfuil ceantair Ghaeltachta agus más fior é sin is beag airgead a bhéas fágtha le haghaidh na mbóithre úafásacha i gConamara a dheisiú i mbliana?

Comment on this
Denis Gallagher Mr. D. Gallagher Fianna Fáil

Suim £200,000 a cuireadh ar fáil i mbliana agus, mar a dúirt mé, tá £79,000 de sin ceadaithe do oibreacha cheana. Beidh £200,000 á chaiteamh i mbliana sna Gaeltachtaí.

Comment on this